Washington

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilWashington
State of Washington (en) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«by and by»
«Alki» Cuir in eagar ar Wikidata
Siombail oifigiúilWashington state tartan (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
LeasainmThe Evergreen State Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósGeorge Washington Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 47°30′N 120°30′W / 47.5°N 120.5°W / 47.5; -120.5
Stát ceannasachStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata

PríomhchathairOlympia Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán7,705,281 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús41.69 hab./km²
Líon na dteaghlach2,905,822 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga oifigiúilluach ar iarraidh Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid dena Stáit Aontaithe comhtheagmhálacha Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla184,827 km² Cuir in eagar ar Wikidata
• Uisce6.79 % Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceAn tAigéan Ciúin, Abhainn Columbia, Strait of Georgia (en) Aistrigh, Haro Strait (en) Aistrigh agus Strait of Juan de Fuca (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Airde520 m Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeMount Rainier (en) Aistrigh (4,392 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is ísleAn tAigéan Ciúin Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síWashington Territory (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú11 Samhain 1889
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht feidhmiúcháinRialtas Washington Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachReachtas Washington Cuir in eagar ar Wikidata
• Gobharnóir Washington Cuir in eagar ar WikidataJay Inslee (2013–) Cuir in eagar ar Wikidata
Údarás breithiúnach is airdeCúirt Uachtarach Washington Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Cód ISO 3166-2US-WA Cuir in eagar ar Wikidata
ID GNIS1779804 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinwa.gov Cuir in eagar ar Wikidata

Stát atá suite in iarthuaisceart SAM is ea Washington. Olympia an phríomhchathair agus is é Seattle an chathair is mó. Bhí 6.7 milliún duine ina gcónaí dar leis an daonáirimh sa bhliain 2010. Cónaíonn timpeall ar 60% den daonra i mórcheantar Seattle. Tá a lán foraoisí, aibhneacha, altán, agus sléibhte sa stát. Is é Jay Inslee (Páirtí Daonlathach) gobharnóir an stáit. Úsáidtear an giorrúchán WA don phost.

Tíreolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tacoma, Washington agus Cnoc Rainier sa chúlra

Tá stát Washington suite in iarthar Mheiriceá Thuaidh ar an Aigéan Ciúin, ar lár thuaidh an chósta. Tá sé ag críochantacht le Oregon ar a thaobh theas, le Idaho ar a thaobh thoir, agus leis an Cholóim Bhriotanach, i gCeanada, ar a thaobh thuaidh. Tá an tAigéan Ciúin laistiar den stát. Is é Washington an stát Meiriceánach is faide siar ó thuaidh de na 48 stát atá teorannach le chéile. An Pacific Northwest a thugtar ar Washington agus Oregon le chéile (cuirtear Idaho in éineacht leo, go minic, agus fiú codanna eile d’iarthar na tíre).

Síneann an sliabhraon Cascade ó dheas ó thuaidh, an stát dealaithe ina dhá leath aige. Tá aeráid mhuirí sa leath thiar: bíonn sé fliuch séimh ansin sa gheimhreadh, san earrach, agus san fhómhar, agus tirim sa samhradh. Insna Sléibhte Oilimpeacha, in iarthuaisceart an stáit, titeann an oiread sin báistí (150–200 orlach sa bhliain) gurb é an t-aon áit sna 48 stát ina bhfuil foraoisí báistí aeráide measartha. Tá aeráid thirim san oirthear an bhliain ar fad: ar Chaomhnú Hanford, faoi scáth na gCascades, ní thiteann ach 6–7 orlach sa bhliain.

Tá cúig bholcán mhóra sa sliabhraon Cascade Mount Baker, Glacier Peak, Mount Rainier, Mount Saint Helens, and Mount Adams, iad go léir beo, gí nach bhfuil siad gníomhach faoi láthair. Bhrúcht Mount St. Helens sa bhliain 1980. Is é Mount Ranier an sliabh is airde i stát Washington: tá sé 14,411 troigh ar airde, nó 4,393 méadar.

Cnoic Palouse, taobh thiar theas de Walla Walla. Dumhcha siolta iad a cruthaíodh sna hoighearaoiseanna.

Contaetha in Washington[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bailte agus cathracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Teangacha atá á úsáid sa stát[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2010 ba é Béarla an príomhtheanga do 82.51% (5,060,313) de dhaonra Washington.

10 teangacha (seachas Béarla) is comónta i Washington
Teanga % de dhaonra Washington
(Sa bhliain 2010)
Spáinnis 7.79%
Sínis 1.19%
Vítneaimis 0.94%
Tagálaigis 0.84%
Cóiréis 0.83%
Rúisis 0.80%
Gearmáinis 0.55%
Seapáinis 0.39%
Fraincís 0.33%
Úcráinis 0.27%

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

I Washington a fuarthas cnámha Kennewick Man, ceann de na creatlaigh is sine agus is iomláine dár thángthas riamh uirthi i Meiriceá Thuaidh.[1] Bhí na cuaillí tótam, mascanna agus curaigh ag Indiaigh Washington snoite go hornáideach, cosúil leis na cinn ag na treibheanna níos faide ó thuaidh, sa Cholóim Bhriotanach. Bhí iascaireacht an bhradáin tábhachtach i saol na Meiriceánach bundúchasach, agus seilg na míolta móra i measc na Makah. Bhí slí bheatha dhifriúil ag na pobail intíre, í bunaithe ag an tsealgaireacht, cnuasach bia agus beagán curadóireachta. Bhraith siad freisin ar bhradáin ón Abhainn Columbia agus ó na craobh-aibhneacha. I mí Eanáir na bliana 1700 bhuail Crith Talún Cascadia iarthar Washington; rinne an súnámaí mór a tháinig i ndiaidh an chrith talún an-treascairt ar an gcósta agus ar na daoine a bhí ina gcónaí ann. Rinne ráig chalair na 1770idí an-scrios ar na hIndiaigh.

Chuir na Spáinnigh taiscéalaithe feadh an chósta thiar de Mheiriceá Thuaidh san dara leath den 17ú haois. Bhí trádálaithe fionnaidh ón Rúis curtha fúthu in Alasca, agus bhí na Spáinnigh ag iarraidh cósta thiar Mheiriceá Thuaidh a éileamh dóibh féin sula mbeadh seans ag na Rúisigh seilbh a ghlacadh ar na bólaí sin rompu. Ba iad beirt Spáinneach, Bruno Heceta agus Juan Francisco de la Bodega y Quadra, mar sin na chéad Eorpaigh dár leag cos ar chósta Washington.

Gaisteoir fionnaidh sa 19ú haois i gceantar Mount Saint Helens

Ní raibh sé i bhfad áfach gur bhain na Sasanaigh cósta thiar thuaidh Mheiriceá Thuaidh amach freisin, agus na Meiriceánaigh ar a sála. Tháinig an Captaen James Cook, taiscéalaí Sasanach cáiliúil, sa bhliain 1778, ach mar gheall ar an drochaimsir a bhí ann, ní dheachaigh sé i dtír. Tháinig Sasanach eile, George Vancouver, sa bhliain 1792, agus rinne sé suirbhéireacht ar Shunda Puget agus ar Mhurascaill Georgia. Chuir comhlacht i mBostún an Captaen Robert Gray chuig Washington le trádáil ar son fionnadh. Bhain sé béal Abhann na Columbia amach sa bhliain 1792 agus as sin a d'éiligh na Stáit Aontaithe teideal ar an réigiún den chéad uair. Bunús an dara héileamh Meiriceánach air ná an tsluaíocht Lewis agus Clark. Thrasnaigh siad seo na Sléibhte Creagacha sa bhliain 1805 agus lean siad an Abhainn Snake siar go dtí an cósta. Threisigh na Briotanaigh, áfach, a n-éileamh acusan ar an réigiún idir 1807 agus 1811 mar gheall ar an taiscéalaíocht a rinne David Thompson, Ceanadach, ann.

Chuir na Briotanaigh agus na Meiriceánaigh lonnaíochtaí ar siúl, mar shampla Spokane House, bunaithe ag an North West Company in oirthear Washington sa bhliain 1810, agus Fort Okanogan, bunaithe ag comhlacht John Jacob Astor, an bhliain ina dhiaidh sin. Trádáil i bhfionnaidh a bhí i gceist sa dá chás. Ní raibh an dá thír ábalta teorainn a shocrú sa limistéir taobh thiar de na Sléibhte Creagacha, ach sa bhliain 1818 síníodh conradh eatarthu (Conbhinsiún Angla-Mheireacánach na bliana 1818), a thug cead do shaoránaigh Bhriotanacha agus Mheiriceánacha araon a bheith gníomhach ann. Críoch Oregon an t-ainm a bhí ar an limistéir úd. D'éirigh an Spáinn as a cearta sa réigiún sa bhliain 1819.

Mhair an comhrialú Angla-Mheiriceánach seo ar feadh tamaill fhada ach níor éirigh leis an dá thír teorainn a shocrú. Cnámh spairne cheart a bhí ann sa deireadh—[Domhanleithead] "50-40 nó troid!" an sluán a bhí ag daoine sna Stáit Aontaithe, rud a d'fhágfadh an teorainn beagnach chomh fada ó thuaidh le hAlasca. Rinne na Briotanaigh iarracht a gcoilínigh féin a chur fúthu san iarthuaisceart, fiú san áit ina bhfuil Washington anois. Ar 15 Meitheamh 1846 ghlac an Bhreatain Mhór agus na Stáit Aontaithe le domhanleithead 49 mar an teorainn idirnáisiúnta.

Yesler Way, Seattle, 1887. Dódh na foirgnimh seo ar fad sa dóiteán mór in Seattle sa bhliain 1889.

D'iarr na lonnaitheoirí i dtuaisceart Chríoch Oregon ar an rialtas feidearálach a gcríoch féin a bheith acu agus rinneadh amhlaidh sa bhliain 1853. Washington a baisteadh ar an gcríoch nua. Bhí tuaisceart Idaho agus codanna d'iarthar Montana mar chuid de Chríoch Washington freisin. Níor ghlac an chríoch páirt i gCogadh Cathartha na Stát Aontaithe sna 1860idí. Ar 11 Samhain 1889 glacadh Washington mar an 42ú stát.

Bhí cogaíocht ar siúl idir na hIndiaigh agus na lonnaitheoirí sna blianta 1855–1858. Sa bhliain 1883 nascadh Washington le oirthear Mheiriceá le iarnród.

Rinneadh forbairt iarthuaisceart Mheiriceá a cheiliúradh agus a chur chun cinn leis an Taispeántas Alaska-Yukon-Pacific in Seattle sa bhliain 1909. Críochnaíodh Damba Grand Coulee sa bhliain 1942. Shínígh na Stáit Aontaithe agus Ceanada Conradh Abhann na Columbia sa bhliain 1961 agus chuaigh sé i bhfeidhm sa bhliain 1964, rud a chuir le geilleagar an réigiún ar an dá thaobh den teorainn.

Cuireadh taispeántas domhanda ar siúl arís sa bhliain 1962 (Century 21 an t-ainm a bhí air) agus ceann eile fós i 1974 (Expo ’74). In Seattle a bhí an dá thaispeántas araon.

Ar an 18 Bealtaine 1980, bhrúcht Mount St. Helens. Cailleadh 57 duine agus rinneadh an-damáiste in iardheisceart an stáit.

Toghadh Gary Locke den Pháirtí Daonlathach mar ghobharnóir Washington sa bhliain 1996. Eisean an chéad duine de shliocht Síneach ina ghobharnóir stáit sna Stáit Aontaithe. Fuair Christine Gregoire (D) an bua sa rás don phost céanna sa bhliain 2005, i ndiaidh achrann as an gnáth.

Tógadh an Space Needle (605 troigh nó 184m ar airde) mar chuid de Century 21 sa bhliain 1962. Tarraingíonn sé cuairteoirí go dtí an lá inniu.

Eacnamaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá a lán tionscal agus gnólachtaí gníomhach i ngeilleagar Washington: dearadh agus déantús aerárthach (Boeing), gluaisiteán (Paccar), forbairt bogearraí (Microsoft, Bungie, Amazon.com, Nintendo of America), teileacom (T-Mobile USA), leictreonaic, bith-theicneolaíocht, táirgeadh alúmanaim, adhmad agus táirgí a dhéantar de (Weyerhaeuser), mianadóireacht, táirgeadh agus dáileadh deochanna (Starbucks), slabhraí miondíola (Nordstrom, Eddie Bauer, Costco), agus turasóireacht (Alaska Airlines, Expedia). Gineann beagán breis is míle damba méid mór cumhachta leictrigh. Mar gheall ar na calafoirt ar Shunda Puget, déantar a lán trádála le tíortha na hÁise.

Tá Washington i measc na 7 stát nach bhfuil cáin ioncaim acu. Ní ghearrtar cáin ioncaim ar ghnólachtaí ach oiread. Tá cánacha eile ann, áfach. Mar shampla, cruinnítear cáin ar dhíolachán earraí agus seirbhísí. Is é 6.5% an ráta stáit agus cuireann na bailte leis an méid sin (9.5% in Seattle agus áiteanna eile).

Ba SAM$338,334 milliún an olltáirgeacht stáit (GSP) a bhí ag Washington sa bhliain 2009.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Kennewick Man Skeletal Find May Revolutionalize Continent's History" Science Daily, 2006 (faighte ar 16 Lún. 2014) agus "The 9,000-Year-Old-Man Speaks" Douglas Preston, Smithsonian (Meán Fómhair 2014), 52–63

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]


Stáit Aontaithe Mheiriceá Bratach
Stáit: Alabama | Alasca | Arizona | Arkansas | California | Carolina Theas | Carolina Thuaidh | Colorado | Connecticut | Dakota Theas | Dakota Thuaidh | Delaware | Florida | Georgia | Haváí | Idaho | Illinois | Indiana | Iowa | Kansas | Kentucky | Louisiana | Maine | Maryland | Massachusetts | Michigan | Minnesota | Mississippi | Missouri | Montana | Nebraska | Nevada | New Hampshire | New Jersey | Nua-Mheicsiceo | Nua-Eabhrac | Ohio | Oklahoma | Oregon | Pennsylvania | Oileán Rhode | Tennessee | Texas | Utah | Vermont | Virginia | Virginia Thiar | Washington | Wisconsin | Wyoming