Spokane, Washington
Jump to navigation
Jump to search
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Cathair in oirthear stát Washington is ea Spokane. Is é an dara cathair is mó sa stát. Príomhbhaile Chontae Spokane atá ann.
Is ainm treibhe Indiaigh sa cheantar é Spokane agus is é "Páistí na Gréine" an chiall atá leis (go litriúil, ní sa chiall atá leis sa Ghaeilge). Chuir an North West Company post trádála ar siúl ann sa bhliain 1810 a tugadh Spokane House air. Thosaigh daoine de shliocht Eorpach ag cur fúthu go buan sa bhliain 1871 agus rinneadh cathair de Spokane go hoifigiúil sa bhliain 1881. Cuireadh críoch leis an Northern Pacific Railway sa bhliain chéanna, rud a chuir go mór le fás dhaonra an cheantair. Tá 208,916 duine ina gcónaí sa chathair de réir dhaonáireamh na bliana 2010.