Cogadh Saoirse na hAilgéire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Baracáidí i gCathair na hAilgéire le linn an chogaidh (1960)

Ba cheann de na cogaí díchóilínithe ba thábhachtaí agus ba chasta é Cogadh Saoirse na hAilgéire (195462). Ní raibh na Francaigh cinnte céard le déanamh san Ailgéir sa tréimhse seo. Bhí thart ar mhilliúin coilíneach Eorpach ina gcónaí san Ailgéir. Bhí an t-achrann chomh dona sin gur bheag nach raibh cogadh cathartha sa bhFrainc.

Bhí na Harkis (dílseoirí Moslamacha Arab-Ailgéireacha) i gcoinne an FLN (Fronta Náisiúnta Fuascailte), Gluaiseacht Náisiúnta na hAilgéire (MNA), le tacaíocht ón bPáirtí Cumannach Francach agus Páirtí Cumannach na hAilgéire. Ag an am chéile, bhí na Pieds-Noirs (na hAilgéir-Eorpaigh) ina liobrálaigh (Eorpaigh-Ailgéirigh), le roinnt Arab-Ailgéirigh, a bhí i bhfabhar an neamhspleáchais.

Tá an cogadh tábhachtach ó thaobh

  • na stailce treallchogaí,
  • na troda 'maquis', sceimhlitheoireacht in aghaidh ghnáthdhaoine ar gach taobh,
  • an sceimhlitheoireacht a rinne arm na Fraince,
  • agus círéib idir arm na Fraince, na Pieds Noirs agus an grúpa dílseoirí Moslamacha Arab-Ailgéireacha, nó na Harkis.

Cúlra[athraigh | athraigh vicithéacs]

I dtús na 1950idí, rinne an Fhrainc iarracht Vítneam a ath-thógaint. Ach theip uirthi agus cuireadh tús leis an gCéad Chogadh Ind-Síneach. Chaill na Francaigh an cogadh sin ag Cath Dien Bien Phu sa bhliain 1954. Díreach ina dhiaidh sin, bhris Cogadh Saoirse na hAilgéire amach san Ailgéir.

1954[athraigh | athraigh vicithéacs]

Sa bhliain 1954, bhí an Ailgéir fós measta mar chuid inmheánach den Fhrainc.

I Mí na Samhna 1954, i rith an Toussaint Rouge (Samhain na Fola), thit rialtas na Fraince as a chéile (an Ceathrú Poblacht a bhí i réim). Faoi ordaithe rialtas Guy Mollet (SFIO nó Sóisialach), thosaigh arm na Fraince feachtas "síothú" san Ailgéir. Chas an "oibríocht Ordaithe Poiblí" go tapa i gcogadh iomlán.

Bhí na hAilgéirigh i dtús báire i bhfábhar na síochána, ag díriú i gcomhair an neamhspleáchais iomláin. Scoilt an Fhrainc de bharr cúrsaí san "Ailgéir Fhrancach" (l'Algérie Française), caomhnú an rialtas, agus ghlacadh le idirbheartaíocht agus stádas idir Rialtas Dúchais agus iomlánú i bPoblacht na Fraince.

1956[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tharla an géarchéim Suez san Éigipt sa bhliain 1956, agus rinne an Fhrainc praiseach dá dheis. Cheap rialtas na Fraince go raibh an tUachtarán Nasser ag tabhairt cabhrach don FLN. Lagaigh an géarchéim seo an Fhrainc ar taobh idirnáisiúnta.

1958[athraigh | athraigh vicithéacs]

Sa bhliain 1958, thit an rialtas. Díscaoileadh an Ceathrú Poblacht agus bunaíodh Cúigiú Poblacht na Fraince, le huachtarán láidir, Charles de Gaulle, Bealtaine 1958. Bhí sé in ann an tír a choimeád le chéile fad is bhí sé ag iarraidh deireadh a chur leis an gcogadh. Fuair de Gaulle níos mó cumhachtaí mar Uachtarán. Cheap arm na Fraince go mbeadh de Gaulle in ann an Ailgéir a choimeád sa Chomhphobal Francach, ina raibh coilíneachtaí eile na Fraince. Ach diaidh ar ndiaidh, bhí de Gaulle ag claonadh do neamhspleáchas don Ailgéir.

1962[athraigh | athraigh vicithéacs]

Ar an 19 Márta 1962, shínigh rialtas na Fraince agus an FLN an Comhaontú Evian. As sin amach, bhí sos comhraic i bhfeidhm idir Arm na Fraince agus an FLN.