Luchóg
Jump to navigation
Jump to search
Gaireas rialaithe ríomhaire is ea luchóg nó luch ríomhaire. Liathróid le rolladh a bhíodh inti, agus bíonn lasc-chnaipí uirthi. Na lasc-chnaipí sin, tabharfaidh siad ar an ríomhaire oibríochtaí áirithe a dhéanamh. An dromchla a rolltar an liathróid air, ní foláir dó a bheith cothrománach. Ach an luchóg a aistriú timpeall, gintear an dá chineál comhartha: x-chomhartha agus y-chomhartha. Le cabhair na gcomharthaí seo aistrítear an cúrsóir soilsithe go tapa sa treo céanna ar an scáileán, agus roghnaítear orduithe ar roghchlár ansin. Tá oideasraí ann atá an-inláimhsithe le luchóg. Ní oirfeadh méarchlár leath chomh mór ina gcomhair seo.
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |