Gleann na Claise Móire
![]() | |||||
Cineál | Graben (en) ![]() | ||||
---|---|---|---|---|---|
Suíomh | |||||
Ilchríoch | Afraic | ||||
| |||||
Le cuid | Monts Kundelungu Abarim (en) ![]() Mitumba Mountains (en) ![]() Kibara Mountains (en) ![]() Mount Elgon (en) ![]() | ||||
Tréithe | |||||
Toisí | 4,830 (![]() | ||||
Cros | An Eiritré, An Aetóip, Diobúití, An tSúdáin Theas, An Chéinia, Uganda, Poblacht Dhaonlathach an Chongó, Ruanda, An Bhurúin, An Tansáin, An Mhaláiv, Poblacht Mhósaimbíc, An tSaimbia agus An tSiombáib | ||||
Tugtar Gleann na Claise Móire ar an trinse leanúnach geografach, thart ar 6,000 ciliméadair ar fad, a ritheann ó Ghleann Beqaa sa Liobáin, sa Mheánoirthear go dtí Mósaimbíc, sa taobh thoir theas den Aifric.[1] Baintear úsáid áirithe as an ainm i gcónaí, ach sa lá atá inniu ann meastar go bhfuil sé neamhchruinn ó thaobh na geolaíochta de, nó ní thugann sé aitheantas do na córais difriúla atá i gceist, gaolmhar is uile mar atá siad, mar shampla na coráis scoilteanna agus corais na n-éasc.
Sa lá atá inniu ann, is minic a bhaintear úsáid as an téarma le tagairt a dhéanamh do Chlais na hAfraice Thoir, teorainn plátaí dibhéirseacha a shíneann ó Chumar triarach na nAfarach ó dheas ar fud oirthear na hAfraice, agus é i mbun an phróisis scoilte Phláta na hAfraice ina dhá phláta nua ar leithligh. Tugann na geolaithe go ginearálta an Pláta Núibiach agus an Pláta Somálach ar na plátaí i mbéal forbartha.
Fairsinge theoiriciúil[cuir in eagar | athraigh foinse]


I dtosach báire, glacadh leis gur shroich Gleann na Claise Móire ón Liobáin sa tuaisceart, go dtí Mósaimbíc sa deisceart, áit a raibh sé coibhéiseach le cheann den dá phroibhinse fhiseagrafach de chuid shléibhte na hAfraice Thoir. Chuimsigh sé an ceantar ar a dtugaimid inniu Claochlúchán na Mara Mairbhe sa Liobáin, Scoilt na hIordáine, Scoilt na Mara Rua agus Scoilt na hAfraice Thoir.[2]
Sa lá atá inniu ann glactar leis gur gnéithe ar leithligh iad na scoilteanna seo, cé go bhfuil siad bainteach lena chéile. Cruthaíodh iad 35 milliún bliain ó shin.
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
- The Great Rift: Africa's Wild Heart, a BBC/Animal Planet production
- Main earthquakes
- 1837 Galilee earthquake
- 2005 Lake Tanganyika earthquake
- 2008 Lake Kivu earthquake
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Merriam-Webster, Inc 편집부 (1997). "MERRIAM WEBSTER'S GEOGRAPHICAL DICTIONARY 3/E(H)": 444. Merriam-Webster. Dáta rochtana: 22 November 2012.
- ↑ "Ethiopia: the Bradt travel guide" (15 July 2009): 450. Bradt Travel Guides. Dáta rochtana: 22 November 2012.
Further reading[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Africa's Great Rift Valley, 2001, ISBN 0-8109-0602-3
- Tribes of the Great Rift Valley, 2007, ISBN 978-0-8109-9411-9
- East African Rift Valley lakes, 2006, OCLC 76876862
- Photographic atlas of the Mid-Atlantic Ridge Rift Valley, 1977, ISBN 0-387-90247-3
- Rift Valley fever : an emerging human and animal problem, 1982, ISBN 92-4-170063-7
- Rift valley: definition and geologic significance, Giacomo Corti (National Research Council of Italy, Institute of Geosciences and Earth Resources) – The Ethiopian Rift Valley, 2013, [1] Curtha i gcartlann 2019-11-20 ar an Wayback Machine