Ada Lovelace
Ba mhatamaiticeoir is scríbhneoir í Augusta Ada King, Countess of Lovelace (10 Nollaig 1815 – 27 Samhain 1852), a rugadh mar Augusta Ada Byron.
Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ba iníon leis an bhfile Lord Byron agus Anne Isabella Milbanke í
Tá aithne ar Lovelace go príomha mar gheall ar an gcur síos a scríobh sí ar an Inneall Anailíse a cheap Charles Babbage. Meastar gurb iad a nótaí faoin Inneall an chéad algartam a scríobhadh do mheaisín. Mar sin, ceaptar gurb í an chéad ríomhchláraitheoir í. Thuig sí go raibh ríomhairí in ann níos mó a dhéanamh ná suimeanna.
Lovelace in Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ní raibh dealbh de bhean ar bith sa Long Room i Leabharlann Choláiste na Tríonóide go dtí 2020, nuair a cuireadh ceithre dhealbh de mhná ann, ina measc Ada Lovelace.[1]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Má Nuad (20 Samhain 2020). "Eleathanach" (368).
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |