Skype
| Cineál | guthán VoIP, aip shoghluaiste, cliant teachtaireachtaí meandracha, bogearra agus suíomh gréasáin |
|---|---|
| Bunleagan | Lúnasa 2003 |
| Leagan bogearraí | |
| Seánra | cliant teachtaireachtaí meandracha agus VoIP |
| Ceadúnas | ceadúnas dílsithe |
| Múnla gnó | freemium (en) |
| Ar fáil sa | |
| Aicmiú ar Alexa | 413 |
| Saintréithe teicniúla | |
| Córas oibriucháin | Microsoft Windows, macOS, Android, iOS, Symbian, Guthán Windows, Linux, BlackBerry OS agus webOS |
| Ardán | iOS, Windows, Android agus Linux |
| Scríofa i | Delphi, Objective-C, C++ agus Object Pascal |
| Formáid comhaid don léamh | |
| Formáid comhaid don scríobh | |
| Leabharlann an comhéadan feidhmchláir | Qt |
| Foireann | |
| Cruthaitheoir/í | Niklas Zennström, Janus Friis, Ahti Heinla, Priit Kasesalu, Jaan Tallinn agus Toivo Annus |
| Forbróir(í) | Skype Technologies (en) |
Foinsí cóid | |
| Tuilleadh eolais | |
| Láithreán Gréasáin | skype.com (ilteangacha) |
| CA. Subreddit | skype |
|
| |
Ba bhogearra nó aip é Skype (a fhuaimnítear mar scaidhp /ˈskaɪp/), de chuid Microsoft. Lig Skype do dhaoine glaoch a chur ar dhaoine eile saor in aisce (an chuid is mó) tríd an ngréasán domhanda, cosúil le Whatsapp níos déanaí.



Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cuireadh Skype ar an margadh sa bhliain 2003. Bhunaigh Niklas Zennström (Sualannach) agus Janus Friis (Danmhargach) an comhlacht. hí ceanncheathrú Skype i Lucsamburg ag an am. Forbróirí na bogearraí: Ahti Heinla, Priit Kasesalu, agus Jaan Tallinn (ón Eastóin).
- Cheannaigh eBay Skype in 2005 ar thart ar $2.6 billiún
- Cheannaigh grúpa infheisteoirí é in 2009
- Cheannaigh Microsoft é in 2011 ar $8.5 billiún. Ba cheannach mór é seo do Microsoft - bhí siad ag iarraidh iomaíocht a dhéanamh le Google agus Apple i réimse na cumarsáide.[1]
Teicneolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí daoine in ann Skype a shuiteáil ar ríomhairí nó ar ghutháin shoghluaiste, agus a chur glaoch ar "ghnáthghutháin" freisin (na hoibritheoirí reatha líne seasta); bhí na "cianghlaochanna" saor in aisce fiú, rud a bhí réabhlóideach sna 2000idí.
Bhí daoine ábalta comhaid a sheoladh agus físchomhdháil a reáchtáil ar Skype fiú. B'éigean na táillí a bhain leis na glaonna a íoc uaireanta. Bhí an teicneolaíocht bunaithe ar chumarsáid idir phiaraí (P2P), rud a lig do ghlaonna oibriú gan freastalaithe lárnach.
Bhain na milliúin daoine úsáid as Skype gach lá. Thosaigh Skype ag iomaíocht le WhatsApp sna 2010idí. Le teacht Zoom, Microsoft Teams, agus seirbhísí eile, chaill Skype a slí
Dhún Microsoft "Skype for Business" in 2021. Dhún Microsoft Skype in 2024 (chuir Microsoft roinnt feidhmeanna Skype isteach in Teams).
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "A Brief History of Skype - the peer to peer messaging service" (en-gb). content.dsp.co.uk. Dáta rochtana: 2025-10-27.