1936
Jump to navigation
Jump to search
Blianta: 1933 1934 1935 - 1936 (MCMXXXVI) - 1937 1938 1939 | |
deichniúra: 1900í 1910í 1920í - 1930í - 1940í 1950í 1960í | |
Aois: 19ú haois - 20ú haois - 21ú haois |
Eachtraí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Eanáir 7-10: fuair arm na Iodáile an ceann is fearr ar na hAetópaigh i gcath Ganale Doria i ndeisceart na hAetóipe.
- Cluichí Oilimpeacha an Gheimhridh sa Ghearmáin.
- Feabhra 10-15 Frithionsaí ó na hAetóipigh ar arm na hIodáile i gCath Amba Aradam, ach an bua ag na hIodálaigh
- 16 Feabhra - Bua toghcháin do Fhronta an Phobail sa Spáinn.
- 7 Márta - Chuaigh buíon bheag saighdiúirí ón nGearmáin isteach i dTír na Réine, talamh dímhíleataithe ar an teorainn leis an Fhrainc.
- 11 Aibreán - D'fhoscail Billy Butlin a chéad champa saoire aige, Butlins Skegness, in Lincolnshire, Sasana
- 5 Bealtaine - Ghabh arm na hIodáile Addis Ababa, príomhchathair na hAetóipe.
- 27 Bealtaine - Céad eitilt Aer Lingus
- 4 Meitheamh - Léon Blum tofa ina phríomhaire ar an Fhrainc
- 1 Lúnasa - Thosaigh Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh i mBeirlín na Gearmáine.
- 3 Samhain - Toghchán na huachtaránachta i SAM. Bua éasca ag an uachtarán Franklin D. Roosevelt ar Alf Landon.
Cogadh Cathartha na Spáinne[cuir in eagar | athraigh foinse]
- 19 Feabhra - Cuirtear rialtas ar bun sa Spáinn faoi cheannas Manuel Azaña
- 17 Iúil - Éirí amach an airm sna cóilíneachtaí i Maracó.
- 20 Iúil - Tús an léigir phoblachtaigh ar an Alcázar i dToledo.
- 7 Deireadh Fómhair - fógraíodh Poblacht na mBascach (Euzkadi) i Guernica

Lúnasa, 1936: Bhí na Cluichí Oilimpeacha i mBeirlín ceaptha ag rialtas na Gearmáine mar shárthaispeántas ciníochais, ach chuir rath Jesse Owens sna cluichí céanna a gcuid pleananna in aimhréidh.
Breitheanna[cuir in eagar | athraigh foinse]
- 11 Feabhra – Burt Reynolds, aisteoir Meiriceánach (b. 2018)
- 18 Feabhra – Ciaran Bourke, ceoltóir de chuid na Dubliners
- 28 Márta – Mario Vargas Llosa, duine de na scríbhneoirí is mó le rá i Meiriceá Theas
- 6 Iúil – Dave Allen, fuirseoir Éireannach (b. 2005)
- 29 Lúnasa – John McCain, polaiteoir Meiriceánach (b. 2018)
- 7 Meán Fómhair – Buddy Holly, ceoltóir Meiriceánach (b. 1959)
- 20 Samhain – Don DeLillo, scríbhneoir Meiriceánach
- 29 Nollaig – Mary Tyler Moore, aisteoir Meiriceánach (b. 2017)
Básanna[cuir in eagar | athraigh foinse]
- 15 Lúnasa - Grazia Deledda, scríbhneoir Iodálach (r. 1871)
- 19 Lúnasa - Federico García Lorca, file Spáinneach (r.1898)