Pláta Somálach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachPláta Somálach
CineálPláta teicteonach
Teorainneacha lePláta na hAfraice
Indian Plate (en) Aistrigh
Australian Plate (en) Aistrigh
Antarctic Plate (en) Aistrigh
Arabian Plate (en) Aistrigh
Tréithe
CrosAn tSomáil, An Aetóip, An Chéinia, An Tansáin, Poblacht Mhósaimbíc, An Afraic Theas, Leosóta, Ríocht Esuaitíní, Madagascar agus Na Séiséil

Mionphláta teicteonach is ea Pláta na Somáile, nó an Pláta Somálach, ar scaradh gabhail ar an mheánchiorcal san leathsféar thoir.

Geolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Pláta Somálach timpeallaithe ag Pláta na hAfraice (Núbach), Leithinis na hAraibe agus Pláta na hIndia.

Rinneadh Pláta na Somáile idir 60 milliún bliain ó shin agus 10 milliún bliain ó shin le scoilteadh Pláta na hAfraice ó Chlais na hAfraice Thoir.[1] Toisc go ndeighleann Clais na hAfraice Thoir an mór-roinn ina dhá phláta, tugtar uaireanta an Pláta Núibiach, ar Phláta na hAfraice ó dheas ón scoilt.[2]

Tá Pláta na Somáile timpeallaithe san oirthear ag Clais na hAfraice Thoir, a shíneann ó dheas ón chumar triarach san Logán Afáireach, le síneadh na scoilte faoin fharraige ag leathnú ó dheas amach ón chósta. Ar feadh chósta na hAraibe Sádaí a shíneann an Droim Áidin. Is é an Droim Indiach Láir a teorainn thoir, agus tugtar 'Droim Carlsberg', freisin, ar a chuid tuaisceartach. Is é an Droim  Indiach Thiar an teorainn theas. Léiríonn dátú bolcánachais sna hOileáin Chomóra, agus sna bolcáin i dtuaisceart Mhadagascar ráta gluaisne chuig an oirthir thar bhall te de thart ar 45 mm sa bhliain.

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]