Arizona

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Arizona
Bratach stáit Séala stáit
(Bratach ) (Séala )
Leasainm: The Grand Canyon State; The Copper State (An Stát Cainneon Mór)
Suíomh
Príomhchathair Phoenix
An chathair is mó Phoenix
Gobharnóir Doug Ducey (P)
Teangacha oifigiúla Béarla
Achar 295,234 km² (6ú)
 - Talamh 294,207 km²
 - Uisce 1,026 km² (0.35%)
Daonra (2017)
 - Daonra 7,016,270 (14ú)
 - Dlús daonra 22 /km² (33ú)
Iontráil san Aontas
 - Dáta 14 Feabhra 1912
 - Ord 48ú
Crios ama UTC -7/-6
Domhanleithead 31°  20′ N go dtí 37° N
Domhanfhad 109° 03′ W go dtí 114° 49′ W
Leithead 500 km
Fad 645 km
Airde
 - An airde is mó 3,852 m
 - Meánairde 1,250 m
 - An airde is lú -22 m
Giorrúcháin AZ, US-AZ
Láithreán Gréasáin www.az.gov

Is stát é Arizona sa Stáit Aontaithe Mheiriceá, in iardheisceart na tíre. Is é Phoenix príomhchathair an stáit, agus is é freisin an 5ú cathair is mó daonra sa tír, mar araon an chathair is mó sa stát. Úsáidtear an giorrúchán AZ don phost.

Tá achar 295,000 ciliméadar cearnach in Arizona agus 7,016,270 duine ina gcónaí inti (de réir meastacháin daonra 2017). Is é Arizona an 16u stát is mó daonra. Tá 21.7 duine sa chiliméadar cearnach. Is ann atá an Grand Canyon, cainneoin atá ar cheann de mhóriontaisí tíreolaíochta an domhain. Sléibhte agus fásaigh atá i gcuid mhór den talamh. Is é Sliabh Humphreys Peak (3,857m) an pointe is airde in Arizona agus tá cainneoin dhomhaine sna habhanntrachtaí. Is í an Colorado an abhainn is mó.

Is iad baill na Meiriceánaigh Dhúchasacha timpeall 6% den daonra, agus is iad na Navajo, Mohave, Apache, Hopi, agus Paiute na príomhnáisiúin.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin: Stair Arizona

Ní fios i ndáiríre cad as d'ainm an stáit, ach meastar go bhfuil baint ag 'airgead', an mianra, leis. Tá daoine sa cheantar le timpeall 20,000 bliain agus iarsmaí d'áitribh in uamhanna le fáil sa bhfásach. Tháinig na dúchasaigh atá sa stát faoi láthair, na Apache agus Navajo chun na háite timpeall seacht gcéad bliain ó shoin as Ceanada. Thosaigh na Spáinnigh ag teacht chun na háite sa séú haois déag, ach ba bheag a spéis ann mar go raibh talamh níos fearr in áiteanna eile. Bhí an ceantar faoi smacht Mheicsiceo nuair a fuair an tír sin a saoirse ón Spáinn in 1821. Thosaigh Meiriceánaigh ag teacht mar shealgairí ach ba bheag duine a chuir faoi sa réigiún. Tar éis an chogaidh idir na Stáit Aontaithe agus Meicsiceo, sa bhliain 1848, ghabh SAM seilbh ar chuid mhór den tír agus ceannaíodh tailte eile. Thosaigh mianadóirí ag teacht isteach chun ór, airgead agus copar a bhaint as an talamh. Bhí cogaí éagsúla idir na Meiriceánaigh agus na Apache a bhí faoi cheannas Cochise agus Geronimo, ach faoi 1886 ghéill na dúchasaigh do na saighdiúirí geala. Aithníodh mar chríoch de chuid na Stát Aontaithe é sa bhliain 1863, agus rinneadh stát de sa bhliain 1912. Tá an phríomhchathair i Phoenix ó 1889 i leith.

Sa 20ú haois rinneadh uisciú ar thailte sa stát agus d'fhás an talmhaíocht. Táirgítear cuid mhaith glasraí agus feola sa stát anois. Tháinig an déantúsaíocht chun cinn le linn an Dara Chogaidh Domhanda.

Tíreolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin: Tíreolaíocht Arizona

Contaetha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin: Liosta Contaetha Arizona
Féach freisin: Contaetha in Arizona

Gailearaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]




Stáit Aontaithe Mheiriceá Bratach
Stáit: Alabama | Alasca | Arizona | Arkansas | California | Carolina Theas | Carolina Thuaidh | Colorado | Connecticut | Dakota Theas | Dakota Thuaidh | Delaware | Florida | Georgia | Haváí | Idaho | Illinois | Indiana | Iowa | Kansas | Kentucky | Louisiana | Maine | Maryland | Massachusetts | Michigan | Minnesota | Mississippi | Missouri | Montana | Nebraska | Nevada | New Hampshire | New Jersey | Nua-Mheicsiceo | Nua-Eabhrac | Ohio | Oklahoma | Oregon | Pennsylvania | Oileán Rhode | Tennessee | Texas | Utah | Vermont | Virginia | Virginia Thiar | Washington | Wisconsin | Wyoming