An Ré Dhorcha

Is téarma staireagrafach é An Ré Dhorcha, a thugtar ar an tréimhse i stair na hEorpa timpeall na mblianta 500-1000 AD.[1] Thoisigh an ré seo in am thitim Impireacht na Róimhe, nuair a tharla inimircí agus ionsaithe na mBarbarach ón oirthear. I measc treochtaí na tréimhse, luaitear laghdú daonra agus trádála, agus neartú Críostaíochta.
Impireacht na Róimhe agus an Ghrian ag dul faoi
[cuir in eagar | athraigh foinse]Léirigh Petrarca, ileolaí Iodálach, coincheap na Ré Dorcha i roinnt focal: “I measc na n-earráidí, shoilsigh amach fir na heagnaíochta. Cé go raibh siad timpeallaithe ag an dorchadas agus an dubh-ghruaime, níor lagaíodh soiléireacht a radharc.” Bhí Petrarca ag scríobh ag tús na hAthbheochana Iodálaí, i dtréimhse in ar athnocht saothair saoithe seanda na Róimhe agus na Gréige, agus chonacthas dó go raibh nádúr dorcha ag na céadta i ndiaidh thitim na Róimhe i gcomparáid le solas na Ré Clasaicí.
Tá sé fíor go raibh solas na scoláireachta clasaicí ceilte faoi scáth an aineolais sa Ré Dhorcha. Le titim na hImpireachta san iarthar, cailleadh údarás lárnach agus nascanna sóisialta a cheangail an Eoraip le chéile sna céadta de riail impiriúil. Ba í an Laidin an teanga den chóras chaillte, tar éis daoithe a bheith fréamhaithe agus forbartha i ngach coirnéal na hImpireachta. Ach faoin Ré Dhorcha bhí canúintí réigiúnda na Laidine i ndiaidh teacht in a dteangacha fhéin, agus bhí eolas na máthairtheanga clasaicí tar éis dul i léig.[2] De réir le lagú na Laidine, tharla laghdú suntasach maidir le scríobh leabhar sa chéad leath den Ré Dhorcha agus, ós rud é go mb’as scríbhneoireacht na linne a bhfrith-chaithfí solas na haoise, níl an t-ainm “Ré Dhorcha” go hiomlán gan chiall.
I measc na haicme léannta a mhair an suaitheadh, thuig siad an baol go gcaillfí oidhreacht liteartha na hEorpa, agus thóg siad orthu dualgas an dúchais sin a choimeád. Bhí na saoithe Cassaíodórus agus Bóethiús go han-gnóthach sa séú haois leis an saothar sin, agus tá a gcreidiúint tuillte acu as a n-obair ar chaomhnú thraidisiún an Iarthair. [3]
Séarlas Mór agus na Saoithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]I ndiaidh thréimhse mí-ordaithe agus scoilte, aontaíodh iarthar na hEorpa faoi rialú Shéarlais Mhór sa hochtú haois agus, le n-a Impireacht Naofa Rómhánach, tháinig an saghas síochána agus seasmhachta in a bhforbraíonn tionscal agus oideas. Chun léann na Laidine, agus scoláireacht go ginearálta, a dh’athneartú, bhunaigh Séarlas ollscoileanna san Fhrainc, agus chuir sé saoithe den scoith i gceannas orthu. Ba é Alcuin d’Eabhrac an príomhollamh ina measc, agus Pyttel, Sigewulf, agus Joseph Scottus na fo-mhaighstrí a thug sé leis chun dul i ngleic leis an saothar. [4]
Is mór an tionchar a d’imir Alcuin ar an scoláireacht, ar an teagasc, agus ar an impire. Ba mhian le Séarlas cumarsáid eadar tíortha na hmpireachta a dh’éascú, agus cuireadh de chúram ar Alcuin cineál Laidine caighdeánaithe a eagrú chomh maith le stíl lámhscríbhneoireachta soiléire a chur léithe. Le litreacha cruinne comhionanna agus spásanna eadar na focla, glacadh minusculum Carolingorum–mionscript Shéarlais–ar fud na hEorpa, agus is í bunús na gclófhoirne comhaimseartha. [5]
Bhí fíormheas ag Séarlas don oideas, don Eaglais, agus do chríonnacht chomhairle na gcléireach a chruinnigh sé in a chuideachta. Mar sin a bhí an scéal nuair a d’áitigh Alcuin ar an impire go gcuirfí ceal ar ghearrleanúint na bPágánach, in aois in a dtugtaí dhóibh rogha eadar iompú nó bás. Mar a dúirt Alcuin, “is féidir tabhairt ar dhuine uisce an bhaiste a ghlacadh, ach ní hionann sin agus an t-é a iompú.” Chuaidh ciall argóinte Alcuin i bhfeidhm ar an impire, agus cuireadh an beartas brúiteach siar sa bhliain 797. [6]
In Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Má bhí an Laidin i ndrochbhail sa ré seo, bhí oilteacht sa Ghréigis beagnach caillte in iarthar na hEorpa. Tháinig bláthú san ealaín agus sa scoláireacht in Éirinn, áfach, mar a bhí na manaigh Ghaelacha ag coimeád agus ag staidéar téacsanna clasaiceacha agus reiligiúnacha i dtraidisiún foghlamtha na Laidine, na Gréigise agus fiú Eabhraise nár briseadh ar feadh na gcéadta den Ré Dhorcha.[7]
Bhuin Johannes Scottus clú amach sa naoú haois nuair a rinne sé aistriúchán Laidine ar leabhar Gréigise le Dionysius. Nuair a seoladh an téacs sin don Phápa, chuaigh an manach Éireannach i bhfeidhm ar leabharlannaí an Vatacáin, an Gréagach Anastasius. (Ceapadh Anastasius sa phost gradamach sin de bhrí a chumais in a theanga dúchais–rud gann san am sin). “Is iontas”, a scríobh sé, “go dtigfí le Barbarach ar thaobh thall den domhan an leithéid argóinteachta a thuigsint agus a aistriú.” [8]
Creidtear gur cruthaíodh an Leabhar Cheanannais ag manaigh de thraidisiún Cholm Cille um an bhliain 800, ar Oileán Í, sular aistríodh é do Cheanannas i gContae na Mí ar eagla ruathair Lochlannach. Goideadh an leabhar sa bhliain 1007, chomh maith leis an chumhdach airgid in a coimeádadh é. Athaimsíodh an leabhar tamall i ndiaidh a ghadaíochta, gan a chlúdach d’ór seodmhar, agus b’fhéidir gur cailleadh roinnt duilleog de ag an am sin fosta.[9] In ainneoin ionraithe Lochlanacha agus Sasanacha, gadaithe Ghaelacha, agus aimsir na hÉireann, maireann an Leabhar Cheanannais sa lá atá inniubh ann, i gColáiste na Tríonóide.
Chomh maith leis an scríobh, rinneadh mionphictúir i neart dathanna glé ar fud an saothair ag léiriú eachtraí na soiscéal, le cois léaraidí eagnaí agus gréasa mionsonraithe ar iomall an téacsa. Glactar go bhfuil an Leabhar Cheanannais ar na lamhscríbhinní is áile a rinneadh ariamh, agus aithnítear é mar bhuaicphoinnte Mhaisiú na nOileán, stíl ealaíne a d’fhorbair mar mheascán thradisiún Gaelach agus Sasanach.[10] Seachas a úsáid i maisiú téacsanna, tá an stíl seo le feiceáil i ngreanadh cloiche–go suntasach sna crosanna Ceilteacha–agus i saothair miotalóireachta.

Ba i meán na “Ré Dorcha” a rinneadh Bróiste na Teamhrach, eiseamláir miotalóireachta chomh casta fíneálta nach n-aithneofaí leath a sonraí gan úsáid gloine méadaithe. Tá sé déanta de chré-umha, airgead, agus ór, le caoga panéal líonta de snaitheanna d’ór i bpatrúin mhionsaothraithe. De bhrí na galántachta de, agus an méid oibre a theastáiltí a dhéantúis, meastar go ndearnadh an bróiste fá choinne ardeaspaig, nó fiú ardrí na hÉireann.
Tarluithe san Eoraip
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cé gur cailleadh an Róimh do na Barbaraigh ag deireadh na cúigiú haoise, mhair an impireacht san oirthear mar an Impireacht Bhiosántach, agus shroich sí a cinseal d’ór sa séú haois. Faoi réimeas an impire Iustainiáin, athghabháladh cuid mhaith d’iarthar na hEorpa, agus cuireadh i bfeidhm córas dlíghe a mhair don lá atá inniubh ann.
Ba í Cathair Chonstaintín príomhchathair na hImpireachta. Forbríodh teicnící nua ó thaobh na healaíne agus na tógála sa chathair, agus rinneadh roinnt seodra na hiltireachta ann i rith réimis Iustainiáin.
Aithnítear na Lochlannaigh i measc na marneálaí ab fhearr ariamh. Sa Ré Dhorcha, d’fhorbair siad a dteicneolaíocht agus a dteicnicí go dtí go raibh an tAigéan Atlantach Thuaidh, an Mheánmhuir, chomh maith leis na locha móra d’Eoraip in a gciorcal smachta, agus faoi dheireadh na ré bhí Meiriceá Thuaidh faighte amach acu agus coilíneachtaí Lochlanacha bunaithe ann.
Aeráid
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is cinnte gur tharla laghdú teochta sa chéad aois den Ré Dhorcha, agus meastar gur bhrúchtaí bolcán an t-údar leis. Más fíor, b’fhéidir go raibh Ré Dhorcha ann go liteartha–ag tús an tréimhse ar a laghad. Tá teoiric ann go raibh an suaitheadh aeráide i measc cúiseanna na n-imircí agus na n-ionsaithe a tharla ag an am sin. De réir na teoirice, éascaíodh treo an choncais do na Moslamaigh ag an fuarú, agus iad ag gabháil an Mheánoirthir, Afraice Thuaidh agus fiú leithinis na hIbéire faoi na dálaí aeráide sin.
Scríobh na Staire
[cuir in eagar | athraigh foinse]Caitheadh a lán solais ar an ré seo thar na céadta. A buíoch le saineolaithe de réimsí éagsúla, tá tuigsint níos caolchúisí faoin aois anois ná a bhí ann nuair a ceapadh an téarma “Ré Dhorcha”, agus is annamh a bhaineann staraithe úsáid as a thuilleadh–cé go maireann an téarma i mbéal an phobail ar nós míchruinn neamhfhoirmiúil. Nochtadh ainmníocht nua le tagairt a dhéanamh don tréimhse: “An Seansaol Déanach”, “Meánoais Luath”, agus “Ré na nImircí”, agus béim ar ghné áirithe na haoise ag gach ceann na dtéarmaí sin.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Migration period | Dark Ages | Migration, Barbarian Invasions, Decline | Britannica" (en). www.britannica.com. Dáta rochtana: 2025-10-18.
- ↑ "The Encyclopædia Britannica; a Dictionary of Arts, Sciences, and General Literature" (1875-08). Nature 12 (303): 308–310. doi:. ISSN 0028-0836.
- ↑ Michel Lauwers (2021-10-21). "Nouvelle Histoire du Moyen Âge". Nouvelle Histoire du Moyen Âge: 927–934. Le Seuil.
- ↑ "Carolingian Renaissance | Definition, Charlemagne, Alcuin, Carolingian Minuscule, & Facts | Britannica" (en). www.britannica.com. Dáta rochtana: 2025-10-18.
- ↑ Marcia L. Colish (2002). "Medieval foundations of the western intellectual tradition: 400 - 1400". New Haven, Conn.: Yale Univ. Press.
- ↑ Needham, N. R. (2000). "The Middle Ages".
- ↑ George T. Stokes (1889-1901). "The Knowledge of Greek in Ireland between A.D. 500 and 900". Proceedings of the Royal Irish Academy: Archaeology, Culture, History, Literature 122 (1): 169–202. doi:. ISSN 03017400. JSTOR https://www.jstor.org/journal/procria1889.
- ↑ Edward N. Zalta, Uri Nodelman (2025). "John Scottus Eriugena". The Stanford Encyclopedia of Philosophy. Metaphysics Research Lab, Stanford University.
- ↑ John O'Donovan, « [archive] », sur University College Cork (consulté le 15 octobre 2008).
- ↑ Robert Welch (2000). "The concise Oxford companion to Irish literature". Oxford: Oxford Univ. Press.