Teicteonaic phlátaí
Is é is teicteonaic phlátaí[1] ann (ón Laidin Dhéanach: tectonicus, ón Ghréigis: τεκτονικός "a bhaineann le foirgneamh") ná an teoiric a, a saothraíodh go cinnte sna 1960idí, gurb é atá sa litisféar (an screamh agus an maintlín uachtarach) ná ollphíosaí móra, ar a dtugtar plátaí. Bogann na plátaí móra sin go mall i gcomhréir leis na cinn eile timpeall orthu. Tá an tsamhail tógtha ar teoiric na gluaiseachta ilchríochaí, coincheap a forbraíodh le linn na chéad cúpla scór bliain den 20ú haois. Ghlac an pobal geolaíoch leis an teoiric seo, i ndiaidh bailíochtaithe go raibh grinneall na farraige ag leathadh sna 1950í déanacha agus na 1960í luatha.
Míníonn sí síobghluaiseacht na n-ilchríoch, tógáil na sléibhte arda, cosúil leis na Himiléithe is na hAlpa, bolcánacht is dáileadh na bolcánachta ar Domhan, fás na ndromanna i láir na n-aigéan is na dtrinsí ar ghrinneall na n-aigéan. Is éard is an litisféar ann ná sceall an phláinéid is sia amach nó is forimeallaí (an screamh agus an maintlín uachtair), agus atá briste suas i bplátaí teicteonacha. Tá litisféar an Domhain comhdhéanta de seacht nó ocht plátaí móra (ag brath ar an gcaoi a bhfuil siad sainithe) agus go leor plátaí beaga. Sna háiteanna a bhuaileann na plátaí lena chéile, cinneann gluaisne choibhneasta na bplátaí an cineál teorainn: coinbhéirseach, dibhéirseach nó imchoiméadach. Tarlaíonn creathanna talún, ghníomhaíocht bholcánach, Sliabhsliabh-thógáil, agus foirmiú trinse aigéanach feadh na teorainneacha plátaí. Bíonn gluaiseacht choibhneasta na plátaí raonta de ghnáth ó náid go 100 mm in aghaidh na bliana.
Bíonn plátaí teicteonacha comhdhéanta de litisféar aigéanach agus litisféar ilchríochach níos tibhe, ar a bharr bíonn screamh ar leith ann. Feadh theorainneacha cóinbhéirseacha, iompraíonn fodhuchtú plátaí isteach sa mhaintlín. De ghnáth, cúitíonn an t-ábhar caillte agus foirmiú na screimhe aigéanaí nuaí, feadh teorainneacha dibheirseacha plátaí a chéile, tré ghrinneall na farraige a leathnú. Ar an mbealach seo, fanann dromchla iomlán an litisféir mar an gcéanna. Freisin, gairtear 'prionsabal an chreasa iompar' ar thuar na teicteonaice plátaí. Thig teoiricí níos luaithe le fios, cé go bhfuil siad bréagnaithe anois, mholadh go raibh laghdú (crapadh) de réir a chéile nó leathnú de réir a chéile ar fud na cruinne.
Bíonn plátaí teicteonacha in ann bogadh toisc go bhfuil níos mó nirt ag litisféar an Domhain ná san astanaisféar faoin a bhun. Tarlaíonn comhiompar, mar thoradh ar éagsúlachtaí i ndlús cliathánach an mhaintlín. Creidtear go dtiomáineann tosca éagsúla gluaiseacht plátaí, gluaisne ghrinneall na farraige ar shiúl ón droma i lár an aigéin atá ag leathadh (mar gheall ar éagsúlachtaí i dtopagrafaíocht agus dlús an screimhe, mar thoradh air difríochtaí i bhfórsaí imtharraingthe) agus sracadh, trí shúchán anuas, ag an chrios fodhuchtaithe. Tá míniú eile sna fórsaí éagsúla a ghineann fórsaí taoide na gréine agus na gealaí. Tá tábhacht choibhneasta gach ceann de na fachtóirí agus a gcaidreamh lena chéile doiléir, agus fós ina ábhar díospóireachta.
Faightear bolcáin is creathanna talún ag na teorainneacha imbhuailte idir na plátaí mar a bhfilltear na carraigeacha is a gcruthaítear sléibhte. Ag na teorainneacha seo fodhuchtaíonn pláta amháin faoin bpláta eile, agus éascann siad thar a chéile ó am go ham. Tarlaíonn bolcáin is creathanna talún maraon le himbhualadh na bplátaí, lúbadh suas na bplátaí is cruthú sléibhte. Cruthaítear ábhar nua plátaí an t-am ar fad freisin ag na dromanna i lár an Aigéin Atlantaigh is an Aigéin Chiúin trí phróiseas bolcánach mar a ngluaiseann na plátaí amach ó chéile. Is próiseas leanúnach athchruthaithe is athnuaite ar dhromchla an Domhain é.
Bunphrionsabail
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá sraitheanna uachtaracha an Domhain roinnte ina dhá chuid; an litisféar agus an t-astanaisféar. Tá sé seo bunaithe ar dhifríochtaí sna hairíonna meicniúla agus sa mhodh ina n-aistrítear teas. Go meicniúil, bíonn an litisféar níos fuaire agus níos dolúbtha, cé go bhfuil an t-astanaisféar níos teo agus in ann sreabhadh níos éasca. Ó thaobh aistriú teasa de, cailleann an litisféar teas trí sheoladh, cé go n-aistríonn an t-astanaisféar freisin teas trí chomhiompar agus bíonn grádán teochta beagnach aidiabatach aige. Níor cheart an fho-roinnd seo a mheascadh leis an fhoroinn cheimiceach sna sraitheanna céanna sa mhaintlín (déanta suas as an t-astanaisféar agus an chuid den mhaintlín san litisféar) agus an screamh: d'fhéadfaí píosa áirithe den mhaintlín a bheith mar chuid den litisféar nó den astanaisféar ag tréimhsí difriúla, ag brath ar a theocht agus bhrú. Is é an prionsabal lárnach na teicteonaice plátaí na go mbíonn an litisféar ann mar phlátaí teicteonacha éagsúla agus ar leithligh, a théann ar dhroim an sreabhánchineálach (solad [[slaodleaisteachas||slaodleaisteach) astanaisféar. Bíonn plátaghluaisní i raon tipiciúil suas go dtí 10-40 mm sa bhliain (fásann Droim an Atlantaigh Láir chomh tapa agus mar a bheadh d'ingne) go dtí thart ar 160 mm / sa bhliain (fásann an Pláta Nazca thart chomh gasta is a fhásann gruaig). Tá cur síos ar mheicníocht tiomána na gluaiseachta seo thíos luaite.
Bíonn plátaí litisféaracha teicteonacha comhdhéanta de mhaintlín litisféarach forleagtha ag ceachtar de dhá chineál ábhar screimhe nó iad araon: screamh aigéanach (i dtéacsanna níos sine tugtar Sioma ó shileacan agus maignéisiam), agus screamh ilchríochach (sial ó sileacain agus alúmanaim). De ghnáth, bíonn litisféar aigéanach 100 km de leithead; a tiús ina fheidhm dá aois: mar a théann an t-am ar aghaidh, fuaraíonn sé go seoltacht agus cuirtear maintlín foluite sa bhreis lena bhonn. Toisc go bhfuil sé cruthaithe ag dromanna i lár na n-aigéan agus go leathnaíonn sé amach, bíonn a tiús mar sin in a fheidhm dá fhad, ón dhroim lár-farraige as a raibh sé cruthaithe. Athraíonn an tiús ó thart ar 6 km ag lár na farraige go dtí níos mó ná 100 km ar chriosanna fodhuchtaithe. De ghnáth, bíonn tiús litisféir Ilchríochaigh ~ 200 km, cé go n-athraíonn sé seo go mór idir báisíní, sliabhraonta, agus taobh istigh d'ilchríocha cratónica seasmhacha. Bíonn an dá chineál screamh éagsúil chomh maith i tiús, le screamh ilchríochach i bhfad níos tibhe ná aigéanach (35 km vs 6 km).
Tugtar teorainn phlátaí ar an suíomh a bhuaileann dhá phláta lena chéile, agus is ar an imeall nó ar an teorainn is mó a tharlaíonn gníomhaíocht ar nós creathanna talún agus cruthú ghnéithe topagrafacha nós sléibhte, bolcáin, dromanna aigéanacha, agus claiseanna aigéanacha. Tarlaíonn an chuid is mó de bholcáin bheo nó ghníomhacha an domhain feadh teorainneacha plátaí, agus is é Fáinne Tine an Aigéin Chiúin an áit is is gníomhaí agus is forleithne a bhíonn ar eolas, sa lá atá inniu ann. Tá plé agus tuilleadh eolais faoi na teorainn thíos ar aghaidh. Tarlaíonn roinnt bolcán taobh istigh de phlátaí, agus luaitear dífhoirmíochtdí phláta inmheánaigh agus cleitíní an mhaintlín, sna cur síos orthu.
Mar a mhínítear thuas, féadfaidh go mbeadh san áireamh i bplátaí teicteonacha screamh ilchríochach nó screamh aigéanach, agus go mbíonn an dá short sa chuid is mó dóibh. Mar shampla, áirítear sa phláta Afracach an ilcríoch agus codanna de urlár an Atlantaigh agus na hIndia. Tá an t-idirdhealú idir screamh aigéanach agus screamh ilchríochach bunaithe ar a gcuid modhanna foirmithe. Tá screamh aigéanach déanta ag ionaid leata ar ghrinneall na farraige, de réir mar a dhéantar carrigeacha nua san áit ar scar plátaí óna chéile ar dtús, agus tá screamh ilchríochach déanta trí stuabholcánachas agus trí fhuilleamh na dtír-raonta trí phróisis theicteonacha, cé go bhféadfadh go mbeadh seichimh oifilíte ag roinnt de na tír-raonta, sé sin píosaí de screamh aigéanach a mheastar a bheith mar chuid den ilchríoch, nuair a scoireann siad ón timthriall caighdeánach foirmithe agus ó na hionaid leatha agus fodhuchtú faoi bhun na n-ilchríoch. bíonn screamh aigéanach freisin níos dlúithe ná screamh ilchríochach, mar gheall ar a gcuid comhdhéanaimh éagsúla. Tá screamh aigéanach níos dlúithe toisc go bhfuil níos lú sileacain agus níos mó dúl níos troime (mafach) ná screamh ilchríochach (feilseach). Mar thoradh ar an srathú dlúis, go ginearálta, luíonn screamh aigéanach faoi bhun leibhéal na farraige (mar shampla an chuid is mó de phláta an Aigéin Chiúin, cé go bhfuil snámhach screamh ilchríochach os cionn leibhéal na farraige (féach ar an leathanach iseastatacht chun teacht ar mhíniúchán an phrionsabail).
Cineálacha teorainn plátaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Trí chineál teorainn plátaí ann, mar aon le cineál measctha, arb iad a sainairíonna ná an tslí a sleamhnaíonn a plátaí i gcoibhneas lena chéile. Bíonn baint acu le cineálacha éagsúla feiniméan dromchla. Is iad seo a leanas na cineálacha éagsúla teorainn plátaí:
- Tarlaíonn teorainneacha imchoimeádacha (Eigníomhach) san áit a sleamhnaíonn plátaí le taobh a chéile agus iad ag meilt a chéile, le taobh éisc chlaochlúcháin, áit nach ndéantar carraigeacha. Bíonn gluaisne choibhneasta an dá pláta cléchliathánach (taobh clé i dtreo an bhreathnóra), sin nó deaschliathánach (taobh deas i dtreo an bhreathnóra). Tharlaíonn éisc chlaochlúcháin ar fud ionaid leata. D'fhéadfadh creathanna talún láidir a bheith ann ar feadh an éisc. Sampla de teorainn chlaochlúchláin is ea an tÉasc San Aindréas in California.
- Tarlaíonn teorainneacha dibhéirseacha (Déanmhasach) áit a scarann na plátaí óna chéile, de bharr grinneall an aigéin a bheith ag leathnú agus ag ceadú fhoirmiú imchuach aigéanaigh nua. Agus an pláta aigéin ag scoilt, cruthaítear droim sléibhe ar ghrinneal an aigéin, leathnaíonn an t-imchuach aigéanaigh, agus ar deireadh, méadaítear achar an phláta ag cruthú go leor bolcán beag agus / nó creathanna talún éadoimhne. Ag criosanna scoilte ilchríoch-le-hilchríoch, d'fhéadfadh teorainneacha dibhéirseacha imchuach aigéanaigh a chruthú agus an t-ilchríoch ag scoilt agus ag leathadh, titeann an scoilt lárnach agus líonann an fharraige t-imchuach. Samplaí de theorainneacha dibhéirseacha, ag criosanna gníomhacha sna dromanna i lár na farraige móire is ea Droim an Atlantaigh Láir agus Droim an Aigéin Chiúin Thoir, agus ag scoilteadh ilchríoch-le-hilchríoch is ea Gleann na Claise Móire agus an Mhuir Rua.
- Tarlaíonn teorainneacha coinbheirseacha (Scriosach) (nó imeall gníomhach) áit a mbuaileann na plátaí isteach ina chéile chun creasa fhodhuchtaithe (pláta amháin ag gluaiseacht faoin ceann eile) nó imbhualadh ilchríochach. Ag criosanna fodhuchtaithe aigéan-le-hilchríoch (m.sh. Sliabhraon na nAindéas i Meiriceá Theas, agus Sliabhraon na Cascáide in Iarthar na Stáit Aontaithe), titeann an dlúth litisféar aigéanach faoi bhun na mór-roinne níos éadlúithe. Leanann creathanna talún conair an phláta atá ag dul síos isteach san astanaisféar.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Pádraig Ó Mianáin, eag.: “plate tectonics — Aistriúchán Gaeilge ar plate tectonics (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2024-06-14.