Aerloingseoireacht
Appearance
An ealaín a ghabhann le stiúradh eitleán is ea aerloingseoireacht[1] nó an réimse eolais a chuireann síos ar eitleáin mar réada a chloíonn le dlíthe na fisice. Pléann sí leis an aerárthach féin agus a iompar faoi chúinsí éagsúla, ní lena fheidhmeanna trádálacha.
Bíonn dearadh struchtúr is neart an eitleáin i gceist, modhanna chun fórsa ardaithe a ghiniúint, na hinnill, córais leictreonacha chun an t-aerárthach a rialú, a dhíriú is a ionramháil, an feisteas tuirlingthe agus eile.
Tagann a thógáil is a choimeád san áireamh freisin, agus an loingseoireacht len é a dhíriú go sábháilte ó aerfort go haerfort faoi chúinsí éagsúla aimsire.[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "An Foclóir Beag: aerloingseoireacht" (en). www.teanglann.ie. Dáta rochtana: 2022-08-19.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Aerloingseoireacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 12.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |