Oighearaois

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is do achar fada a mbíonn laghdú i dteocht dhromchla an domhain agus an atmaisféir a thagraíonn oighearaois (téarma níos cruinne is ea aois oighreach). Fágann seo go dtagann méadú ar oighearchlúideacha ilchríochacha, oighearchlúideacha polacha agus oighearshruthanna Alpacha. Córas nádúrtha is ea oighearaois. I rith oighearaoise fadtéarmaí, tugtar "sealanna oighreacha" ar shealanna aonaracha de theocht an-íseal ar fad, agus tugtar "sealanna idir-oighreacha" ar shealanna teo.