An Mheánaois Luath

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtAn Mheánaois Luath
Íomhá
Cineáltréimhse stairiúil Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse4 haois - 11 haois
SuíomhAn Eoraip Cuir in eagar ar Wikidata

Ba chor cinniúnach í an Mheánaois Luath (nó Ré na Luath-Mheánaoise) a mharcáil tús na Meánaoise san hEoraip, a mhair ón 6ú go dtí an 10ú haois AD. Lean an Mheánaois Luath meath agus tuitim Impireacht na Róimhe san Iarthair (Laidin:Imperium Rōmānum Occidentāle), ach roimh tréimhse na hArd-Meánaoise (c. 10ú go dtí an 13ú haois). Forluíonn an Mheánaois Luath, den chuid is mó, an tSeandacht Dhéanach. Úsáidtear an téarma "An tSeandacht Dhéanach" chun béim a chur ar ghnéithe an leanúnachais leis an Impireacht Rómhánach, agus úsáidtear an téarma "An Mheánaois Luath" chun béim a chur ar fhorbairtí ar saintréith iad de chuid tréimhse na meánaoise déanaí.

Lean treochtaí, a thosaigh i rith tréimhse na seandachta clasaicí déanaí , ar aghaidh isteach san Mheánaois Luath, lena n-áirítear laghdú daonra, go háirithe sna lárionaid uirbeacha, laghdú na trádála, agus méadú ar an inimirce. Cuireadh an lipéid an Ré Dhorcha uirthi, carachtracht a chuireann béim ar ghanntanas na táirgeachta liteartha agus cultúrtha san am seo, ach go háirithe in iarthuaisceart na hEorpa. Mar sin féin, mhair Impireacht na Róimhe san Oirthear, nó an Impireacht Bhiosántach, agus sa 7ú céad, chloígh na cailifeachtaí Ioslamacha stráicí fairsinge de chríoch a bhí ann tráth faoi cheannas Impireacht na Róimhe. [1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. The term "Dark Ages" is inappropriate when applied to the Iberian peninsula, since during the Caliphate of Córdoba and Taifas periods Spanish culture, learning, arts, and science flourished as nowhere else in Europe, and Córdoba was the largest city in the world. Daniel Eisenberg, "No hubo una edad media española," in Propuestas teorico-metodológicas para el estudio de la literatura hispanica medieval, ed. Lillian van der Walde (Mexico: Universidad Autónoma Metropolitana - Iztapalapa, 2003, [1])["Top 10 cities of the Year 1000". http://geography.about.com/library/weekly/aa011201c.htm Curtha i gcartlann 2013-06-05 ar an Wayback Machine Retrieved 2014-08-15].