George Vancouver
George Vancouver | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Eolas breithe | King's Lynn, 22 Meitheamh 1757 |
Náisiúntacht | Ríocht na Breataine Móire |
Bás | Petersham, 10 Bealtaine 1798 |
Áit adhlactha | St Peter's Church, Petersham (en) ![]() |
Muintir | |
Siblíní | liosta iomláin |
Oideachas | |
Teangacha | an Béarla |
Gairm | |
Gairm | taiscéalaí, oifigeach míleata agus scríbhneoir |
Rannpháirtí | |
Seirbhís mhíleata | |
Brainse míleata | Cabhlach Ríoga |
Céim | captaen |
![]() |
Loingseoir is taiscéalaí a rugadh i gKing's Lynn Shasana ab ea George Vancouver (22 Meitheamh 1757 – 10 Bealtaine 1798). Bhí sé le James Cook ar a dhara is a 3ú haistear farraige, agus ceapadh ina chaptaen i 1794 é. Rinne sé suirbhéireacht ar an Astráil is an Nua-Shéalainn. Ach cáil níos mó air as cruinneas is fairsinge a shuirbhéireachta ar chósta Mheiriceá Thuaidh leis an Aigéan Ciúin ó San Francisco suas go deisceart Alasca sna blianta 1791-95. Tá roinnt áiteanna in iarthuaisceart Mheiriceá Thuaidh ainmnithe ina dhiaidh, mar shampla, Vancouver sa Cholóim Bhriotanach, Oileán Vancouver, agus Vancouver, Washington.
![]() | Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |