Suirbhéireacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Suirbhéireacht

Tomhas cruinn is bailiú sonraí (mar shampla, an rilíf) ar réigiún tíre chun léarscáil a dhéanamh, nó athruithe i saintréithe dhromchla an Domhain le himeacht ama a thuairisciú. Bunaithe go traidisiúnta ar obair allamuigh, ag baint feidhm as uirlisí cosúil le slabhraí, plántáblaí, teodailítí, leibhéil is eile chun fad, airde is uillinn réada ó phointe breathnaithe a thomhas. Anois baintear feidhm as grianghrafadóireacht ón aer is íomháú satailíte. Baineann an tsuirbhéireacht gheodasach le tomhas mhéid is chruth an Domhain féin agus suíomh áiteanna ar a dhromchla a chinneadh.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Suirbhéireacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 634.