Baile beag in oirdheisceart stát Washington is ea Walla Walla. Is é príomhbhaile oifigiúil Chontae Walla Walla é agus an baile is mó sa chontae chomh maith. Tá Walla Walla ainmnithe as treibh dhúchasach sa cheantar. Bhí 31,731 duine ina chónaí sa bhaile féin sa bhliain 2010, timpeall is 45,000 má chuirtear College Place agus Walla Walla Thoir san áireamh. Tá cáil ar an gceantar as na hoinniún mhilse a fhásann na feirimeoirí ann. Tá isteach is amach le 100 fíonghort sa cheantar freisin. Sa bhliain 1993 bhaist an nuachtán Meiriceánach náisiúnta USA Today "an baile beag is cairdiúla sna Stáit Aontaithe" ar Walla Walla. Is sa bhaile seo a rugadh Adam West, aisteoir a d'éirigh cáiliúil mar gheall ar a ról mar Batman sna 1960idí.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.