An Mhalagáisis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaAn Mhalagáisis
Fiteny malagasy
Cineálteanga, macraitheanga agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais18,000,000 (2007)
Dúchasach doMalagásaigh
StáitMadagascar
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
Sundic (en) Aistrigh
Sunda–Sulawesi (en) Aistrigh
Dayak (en) Aistrigh
Barito (en) Aistrigh
East Barito (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir Laidineach agus Sorabe alphabet (en) Aistrigh
Cóid
ISO 639-1mg
ISO 639-2mlg
ISO 639-3mlg
Glottologmala1537
Ethnologuemlg
IETFmg

Teanga Mhalae-Pholainéiseach í an Mhalagáisis arb í an teanga is coitianta i Madagascar. Níl gaol ná lúb ghaoil aici leis na teangacha a labhraítear i mór-roinn na hAfraice, nó tháinig an teanga ó Bhoirneo ar dtús, agus is i mBoirneo a chloistear teangacha gaolmhara. Is í an teanga Ma'anyan chois Abhainn Barito i mBoirneo an teanga is cosúla leis an Malagáisis atá ann.

Tá an teanga ó dhúchas ag fiche milliún duine, a bheag nó a mhór, nó formhór mór mhuintir Mhadagascar.

Fuair an Mhalagáisis a lán focal ar iasacht ón Araibis, ón bhFraincis agus ó na teangacha Afracacha, ach ní bhaineann siad den dúchas Pholainéiseach atá so-aitheanta ar an teanga i gcónaí. Nuair a tháinig na Francaigh go Madagascar, fuair siad rompu leagan den aibítir Arabach in úsáid ag na Malagásaigh, ach inniu, is í an aibítir Laidineach is mó a úsáidtear leis an teanga a scríobh. Ba é aistriúchán an Bhíobla an chéad leabhar a foilsíodh sa litriú seo, agus ba iad na misinéirí Sasanacha a d'aistrigh agus a chuir i gcló é, thiar sa bhliain 1835. Is léir, áfach, go raibh béal-litríocht, scéalaíocht, agus seanchas dá gcuid féin ag na Malagásaigh roimhe sin féin, go háirithe an laoi faoin laoch úd Ibonia, a cuireadh i gcló ina lán díolamaí litríochta ón Afraic.

Scríobhtar an Mhalagáisis mar a fhuaimnítear í, cé go bhfuil sé de chlaonadh sna canúintí na siollaí nach bhfuil faoi bhéim a fhuaimniú go lag nó a ligean ar lár go hiomlán. Is mar [u] a fhuaimnítear an litir o, agus is mar oa nó mar ô a litrítear an fhuaim [o]. Fuaimnítear r aislúbtha (fuaim idir eatarthu idir s agus r) sna comhcheangail tr agus dr, agus is mar [dz] a fhuaimnítear an litir j.

Is é an t-ordú focal atá in úsáid sa Mhalagáisis ná VOS, nó Briathar-Cuspóir-Ainmní. Sa Ghaeilge, úsáidtear an t-ordú VSO, nó Briathar-Ainmní-Cuspóir, agus is é an t-ordú focal sa Bhéarla ná SVO, Ainmní-Briathar-Cuspóir. Féach na samplaí seo thíos:

Mamaky boky ny mpianatra = Léann an mac léinn leabhar. Tá an mac léinn ag léamh leabhair.
mamaky = léann, ny mpianatra = an mac léinn, boky = leabhar
Nividy ronono ho an'ny zaza ny vehivavy = Cheannaigh an bhean bainne don pháiste
nividy = cheannaigh (is é an litir n- a thaispeánann gurb í an aimsir chaite atá againn ansin, cf. mividy = ceannaíonn, hividy = ceannóidh; namaky = léigh, hamaky = léifidh)
ronono = bainne
ho an'ny zaza = don pháiste
ny vehivavy = an bhean

Léigh freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Rasoloson, Janie Noelle: Lehrbuch der madagassischen Sprache (téacsleabhar na Malagáisise dóibh siúd a bhfuil Gearmáinis acu). Helmut Buske Verlag, Hamburg 1997. ISBN 3-87548-123-2

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]