Jump to content

LinkedIn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaLinkedIn
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálsuíomh gréasáin
ardán ar líne an-mhór
comhphobal ar líne
seirbhís líonrú sóisialta
eagraíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh28 Nollaig 2002
Bunaitheoir(í)Reid Hoffman agus Konstantin Guericke Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Cuairteoirí in aghaidh na bliana220,400,000 Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
OibreoirLinkedIn Corporation (en) Aistrigh
LinkedIn Ireland (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhoifigeach feidhmiúcháinRyan Roslansky (en) Aistrigh (2020–) Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinhttps://www.linkedin.com
Facebook: LinkedIn Twitter: LinkedIn Instagram: linkedin Youtube: UCKz7zeOOpvAy5qs7sCy7QhA Youtube: LinkedIn Cuir in eagar ar Wikidata

Láithreán líonraithe shóisialta gnó-dhírithe is ea LinkedIn. Tá ceanncheathrú LinkedIn suite in Mountain View, California agus a phríomhoifigí ag 222 Second Street in San Francisco. Tá oifigí eile i roinnt cathracha ar fud an domhain, Baile Átha Cliath san áireamh.

Ceannáras Linked In in Mountain View, California
Pride, BÁC 2019

I mí Márta na bliana 2016, bhí 433 milliún duine cláraithe ann, agus 106 milliún díobh gníomhach. Tá an tseirbhís le fáil in 24 teangacha.

Ar 15 Meitheamh 2016, d'fhógair Microsoft go raibh siad le LinkedIn a cheannach ar $26.2 billiún (₤18 billiún) agus go mbeadh sin curtha i ngníomh acu faoi dheireadh na bliana 2016.[1][2]

Bhí fíneáil €310m gearrtha ag an eagraíocht mhaoirseachta, Coimisiún um Chosaint Sonraí na hÉireann ar LinkedIn ar an 24 Deireadh Fómhair 2024. Gearradh an fíneáil i ndiaidh fiosrúcháin a bhí dírithe ar an tslí a dhéanann an comhlacht próiseáil ar shonraí pearsanta na ndaoine a úsáideann Linked In, ar mhaithe le hanailís a dhéanamh ar a gcuid iompair ar-líne agus fógraíocht a chur ina dtreo. Fuarthas amach gur saraíodh rialacháin maidir le cosaint sonraí i dtaca le dlíthiúlacht, cothrom na féinne agus cúrsaí trédhearcachta.[3]

Is i mBaile Átha Cliath atá ceanncheathrú Eorpach LinkedIn, a osclaíodh a bhliain 2010. Is é Coimisiún um Chosaint Sonraí na hÉireann, príomheagraíocht mhaoirseachta an chomhlachta in Éirinn.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]