Miotal

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Miotal te.

Is éard is miotal ann ná dúil cheimiceach a bhfuil de chlaonadh inti a cuid fiúsleictreon a thabhairt uaithi, ionas go n-iompóidh an t-adamh ina ian deimhneach. I gcriostal an mhiotail féin, bíonn na fiúsleictreoin ag dul timpeall idir na hiain seo. D'fhéadfá a rá go bhfuil na hiain mhiotail ar snámh i bhfarraige na bhfiúsleictreon. Deirtear go bhfuil an criostal miotail á choinneáil le chéile ag nasc miotalach. Cuireann an nasc miotalach ar chumas na bhfiúsleictreon gluaiseacht go sciobtha ó cheann ceann an chriostail. Mar sin, bíonn na miotail ina seoltóirí maithe leictreachais agus teasa.