Sliabh
Is cuid ardaithe de screamh an Domhain é sliabh, de ghnáth le fánaí crochta a léiríonn buncharraig nochtaithe suntasach. Cé go n-athraíonn sainmhínithe, d’fhéadfadh go mbeadh difríocht idir sliabh agus ardchlár ós rud é go bhfuil achar teoranta aige faoi mhullaigh, agus go hiondúil tá sé níos airde ná cnoc, ag ardú go hiondúil ar a laghad 300 méadar os cionn na talún máguaird. Is Inselbergí iad cúpla sliabh, ach tarlaíonn an chuid is mó díobh i sliabhraonta.[1]
Cruthaítear sléibhte trí fhórsaí teicteonacha, trí chreimeadh, nó trí bholcánachas, nó bolcánacht, a fheidhmíonn ar scálaí ama suas le na mílte bliain.[2] Nuair a thagann deireadh le tógáil sléibhe, déantar na sléibhte a leibhéaladh go mall trí ghníomh síonchaitheamh, trí sleabhcadh agus trí fhoirmeacha eile mórghluaiseachat, chomh maith le creimeadh ag aibhneacha agus oighearshruthanna.[3]
Áit lom is ea an sliabh de ghnáth[4]. Ní bhíonn aon fhothain le fáil ann ón ngaoth. Bíonn tréithe ar leith ag baint leis na ainmhithe agus leis na plandaí a mhaireann sa ghnáthóg seo. Cabhraíonn na tréithe sin leo maireachtáil ann. Oiriúnú a thugtar air sin.
Flóra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bíonn plandaí sléibhe beag agus íseal chun nach ndéanfaidh an ghaoth láidir aon dochar dóibh.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Glossary of Geology" (1997). Alexandria, VA: American Geological Institute.
- ↑ Levin, Harold L. (2010). "The Earth Through Time". Hoboken, NJ: Wiley.
- ↑ Cooke, Ronald Urwick (1973). "Geomorphology in Deserts". University of California Press.
- ↑ Sléibhte na hÉireann, An Gúm
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |