Ríomhaire pearsanta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Comhchodanna an ríomhaire phearsanta

Is ríomhaire d’aon úsáideoir amháin é an ríomhaire pearsanta. Go ginearálta bíonn an ríomhaire pearsanta comhdhéanta as na páirteanna seo a leanas:

  1. Monatóir
  2. Máthairchlár
  3. Láraonad próiseála, CPU (LAP)
  4. Príomhchuimhne (RAM, cuimhne randamrochtana)
  5. Cárta forlíontach
  6. Soláthar cumhachta
  7. Tiomántán diosca optúil
  8. Tiomántán crua
  9. Luch
  10. Méarchlár

Is féidir na codanna seo a choinneáil scartha ó chéile go fisiceach (i gcás ríomhaire deisce) nó a chur in aon bhosca amháin (i gcás ríomhaire glúine). Gléas an-chumhachtach é an ríomhaire pearsanta ann féin, ach ó tháinig na gréasáin ríomhaireachta ar an bhfód, is mó is gnách ríomhairí den chineál seo a nascadh dá chéile i líonraí áitiúla nó san Idirlíon féin.

Stair an Ríomhaire Phearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ríomhaire den chineál Apple II (1977)

Ba é an micreaphróiseálaí a chuir an ríomhaire in aice láimhe ag an duine aonair an chéad uair riamh. Is féidir úsáid a bhaint as san obair - mar a dhéanann daoine féinfhostaithe an lae inniu, ach go háirithe - nó mar chaitheamh aimsire ann féin. B'é an comhlacht úd Intel ach go háirithe a spreag forbairt na teicneolaíochta seo.

Ba é an Altair an chéad ríomhaire pearsanta riamh, ach ba é an Apple II (1977) an chéad cheann a raibh tóir mhór air. Bhí gal as an ngnáth air mar gheall ar an gcineál bogearra a cruthaíodh le huimhreacha gnó a phróiseáil, is é sin, an chéad scarbhileog, ar ar tugadh Visicalc.

Spreag an spéis mhór seo sna ríomhairí pearsanta IBM chun a ríomhaire féin a chur ar an margadh, is é sin, ríomhaire pearsanta IBM (1981). D'éirigh le comhlacht beag darbh ainm Microsoft conradh a shíniú le hIBM faoi sholáthar an chóras oibriúchán don ríomhaire seo. DOS a bhí ar an gcóras oibriúcháin sin. Nuair a thosaigh comhlachtaí eile ag táirgeadh ríomhairí a bhí comhoiriúnach le ríomhaire pearsanta IBM (ar nós Compaq, Hewlett-Packard, Dell, Gateway, srl.), bhí Microsoft in ann ceadúnas a éileamh ar na ríomhairí seo. De bharr an chonartha seo, tá Microsoft ar an gcomhlacht bogearraí is mó sa domhan i gcónaí.

Bhí tionchar mór ag an Apple Macintosh (1984) ar dhearcadh a lán daoine i leith na ríomhairí, nó ba é an chéad ríomhaire a bhain leas as comhéadan úsáideora grafach (GUI). Ba é an ríomhaire áirithe sin a d'oscail margadh na ríomhaireachta don ghnáthdhuine, nó bhí sé i bhfad níos so-úsáidte ná na ríomhairí a bhí ann roimhe. Ní chaithfeá bheith i d'innealtóir le héirí eolach ar bhealaí an ríomhaire seo. I dtús na nóchaidí, tháinig na chéad ríomhairí pearsanta ilmheán ar an bhfód.