An Mheánaois

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Meánaoiseanna)
An Mheánaois

Is éard atá i gceist leis an Meánaois ná an tréimhse idir an tSeanaois Chlasaiceach (is é sin, ré na Sean-Róimhe agus na Sean-Ghréige) agus an Nua-aois (an Renaissance agus ar tháinig ina dhiaidh).[1] Thosaigh an Mheánaois faoi lár na chéad mhílaoise i ndiaidh bhreith Chríost (~500 AD) agus tháinig deireadh léi míle bliain níos déanaí (~1500 AD), i ré an Renaissance agus an Reifirméisin. I dtús na Meánaoise, chaill Impireacht na Róimhe a seantábhacht, agus scoilteadh ina dhá leath í. Ba iad na stáitíní beaga feodacha a tháinig chun tosaigh ansin, agus an Eoraip go léir lán pobail bheaga agus treibheacha - Teotanaigh, Rómánsaigh, Ceiltigh, agus Slavaigh. Bhí sochaí na Meánaoise dealaithe ina haicmí a raibh teorainneacha soiléire eatarthu, agus b'í an Eaglais Chríostaí croílár an chultúir, an léinn agus na litríochta. In Iarthar na hEorpa, bhí an Laidin á saothrú mar chomhtheanga chultúrtha. Maidir leis an eacnamaíocht, bhí sí bunaithe ar an seirfeachas agus ar an bhfeodachas.

Sa lá atá inniu, is fearr le staraithe agús a chur leis an réab idir an seansaol agus an Mheánaois agus ionas go mbíonn idir an tríú agus ochtú haois tréimhse a tugtar, go minic, an tSeandacht Dhéanach air, a bhí ina aistriú mór i ngach réimse: i réimse na heacnamaíocha leis an modh daortáirgthe in ionad an mhodha fheodach; i réimse sóisialta, le dul as radharc coincheap na saoránachta Rómhánaí agus sainmhíniú na n-eastát meánaoiseanna, go polaitiúil le chliseadh ar struchtúir láraithe Impireacht na Róimhe agus dá bharr sin, d'eascair scaipeadh na cumhachta (nó na díláraithe); agus i réimse na idé-eolaíocha agus an chultúir, ionsú agus malartú an chultúir chlasaicigh i gcomhair na gcultúr dialárnach CríostaíIoslamach (gach ceann ina spás féin).

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. De bharr thionchar an Bhéarla, tugtar Meánaoiseanna ar an dtréimhse seo go minic i nGaeilge an lae inniu.