Microsoft
Jump to navigation
Jump to search
Microsoft Corporation | |
![]() | |
Saghas comhlachta | Comhlacht poiblí (NASDAQ: MSFT) |
Bunaithe | 1975 |
Suíomh | Redmond, Washington, SAM |
Tír (Tíortha) | {{{tír}}} |
Daoine lárnacha | Bill Gates, Paul Allen, Steve Ballmer |
Méid fostaithe | 101,914 (March 2014) |
Tionscail | Bogearraí ríomhaireachta Foilsitheoireacht Crua-earraí ríomhaireachta |
Láithreán gréasáin | microsoft.com |
Is é Microsoft an comhlacht bogearraí is mó ar domhan. Bhunaigh Paul Allen agus Bill Gates é i 1975. Tá bogearraí Microsoft le fáil i bhformhór na ríomhairí pearsanta ar fud an domhain. Is éard is cúis leis sin greim chomh docht sin a bheith ag Microsoft ar mhargadh na gcóras oibriúcháin trí chóras Windows agus trí Microsoft Office go háirithe. Ar na táirgí atá ar fáil tá an próiseálaí focal Microsoft Word, an scarbhileog Microsoft Excel, an pacáiste taispeántais Microsoft Powerpoint agus an bunachar sonraí Microsoft Access.
Tá ceanncheathrú an chomhlachta in Redmond, Washington, SAM. Tá a cheanncheathrú Eorpach in Áth an Ghainimh, Baile Átha Cliath.