Cath Dien Bien Phu

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cath Dien Bien Phu
Cuid de Chéad Chogadh Ind-Síneach
Cath Dien Bien Phu

Paratrúpaí Francach

Dáta: 13 Márta - 7 Bealtaine 1954
Áit: Is gaire, Dien Bien Phu, Vítneam
Toradh: Bua fhórsaí na Vít Minh
Céilí comhraic
An Fhrainc
Quốc gia Việt Nam
saighdiúirí tuarastail Hmong
Vít Minh
Ceannasaithe
Christian de Castries
Pierre Langlais
René Cogny
Vo Nguyen Giap
Slua
~10,800 ~48,000
Taismigh
2,293 básanna,
5,195 gortaithe,
10,998 gabháilte[1]
23,000

Ba é Cath Dien Bien Phu (Vítneaimis: Chiến dịch Điện Biên Phủ) an Cath deireanach sa Chéad Chogadh Ind-Síneach idir fórsaí míleata na Fraince agus fórsaí réabhlóideacha na Vít Minh. Troideadh an Cath idir Mí Márta agus Mí Bealtaine 1954 agus chaill arm na Fraince go hiomlán sa deireadh, agus chaill an Fhrainc a forlámhas i Vitneam dá bharr.

Rinne na Francaigh botún mór straitéiseach nuair a thóg siad bunáit dá n-aerfhórsa ag Dien Bien Phu, i measc na sléibhte in iarthuaisceart Vítneam. Theastaigh uathu línte soláthair an Vít Minh a scoilt. Ach, toisc go raibh an bunáit aeir in íochtar an ghleanna, bhí an ginearál Vo Nguyen Giap, in ann é a thimpeallú agus Arm na Fraince (ina raibh mórán Gearmánach agus daoine as tíortha eile sa Léigiún Eachtrannach) a chur faoi léigear.


Ghabh na Vít Minh na cnoic ar fad timpeall ar Dien Bien Phu, agus bhí siad in ann scaoileadh síos ar na Francaigh le gunnaí móra airtléire a tugadh isteach trí na coillte ón tSín. Thosaigh troid uafásach thíos sa ghleann freisin agus an dá arm ag tabhairt aghaidh ar a chéile i dtrinsí mar a tharla sa Chéad Chogadh Domhanda. Arís is arís bhí na Francaigh in ann an fód a seasamh agus na Vít Minh a bhrú siar, le tacaíocht agus soláthair ón aer. Tar éis léigear a mhair dhá mí, chaill na Francaigh an fód agus ghéill siad. In ainneoin a gcaillteanas mór fear, lean na Vít Minh ar aghaidh lena dtóir ar na Francaigh a d'éalaigh a chloí go dtí go raibh deireadh leis an chath.

I ndiaidh an Chatha chríochnaigh an cogadh le comhaontú na Ginéive sa bhliain 1954. Scoilt na comhaontú seo an tír in dhá leath; bhris cogadh eile amach An Dara Cogadh Ind-Síneach sa bhliain 1957.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]