An Bhealtaine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Bealtaine)
<<   Bealtaine   >>
Lu Ao Sa Do
1 2 3 4 5
6 7 8 9 10 11 12
13 14 15 16 17 18 19
20 21 22 23 24 25 26
27 28 29 30 31
2024
Laethanta na bliana go léir

Is í BealtaineMí na Bealtaine an cúigiú den bhliain.

Síltear go mb’fhéidir go gciallaíonn an focal beal ‘solas geal’ agus is ionann an dara cuid den fhocal agus ‘tine[1].  Tá baint láidir idir an fhéile seo agus tinte i mbéaloideas na hÉireann.

Nósanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a bhíonn duine a bhfuil Gaeilge aige/aici i bponc faoi rud éigin, is minic a déarfaidh sé/sí “tá mé idir dhá thine Bhealtaine faoi.” Go dtí céad bliain ó shin, bhíodh sé de nós ag daoine in áiteanna áirithe faoin tuath in Éirinn dhá thine mhóra a lasadh ar an lá seo agus na ba a thiomáint idir an dá thine seo lena gcosaint ar aicídí. De réir téacs ón deichiú haois darb ainm Sanas Chormaic, bhí nós ag na draoithe an rud céanna a dhéanamh le linn ré na bPágánach na céadta bliain roimhe sin.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. bbc.co.uk (27 D.F. 2011). "Féilte na SeanGhael". Dáta rochtana: 4 Lúnasa 2018.