Madagascar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilMadagascar
Repoblikan'i Madagaskar (mg)
République de Madagascar (fr) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnRy Tanindrazanay malala ô! Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«Fitiavana, Tanindrazana, Fandrosoana»
«Amour, Patrie, Progrès»
«Love, Land of Our Ancestors, Progress»
«Любов, Отечество, прогрес»
«A genuine island, a world apart» Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 20°S 47°E / 20°S 47°E / -20; 47

PríomhchathairAntananarivo Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán25,570,895 (2017) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús43.54 hab./km²
Teanga oifigiúilan Mhalagáisis
an Fhraincis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deAn Afraic Thoir Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla587,295 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeMaromokotro (en) Aistrigh (2,876 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is íslean tAigéan Indiach (0 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síMadagascar na Fraince Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú1960
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaispoblacht Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachParlaimint Mhadagascar Cuir in eagar ar Wikidata
• President of Madagascar (en) Aistrigh Cuir in eagar ar WikidataAndry Rajoelina (en) Aistrigh (2009–2014) Cuir in eagar ar Wikidata
• Prime Minister of Madagascar (en) Aistrigh Cuir in eagar ar WikidataChristian Ntsay (en) Aistrigh (2018–) Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
OTI ainmniúil14,554,754,115 $ (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
AirgeadraAriary (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil.mg Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód+261 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir theileafóin éigeandála117, 118 agus 124 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód tíreMG Cuir in eagar ar Wikidata

Oileán mór é Madagascar agus é suite amach ò chòsta thoir na hAfraice. Iarchoilíneacht de chuid na Fraince é, agus is é Antananairíveo an phríomhchathair.

Isalo

Teangacha agus daoine[cuir in eagar | athraigh foinse]

Baineann an Mhalagáisis leis na teangacha Malae-Pholainéiseacha, go háirithe le teangacha de chuid dheisceart Bhoirneo, agus rian na Malaeisise agus na Javanaise le haithint uirthi, rud a thugann léargas ar na chéad lonnaitheoirí. Síltear gur tháinig na chéad daoine chun an oileáin ó oirdheisceart na hÁise (ó Bhoirneo, b’fhéidir, nó ón gCeilibéis) idir na blianta 200 agus 500 i mbáid bhacáin amuigh. De réir mar a deir na finscéalta, ba iad na Vaisimbigh (Vasimba) ba thúisce a chuaigh chun cónaithe ann, agus lean inimircigh eile iad – daoine ó Bhoirneo, ó na hoileáin Fhilipíneacha, ó oileáin eile de chuid na hIndinéise agus ó oileán Thonga sa Chiúin-Aigéan. Rinne na Vaisimbigh imeascadh, a bheag nó a mhór, leis na Bantúigh, dream a tháinig aniar ón Afraic lena gcuid teangacha féin. Ó Mhadagascar a tháinig na daoine a lonnaigh ar na hoileáin máguaird – Oileáin Chomóra, La Réunion agus eile. Bhí na hArabaigh ag trádáil le muintir an oileáin sna meánaoiseanna agus iad ag cur fúthu ann de réir a chéile (tá timpeall 7% den phobal ina Moslamaigh). Taispeánann reilig áirithe (i Vohémar) go raibh Peirsigh ann roimh an mbliain 1200. Sa ré ina dhiaidh sin tháinig breis Malaech agus Javanach, in éineacht le daoine ón gCeilibéis, ón India, ón Araib agus ón Eoraip.

Pobal measctha a tháinig as seo, agus a lán treibheacha: éagsúlacht agus cosúlacht, imreas agus cultúr coitianta. Tá ocht treibh déag i Madagascar, agus baint acu le réigiúin seachas le cúrsaí cine. Is de sliocht measctha gach ceann acu, agus cultas na sinsear acu go léir.

Tá foinsí éagsúla an chultúir le haithint ar bhia na tíre: bunús Áiseach agus lorg na hIndia, na hAraibe agus na hAfraice air. Is é an chuid is coitianta de an rís, na bananaí, an t-iasc, an mhairteoil agus na trátaí.

Rís á saothrú i Madagascar

Tá an-tábhacht leis an bhfine i Madagascar, agus é ag tosú leis na sinseanaithreacha. Daoine ar gaolta iad de réir na fine sin is geis dóibh pósadh. Tá mórán ag brath ar an ngaol, dá fhad amach é, i gcúrsaí beatha agus báis.

An timpeallacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an t-oileán roinnte i dtrí réigiún: machaire cúng thoir, sléibhte sa lár agus ísleáin thiar. Níl ach dhá shéasúr ann: séasúr na fearthainne ó Mhí na Samhna go dtí Mí Aibreáin, agus séasúr tirim fionnuar ó Mhí na Bealtaine go dtí Mí Dheireadh Fómhair. Bhain Madagascar le Gondwana, ilchríoch ársa a giotaíodh 240 milliún bliain ó shin; scar Madagascar ó fho-ilchríoch na hIndia idir 80 milliún agus 100 milliún bliain ó shin, agus fágadh Madagascar mar a bhfuil sé anois. Tháinig ainmhithe agus plandaí ar leith chun cinn ann, cé go bhfuil an churadóireacht agus an dífhoraisiú ag déanamh díobhála don éagsúlacht sin le fada an lá.

Dífhoraoisiú agus creimeadh

Is ábhar mór suntais freisin é a bhfuil le fáil d'ainmhithe agus d'iasc san fharraige timpeall an oileáin, cé go bhfuil gá le breis taighde.

Páirc Náisiúnta Isalo.

D’ainneoin leagan fhormhór na gcoillte, is beag áit is saibhre ná Madagascar maidir le bithéagsúlacht. Tuigeann an rialtas tábhacht an scéil, agus faoi láthair tá 3.7 milliún heicteár ina limistéar cosanta. Is é an léamar an t-ainmhí is mó iomrá, cé nach i Madagascar amháin a bhfuil fáil air: ainmhí oíche na súl mór agus gaol aige leis na moncaithe. (Tagann an t-ainm ó lemures – taibhsí - na Laidine.)

Lemur catta, Páirc Náisiúnta Isalo

Ar na ceantair chosanta úd tá Mahavavy-Kinkony, áit san oirthuaisceart atá lán de lochanna, d’aibhneacha agus de choillte, agus neart éan, éisc agus péisteanna ann. (Tá 133 cineál éan ann agus baint ag sé cinn is seasca díobh le Madagascar amháin.)

Ríthe agus Eorpaigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig a lán ríochtaí ar an bhfód tar éis an chéad áitriú, agus iad ag trádáil le hoirthear na hAfraice, leis an Meán-Oirthear agus leis an India. Faoi na meánaoiseanna bhí ríthe tréana réigiúnacha ann agus stádas diaga acu. Thosaigh na Portaingéalaigh ag trádáil le muintir Mhadagascar sa 16ú haois; lean na Francaigh iad sa 17ú haois. Ó thimpeall 1774 go dtí 1824 bhain píoráidí feidhm as an oileán mar áit dhídine.

Ó na 1790í amach d’éirigh leis an ríora Meiríneach (Merina) smacht a fháil ar fhormhór an oileáin agus iad ag dul i bpáirt leis na Briotanaigh: cuireadh deireadh leis an daoirse, a raibh an-tábhacht léi i gcúrsaí tráchtála, fuarthas maoiniú ón mBreatain agus ghlac na Meirínigh leis an gCríostaíocht de réir a chéile. (Mar sin féin, cleachtann timpeall 50% den phobal an creideamh traidisiúnta fós, creideamh a chuireann treise ar chaidreamh idir na beo agus na mairbh agus atá láidir i measc Mheirínigh na sléibhte.)

An coilíneachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1883 rinne na Francaigh ionradh, ag iarraidh cúitimh i maoin a baineadh de shaoránaigh Fhrancacha. Sa bhliain 1890 rinneadh coimearcas Francach den oileán agus sa bhliain 1886 rinne na Francaigh ionradh eile agus shealbhaigh an áit go léir.

Sa Dara Cogadh Domhanda bhí saighdiúirí ó Mhadagascar ag troid sa Fhrainc, i Maracó agus sa tSiria. Nuair a thosaigh an cogadh bhí an t-oileán faoi smacht Vichy, ach thug na Briotanaigh do na Francaigh Shaora, lucht de Gaulle, é sa bhliain 1942. Sa bhliain 1947 d’éirigh muintir Mhadagascar amach i gcoinne na Fraince; cuireadh an cheannairc faoi chois go fuilteach, ach ina dhiaidh sin leasaíodh cúrsaí riaracháin agus bhí síocháin ann go dtí an bhliain 1960, nuair a baineadh amach neamhspleáchas. Fraincis atá i mbéal na scothaicme fós.

Ré pholaitiúil nua[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é Antananairíveo príomhchathair na tíre

Bhí dlúthnasc idir an Fhrainc agus Madagascar fós agus an chéad uachtarán, Philibert Tsiranana, i réim, rud a chuir colg ar mhórán daoine agus ar chionsiocair lena chur as oifig é; tháinig Didier Ratsiraka, oifigeach cabhlaigh, i dtreis sa bhliain 1975, rud a bhí mar chomhartha ar chumhacht na bhfórsaí armtha feasta i gcúrsaí polaitíochta. Ar dtús chuaigh sé leis an sóisialachas, ach tosaíodh ar chruth nua a chur ar an ngeilleagar i ndeireadh na 1980í, agus an príobháidiú mar chuid de (rud a rinneadh de bharr áiteamh an Bhainc Dhomhanda, mórán). Tríd is tríd, chuaigh an geilleagar chun cinn, ach níor tháinig feabhas ar ghnóthaí riaracháin, bhí mórán bochtán ann fós faoin tuath go háirithe, agus dúradh go raibh an t-éilliú go dona ar fad. Ní raibh Ratsiraka agus a pháirtí gan freasúra; chuir an t-arm léirsithe faoi chois sa bhliain 1991 agus ní raibh Ratsiraka ina uachtarán idir na blianta 1993 agus 1996.

Léarscáil Mhadagascar

Sa bhliain 2001 chuaigh Marc Ravalomanana, méara na príomhchathrach (Antananairíveo) agus toice mór, i ngleic le Ratsiraka sna toghcháin uachtaránachta. Bhí an toradh ina chnámh spairne, agus Ravalomanana á rá gurb eisean a bhuaigh; sa bhliain 2002 tháinig na cúirteanna leis. Dúirt Ravalomana gurb é a bhí uaidh rialachas éifeachtach, deireadh a chur le héilliú agus an geilleagar a chur chun cinn, agus sa bhliain 2006 d’éirigh leis téarma eile a bhaint amach.

Sa bhliain 2007 rinne Ravalomanana an Bunreacht a athrú le reifreann: cuireadh le cumhacht phráinne an Uachtaráin, tugadh Béarla isteach mar an tríú teanga oifigiúil (chun infheistíocht a mhealladh ón Afraic Theas), athraíodh an córas riaracháin agus cinneadh nach mbeadh stádas tuata ag an tír feasta.

Bhí eagla ar an bhfreasúra go mbeadh uathlathas ann de bharr na n-athruithe, agus lochtaigh an Eaglais Chaitliceach an reifreann go dian ar an gcúis sin agus toisc nár mhian léi ladar an rialtais a fheiceáil i ngnóthaí creidimh. I gceann tamaill cuireadh i leith an Uachtaráin go raibh sé ag cur as do ghnólachtaí na tíre agus ag sealbhú na gceann ab éifeachtaí díobh. Tháinig Andry Rajoelina, méara Antananarivo, chun tosaigh sa fhreasúra, agus mhéadaigh ar mhíshásamh na ndaoine sa bhliain 2008 nuair a thug an rialtas leath thalamh beatha an oileáin do chomhlacht ón gCóiré Theas ar léas naoi mbliana is nócha. Tharla círéibeanna callánacha sa phríomhchathair i mbliana, agus bhí ar Ravalomanana géilleadh do lucht leanúna Rajoelina agus don Arm, dhá dhream a bhí ag obair as lámha a chéile. Rinneadh uachtarán de Rajoelina, agus tá cainteanna ar siúl idir na príomhpháirtithe faoi láthair.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Timpeallacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Eagraíochtaí eile[cuir in eagar | athraigh foinse]