Teanga ríomhchlárúcháin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tugtar teanga ríomhchlárúcháin ar theanga shaorga ar bith a úsáidtear chun meaisín, ach go háirithe ríomhaire, a stiúradh. Cosúil le teangacha daonna, tá rialacha na comhréire is na séimeantaice ag baint le teangacha ríomhchlárúcháin.

Cuspóir[athraigh | athraigh vicithéacs]

Úsáidtear teangacha ríomhchlárúcháin don chuid is mó chun treoracha a sholáthar do ríomhaire.

Stair[athraigh | athraigh vicithéacs]

Is ón ré réamh-ríomhaireachta iad na chéad teangacha ríomhchlárúcháin. I rith an 19ú haois rinneadh forbairt ar sheolta agus ar phianónna meicniúla a bhí "in-ríomhchláraithe". Glactar leis gurbh iad nótaí Ada Lovelace chun uimhreacha Bernoulli a ríomh ar an Inneall Anailíse a cheap Babbage an chéad shampla de ríomhchlár, cé nach teanga ríomhchlárúcháin fhoirmiúil a bhí i gceist. I 1936 thug forbairt meaisín Turing foirm theoiriciúil do theanga ríomhchlárúcháin. Le linn na 1940í tháinig na chéad ríomhairí leictreacha ar an saol agus glactar leis an dteanga a úsáidtear orthu, meaisínchód, mar an chéad ghlúin teangacha. Oibríonn an meaisínchód ar leibhéal an mheaisín agus úsáidtear 1 agus 0 chun an ríomhaire a chlárú. Tháinig an dara glúin, díolamóir, chun cinn i rith na 1950í. Idir na 1950í is na 1960í rinneadh forbairt ar na teangacha den tríú glúin, ina measc siúd FORTRAN, LISP agus COBOL. Is iad seo foinse an chuid is mó de na teangacha nua-aimseartha a úsáidtear inniu.

Teangacha tiomsaithe agus teangacha léirmhínithe[athraigh | athraigh vicithéacs]

Ranganna Teangacha[athraigh | athraigh vicithéacs]

teanga ordaitheach[athraigh | athraigh vicithéacs]

struchtúrtha[athraigh | athraigh vicithéacs]

bunaithe ar oibiachtaí[athraigh | athraigh vicithéacs]

teanga fheidhmiúil[athraigh | athraigh vicithéacs]

teanga fhógrach[athraigh | athraigh vicithéacs]