Tamaulipas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilTamaulipas
Bratach
Bratach

Suíomh
Map
 24°17′14″N 98°33′48″W / 24.2872°N 98.5633°W / 24.2872; -98.5633
Stát ceannasachMeicsiceo Cuir in eagar ar Wikidata

PríomhchathairCiudad Victoria Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán3,441,698 (2015) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús42.93 hab./km²
Tíreolaíocht
Cuid deNorthern Mexico (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla80,175 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceMurascaill Mheicsiceo agus Río Bravo Cuir in eagar ar Wikidata
Airde126 m Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Cruthú1824
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht reachtachComhdháil Tamaulipas Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist87-89 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Cód ISO 3166-2MX-TAM Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáintamaulipas.gob.mx Cuir in eagar ar Wikidata

Is ceann de na 31 stát de chuid Mheicsiceo é Tamaulipas, agus é suite in oirthuaisceart na tíre. Tá Tamaulipas ag críochántaíocht le Texas, sna Stáit Aontaithe, sa tuaisceart, le Murascaill Mheicsiceo ar a thaobh thoir, le stát Veracruz san oirdheisceart, le San Luis Potosí san iardheisceart, agus le Nuevo León san iarthar. Is é Ciudad Victoria an phríomhchathair agus is é Reynosa an chathair is mó. Bhí 3,374,200 duine ina gcónaí ann sa bhliain 2012.

An fásra in Tamaulipas, sléibhte na Sierra Madre Oriental sa chúlra

Tá an trádáil níos tábhachtaí ná aon chuid eile de gheilleagar an stáit. Tá 15 pointe trasnaithe ar an teorainn leis na Stáit Aontaithe. Is é Nuevo Laredo an ceann is tábhachtaí. Téann 28% de thrácht thrádála NAFTA tríd agus an droichead idir é agus na Stáit Aontaithe, is é an droichead idirnáisiúnta is mó tráchta ar domhan. Lena chois sin tá dhá chalafort thábhachtacha ann, Tampico agus Altamira. Tá Tampico suite ar an mbruach thuaidh den abhainn Pánuco agus tá scaglann mór ola de chuid PEMEX ann. Táirgí peitril sa chuid is mó a théann tríd an gcalafort úd. Earraí saothraithe de gach aon chineál a théann trí Altamira. San iomlán aistrítear 30% d'earraí trádála Mheicsiceo leis an gcoigríoch trí Tamaulipas.

Príomhbhealach isteach i gcalafort Tampico

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Suíomh oifigiúil Curtha i gcartlann 2015-02-14 ar an Wayback Machine an stáit, arna rochtain ar 14 Feabhra 2015 (es)