Charles de Gaulle
Ba uachtarán agus laoch cogaidh na Fraince é an ginearál Charles de Gaulle (22 Samhain, 1890 – 9 Samhain, 1970).
Is é de Gaulle a dhiúltaigh géilleadh d’fhórsaí míleata na Gearmáine i Meitheamh 1940 agus a ghlaoigh ar na Francaigh tús a chur le slógadh a chuirfeadh an ruaig ar an namhaid.
Is é de Gaulle a thug seasamh athuair don Fhrainc i measc mhórchumhachtaí an domhain sa tréimhse iarchogaidh, idir 1958-1968 go háirithe.
Léirigh suirbhé[1] i 2010 gur cheap 70 faoin gcéad de mhuintir na Fraince gurb é an Ginearál de Gaulle an té is tábhachtaí riamh i stair na Fraince, i bhfad chun tosaigh ar leithéidí Napoléon, Séarlas Mór, Louis XIV nó Jean Jaurès.
De shliocht Mhic Cartáin - agus Éireannach - ba ea an Ginearál de Gaulle féin.[2]
Saighdiúireacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuaigh de Gaulle isteach in Airm na Fraince sa bhliain 1912 tar éis ceithre bliana ag staidéir ag Saint-Cyr, scoil míleata Francach. Bhí sé páirteach sa Chéad Chogadh Domhanda. Gortaíodh agus gabhadh é ag Deaumont, i rith Catha Verdun i Márta 1916.
D'fhan sé san Arm tar éis an chogaidh agus tugadh aird dó mar mholtóir cogaidh armúrtha agus eitilte míleata. Thuig sé an tábhacht a bhainfeadh le tancanna sa chéad chogadh eile agus scríobh sé leabhar dar teideal Vers l’armée de métier (‘I dtreo airm ghairmiúil’) ar an ábhar sa bhliain 1935, leabhar nár tharraing mórán airde sa bhFrainc ach a léadh go cúramach lastoir den Réin. Cúig bliana dár gcionn, d’úsáid an Wehrmacht na teaicticí a bhí molta ag de Gaulle chun línte cosanta na bhFrancach a réabadh.[3]
Ba Coirnéal é ag tús an Dara Cogadh Domhanda ach fuair sé ardú céime go Briogáidire-Ghinearál tar éis bheith i gceannas ar frithionsaí buach i rith Titime na Fraince sa bhliain 1940 agus tugadh post dó mar Fhorúnaí Cosanta i rialtas na Fraince. Fuair de Gaulle post sóisearach i rialtas Paul Reynaud ag an nóiméad deireanach nuair a bhí na Gearmánaigh ag druidim le Páras.
Ba léir do chách go raibh ‘cath na Fraince’ caillte um an dtaca sin, ach bhí de Gaulle ar an mbeagán a thuig nárbh ionann cath na Fraince a chailliúint agus an cogadh a chailliúint. Mhol sé go n-aistreofaí an rialtas go dtí an Ailgéir; go gcúlódh an cabhlach, a raibh fágtha den aerfhórsa, is an méid den arm a d’fhéadfaí a shábháil, go dtí an Afraic thuaidh nó go Sasana; agus – thar aon rud eile – go leanfaí leis an troid.
Nuair a fuair sé amach go raibh Pétain, Príomhaire na Fraince, ag lorg sosa cogaidh leis na Naitsithe, theith De Gaulle agus oifigigh sinsearacha eile go dtí Londain. Ní raibh ina theannta ach a aide de camp, an Leifteanant Geoffroy de Courcel, amhail Don Quijote agus Sancho Panza na nua-aoise. Seo mar a scríobh de Gaulle faoin am sin:
̊Chonacthas dom féin go rabhas i m’aonar agus fágtha gan taca, mar a bheadh duine ar imeall aigéin agus é ag iarraidh snámh trasna.̊
Thug de Gaulle óráid raidió cháiliúil ar 18 Meitheamh 1940 i Londain, "L'appel du 18 juin", [4]ag iarraidh ar mhuintir na Fraince seasamh in aghaidh na forghabhála. Rinne de Gaulle, anois ina Ghinearál agus ceannaire féincheaptha, achainí ar chách tacú leis agus cháin sé an sos cogaidh.[5] “Má tá cath caillte ag an bhFrainc inniu,” a dúirt de Gaulle, “níl an cogadh caillte aici.”
- Gearmánaigh. Thosaigh daoine ag cloí leis an France Combattante, mar a ghlaofaí ar an ngluaiseacht, ina nduine agus ina nduine ar dtús, ansin ina mbaicle agus ina mbaicle. Dhá mhí dár gcionn, thiontaigh an chéad mhír d’impireacht na Fraince a cóta nuair a thug na húdaráis choilíneacha i Sead a ndílseacht do ghluaiseacht de Gaulle seachas do rialtas an Mharascail Pétain. Faoin 18 Meitheamh 1942, nuair a labhair an Ginearál ag slógadh dá lucht leanúna san Albert Hall i Londain, bhí 70,000 fear ag troid i bhfórsaí armtha na Fraince Saoire. Bhí dhá rannán armúrtha ina measc, agus bhí ceann de na rannáin sin tar éis meanma na bhFrancach ar fud na cruinne a ardú trí chath a bhriseadh ar Afrikakorps na Gearmáine ag Bir-Hakeim. Ansin bhunaigh sé Fórsaí na bhFrancach Saor chun leanúint leis an troid thar lear in aghaidh na
Bhí na Fórsaí seo go mór chun tosaigh i saoradh na Fraince. Saoradh Páras ar an 25 Lúnasa, 1944 agus rinneadh Uachtarán Rialtais Sealadach na Fraince de De Gaulle.
Agus De Gaulle ag labhairt leis an slua daoine bailithe os comhair an Hôtel de Ville i bPáras tar éis d’airm na gComhghuaillithe seilbh a ghlacadh ar an gcathair, dúirt sé:
Páras. Páras maslaithe. Páras scriosta. Páras céasta. Ach Páras fuascailte!
Quatrième République
[cuir in eagar | athraigh foinse]Idir na blianta 1946 agus 1958, bhí de Gaulle as cumhacht. Tugtar ‘la traversée du désert’ nó ‘an turas trasna an fhásaigh’ ar an tréimhse seo.
Theip ar an Rassemblement du peuple français, gluaiseacht pholaitiúil a bhunaigh de Gaulle sna blianta sin, ach glaodh ar ais é sa bhliain 1958 nuair a bhí cogadh cathartha ar tí briseadh amach de bharr ghéarchéim na hAilgéire.
"Ceann d’íoróin na staire is ea é gur chinn polaiteoirí na Fraince cumhacht iomlán a bhronnadh ar an nGinearál de Gaulle nuair a chlis ar an 4ú poblacht, go díreach mar a bhronnadar cumhacht iomlán ar an Marascal Pétain nuair a chlis ar an 3ú poblacht ocht mbliana déag roimhe sin."[6]
Cinquième République
[cuir in eagar | athraigh foinse]1958
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí an Fhrainc ina cíor thuathail amach is amach sa bhliain 1958. Bhí an tír i gceartlár géarchéim eacnamaíochta agus an-droch-chuma ar cúrsaí san Ailgéir.
Tharla coup d'état ar an 13 Bealtaine 1958, an "Algiers putsch".[7] Tháinig de Gaulle ar ais sa bhliain 1958, tar éis géarchéime Bhealtaine 1958, le tacaíocht an Airm, agus shábháil an fear mór an daonlathas agus an tslándáil sa Fhrainc.
Dréachtaíodh bunreacht nua agus bunaíodh an "Cúigiú Poblacht". Chruthaigh de Gaulle institiúidí nua stáit, institiúidí a thug socracht pholaitiúil don tír.
1960idí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Toghadh de Gaulle mar Uachtarán na Fraince ar 21 Nollaig, 1958. Bhí sé in ann an tír a choimeád le chéile.
Bhí De Gaulle i gceannas nuair a eisíodh airgead nua, an "franc nua" ar an 1 Eanáir 1960.[8] Cuireadh an geilleagar sa Fhrainc chun cinn ag an am céanna. De bharr infheistíocht stáit i dteicneolaíocht an eolais, sa tionscal agus sa spástaiscéalaíocht, cuireadh borradh faoi gheilleagar na Fraince agus tháinig méadú trí mhilliún duine ar dhaonra na tíre sa tréimhse 1962-69.
San 1960idí, thug de Gaulle an tír chun síochána agus thug sé neamhspleáchas don Ailgéir, rud a chuir deireadh le cogadh costasach nár theastaigh leis na Francaigh. Ar an 19 Márta 1962, shínigh rialtas na Fraince agus an FLN an Comhaontú Evian.
D'fhorbair an Fhrainc airm núicléacha agus chuir De Gaulle polasaithe pan-Eorpacha chun tosaigh. Ach dhiúltaigh de Gaulle don Bhreatain dul isteach i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa sa bhliain 1967.[9]
Gnóthaí eachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí de Gaulle in aghaidh bhallraíocht na Breataine sa Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (an tAontas Eorpach níos déanaí). Lean Éire uirthi ag lorg ballraíochta sa CEE ach bhí deireadh le dóchas i 1963 nuair a léirigh Uachtarán de Gaulle nár theastaigh ón bhFrainc go mbeadh an Bhreatain sa chomhphobal.
Ansin Chuir an tUachtarán de Gaulle cosc leis an dara hiarratas sa bhliain 1967.[10]
Mar sin, níor éirigh le hÉIrinn ina cuid iarratas e bheith mar bhall den CEE sna 1960idí.[11]
1968, agus éirí as
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tharla Réabhlóid na Mac Léinn i mBealtaine 1968. Ar an 13 Bealtaine 1968, ghlac 800,000 duine, na ceardchumainn ina measc, páirt san agóid i bPáras in aghaidh de Gaulle. Ach sa deireadh thiar, ní raibh an Páirtí Cumannach sásta dul i gcomhpháirt leis na mic léinn (mar shampla "Dany le Rouge") ná a leithéid agus níorbh fhada go bhfuair an Ginearál de Gaulle an lámh in uachtar arís[12], ar feadh cúpla mí ar aon nós.
D'éirigh de Gaulle as oifig ar an 28 Aibreán 1969. Nuair a theip ar an reifreann a eagraíodh i mí Aibreáin 1969 chun an córas polaitiúil a leasú faoi mar a bhí molta aige, d’éirigh sé as oifig láithreach. Ach i ndáiríre, ba iad eachtraí mhí na Bealtaine 1968 a chuir deireadh le ré de Gaulle sa Fhrainc.
De Gaulle in Éirinn agus bás
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thug de Gaulle cuairt ar Éirinn sa bhliain 1969. Bhí an t-uachtarán díreach tar éis éirí as agus tháinig sé go hÉirinn ar feadh sé seachtaine le scríobh agus le machnamh, in aois a ocht mbliana déag agus trí scór, agus in ísle brí.
Chaith sé cúpla seachtain i gContae Chiarraí (An tSnaidhm) agus i gContae na Gaillime (Caiseal). Is in óstlann gar don tSnaidhm, Co Chiarraí, an Heron’s Cove, agus sa Cashel House Hotel i gConamara a chaith de Gaulle agus a bhean chéile, Yvonne, formhór a gcuid ama agus iad in Éirinn.
Ansin chaith de Gaulle cúpla lá cois Life ag deireadh a thurais. In oirthear na tíre dóibh, thugadar cuairt ar Ghleann Dá Loch.
Thug sé cuairt ar an uachtarán, Éamon de Valera. Ag cruinniú a bhí aige le baill den rialtas, fiafraíodh de cén chomhairle a bheadh aige do mhuintir na hÉireann. Is fiú machnamh a dhéanamh ar an bhfreagra a thug sé:
«Tá bhur neamhspleáchas polaitiúil agaibh. Caithfidh sibh bhur neamhspleáchas eacnamaíoch agus intleachtúil a fháil.’» [13]
Ansin chuaigh De Gaulle abhaile go Colombey-les-Deux-Églises, áit ar chaith an chuid eile dá shaol – seachas cuairt ar an Spáinn i 1970 (chun bualadh le Franco[14]).
Bhí an tsláinte go maith ag de Gaulle ag deireadh a shaoil. Ach ar an 9 Samhain 1970, bhí sé ag imirt Solitaire nuair a tháinig ainéaras air go tobann. Bhí 79 bliain d’aois aige ag an am.
Sinsir Éireannacha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba de shliocht Éireannach é de Gaulle ar thaobh a mháthar; ba í Marie Angélique MacCartan a shin-sheanmháthair.[15]
Agus mhaígh de Gaulle gur scríobh a sheanmháthair, Julia-Marie Delannoy, beathaisnéis Dhónaill Uí Chonaill.
Phós de Gaulle Yvonne Vendroux sa bhliain 1921 agus bhí triúr clainne acu.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ CONSEIL ÉCONOMIQUE, SOCIAL ET ENVIRONNEMENTAL (lecese.fr) (2009). "AMÉLIORER L'IMAGE DE LA FRANCE". Dáta rochtana: 2020.
- ↑ "Irish EU Presidency, News items : 2130603 MoS My week". eu2013.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-11-10. Dáta rochtana: 2019-11-10.
- ↑ "Séarlas Mór". Cúrsaí Staire (2012-07-03). Dáta rochtana: 2019-11-10.
- ↑ "L'Appel du 18 Juin" (as fr) (2022-08-26). Wikipédia.
- ↑ "Appeal of 18 June" (as en) (2019-06-18). Wikipedia.
- ↑ "Séarlas Mór". Cúrsaí Staire (2012-07-03). Dáta rochtana: 2019-11-10.
- ↑ "May 1958 crisis in France" (as en) (2020-12-06). Wikipedia.
- ↑ "French franc" (as en) (2020-11-25). Wikipedia.
- ↑ Nesta Roberts (1967-11-28). "Emphatic 'No' by de Gaulle" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2019-06-18.
- ↑ Laurent BELLEC (2016-05-30). "Éire san AE" (en). Éire - European Commission. Dáta rochtana: 2019-11-09.
- ↑ "Feasta - Smaointe polaitíochta". www.feasta.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-11-21. Dáta rochtana: 2019-11-09.
- ↑ Deaglán de Bhréadún (2016). "Scéalta Nuachta. Leabhair COMHAR 2016". Dáta rochtana: 2019.
- ↑ "Séarlas Mór". Cúrsaí Staire (2012-07-03). Dáta rochtana: 2019-11-10.
- ↑ "que_se_passa-t-il". www.la-guerre-d-espagne.net. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-05-02. Dáta rochtana: 2020-11-09.
- ↑ P. J. Mac Gabhann. "De Gaulle i measc na nGael" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-11-09.