Alúmanam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Alúmanam
Siombail Cheimiceach Al
Uimhir Adamhach 13
Meáchan Adamhach 26.9815 g/mol
Grúpa, Peiriad 13, 3, p
Dlús 2.70 g·cm−3
Sraith Cheimiceach
Al-TableImage.svg

Is dúil cheimiceach é an t-alúmanam. Is í an mhais adamhach atá aige ná 26.9815 g/mol. Is í an uimhir adamhach13 agus is í an tsiombail cheimiceach ná Al. Is í an uimhir ocsaídiúcháin a bhíonn aige sna comhdhúile ceimiceacha ná +3.

Miotal insínte lonrach é an t-alúmanam. Tá sé ar an miotal is coitianta i screamh an Domhain, agus ar an tríú dúil cheimiceach is coitianta ar fad. Nuair a oibríonn ocsaigin an atmaisféir ar an alúmanam, éighníomhaítear é - is é sin, tagann brat ocsaíde ar an alúmanam, agus ós rud é go bhfuil ocsaíd an alúmanaim an-chrua, cosnaíonn sí an miotal istigh ar an gcreimeadh. Mar sin féin, tá an t-alúmanam araiciseach go maith chun imoibriúcháin leis na dúile eile, agus ní bhíonn sé ar fáil sa dúlra i bhfoirm mhiotail, cé go mbíonn mianta éagsúla alúmanaim coitianta go leor.

Is féidir an t-alúmanam a aithint thar na miotail eile go héasca, nó fágann an brat ocsaíde cuma ar leith air - baineann sé an loinnir de, ionas go sílfeá ar dtús nach miotal é ar aon nós ach plaisteach a bhfuil dath an mhiotail ann. Thairis sin, tá sé níos éadroime ná mar a shamhlófá le miotal.

Is í an bháicsít an mhian is tábhachtaí mar fhoinse alúmanaim. Ocsaíd neamhghlan alúmanaim atá ann. Tá a leáphointe an-ard, ach is féidir í a thuaslagan i gcrióilít leáite agus a leictrealú. Is éard atá sa chrióilít ná heicseafluaralúmanáit sóidiam, Na3AlF6.

Tá an t-alúmanam iontach tábhachtach mar mhiotal, nó tá sé an-éadrom agus an-díonta ar an gcreimeadh. Úsáidtear an t-alúmanam agus a chuid cóimhiotal sna heitleáin, mar shampla. Seoltóir maith teasa agus leictreachais é freisin.

Tá dhá iseatóp nádúrtha ag an alúmanam, mar atá, alúmanam a 27 agus alúmanam a 26. Iseatóp cobhsaí é alúmanam a 27, ach is féidir iarsmaí beaga den iseatóp eile a aimsiú sa dúlra. Iseatóp radaighníomhach é, agus leathré réasúnta fada aige, mar atá, timpeall ar 717 000 bliain. Thairis sin, is féidir iseatóip radaighníomhacha eile a tháirgeadh i luasairí cáithníní.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí aithne ag an gcine daonna ar an alúm, is é sin ar shulfáit hiodráitithe mheasctha an alúmanaim agus an tsóidiam nó an photaisiam, ón réamhstair anuas. Tuigeadh do na heolaithe sa 16ú haois gur salann de chuid "ithir" ar leith a bhí san alúm chomh luath leis an 16ú haois, agus bhí iarrachtaí chun aonrú an alúmanaim á ndéanamh ón 18ú haois ar aghaidh. Ba é Hans Christian Ørsted, an ceimiceoir Danmhargach, a d'aonraigh an t-alúmanam an chéad uair riamh, sa bhliain 1824. Chuir sé clóiríd alúmanaim (a bhí saor ó uisce) ag imoibriú le malgam an photaisiam, agus ba é ba thoradh don turgnamh seo ná cnapáin mhiotail a bhí cosúil le stán. Chuir sé na cnapáin seo faoi bhráid na gceimiceoirí eile sa bhliain 1825, agus chrom an t-eolaí Gearmánach Friedrich Wöhler ar an turgnamh céanna a dhéanamh in aithris air. Níor éirigh an iarracht sin le Wöhler, áfach, agus fuair sé riachtanach a mhodh oibre féin a fhorbairt. Sa bhliain 1845 d'aonraigh Wöhler cnapáin bheaga alúmanaim dá chuid féin, agus thuig sé cur síos ar shaintréithe áirithe na dúile. Mar sin ba nós ar feadh i bhfad fionnachtain an alúmanaim a lua le Wöhler.

Ar feadh i bhfad, áfach, ní rabhthas in ann alúmanam a tháirgeadh sa tionsclaíocht ach ar éigean, agus bhíodh an miotal nua seo ní ba dhaoire ná an t-ór féin. Mar sin, ní dhéanfaí ach earraí só as alúmanam. Ba iad an t-innealtóir Francach Paul Héroult agus an Meiriceánach Charles Martin Hall a d'fhorbair, beag beann ar a chéile, an próiseas atá in úsáid inniu féin le halúmanam a tháirgeadh ar scála tionsclaíoch - is é sin, tuaslagadh na báicsíte sa chrióilít leáite.

An tAlúmanam agus an tsláinte[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé go bhfuil an dúlra ar maos le comhdhúile alúmanaim, dealraíonn sé nach gcuireann na comhdhúile alúmanaim isteach ná amach ar na horgánaigh bheo, go bunúsach. Is féidir dó carnadh i gcnámha agus i néarchóras an duine ag othair nach bhfuil a nduáin ag obair mar ba chóir, ach le géarnimhiú alúmanaim a tharraingt air féin caithfidh an duine folláin smután infheicthe de shalann alúmanaim de chineál éigin a ithe. Maidir leis an tionchar fadtéarmach a bhíonn ag an alúmanam ar shláinte na ndaoine agus iad á thógáil óna thimpeallacht go leanúnach (daoine a bhfuil a gcuid bia truaillithe le comhdhúile alúmanaim, cuir i gcás), is ceist chonspóideach é i gcónaí. Glactar leis nach ndéanann alúmanam an chomhshaoil nádúrtha dochar ar bith don duine fholláin, ach san am chéanna is cúis buartha dá lán go mbitear faoi lé an alúmanaim i bhfad níos mó inniu ná mar a bhítí fadó, chomh fairsing is a úsáidtear sa tionsclaíocht é, agus nach fios do na heolaithe go fóill cad is toradh don tsíornochtadh seo.