Béaloideas na hÉireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Béaloideas
Tír
Éire
Teanga
Gaeilge
Tréimhsiúlacht
1927- ar aghaidh
Cineál
Iris Bhéaloideas na hÉireann
Bunaithe
11 Éanair 1927
Seoladh
UCD Baile Átha Cliath
Eagarthóir
Seamus Ó Duilearga

Sainmhíniú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is féidir béaloidis a shainiú mar an traidisiúnta creidimh, nósanna, agus scéalta den phobal, a rith trí na glúine de bhriathar béil [1]. Deirtear gur lipéad réasúnta nua-aimseartha é an focal béaloideas a úsáideadh chun cur síos a dhéanamh ar chorp ábhair ag am nuair a bhagair sé go rachadh sé as feidhm [2]. Bíonn traidisiún láidir béaloidis ag neart pobal tuaithe ar fud an domhain, Éire san áireamh. De ghnáth, baineann an béaloideas le heachtraí stairiúla a tharla sa gceantar máguaird, m.sh. bá tragóideach iascairí, nó le heachtraí daoine cáiliúla ón stair, m.sh. Gráinne Mhaol. Caitheamh aimsire a bhíodh sa mbéaloideas roimh ré na litearthachta fairsinge, is minic a insíodh a scéalta timpeall tine tráthnóna nó oíche mar gurbh é an príomhchineál siamsaíochta é fadó. Is fíor a rá na seanscéalta, tá scéalta agus creidimh ar aghaidh ó ghlúin go glúin, is minic ag athrú agus leaganacha nua á chur leis. É sin ráite, tá suim réasúnta mór fós in ealaín insinte scéil sa lá atá inniu ann, cé go bhfuil formhór an phobail dulta i dtuilleamaí na teilifíse agus na meán cumarsáide eile le haghaidh a gcuid nuachta agus a gcuid seanchais. Déantar traidisiún an bhéaloidis a cheiliúradh fós inniu i scannáin, leabhair agus cláir teilifíse.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní féidir a shéanadh bhfuil béaloideas mar thraidisiún in éirinn leis na cianta.Téann an téarma Gaeilge ‘béaloideas’ siar go dtí an seachtú haois déag, ach níor úsáideadh é mar aistriúchán don téarma Béarla go dtí 1927. [3] Cuireadh tús le staidéir ar bhéaloideas na hÉireann mar thoradh ar mheath na teanga Éireannach agus athbheochan an 19ú agus tús an 20ú haois. [4] Deirtear gur tháinig béaloideas na hÉireann ó chomh luath leis na Ceiltigh timpeall 1000 BC. Cé nach raibh mórán scríbhneoireachta ann ón tréimhse seo seachas ogham, ba shochaí béil é an traidisiún ceilteach a chuir a chreidimh ar aghaidh trí bhéal[5]. Is inniu go bhfuilimid buíoch as an mbailiúchán seo mar chuimhneachán ar an am atá thart agus ar chultúr na tíre. Lean an traidisiún ar aghaidh tríd na blianta agus is rud é a bhfuilimid an-bhródúil aisti mar náisiún. Leanann cuid mhaith acu na creidimh agus insíonn siad na scéalta. Is gné é a chuimsítear i gcuraclaim scoile sa tír seo. Is minic a dhéanaimid ceiliúradh ar thraidisiún na ndaoine gan fiú a bhaint amach, sampla de seo ná Oíche Shamhna.

Coimisiún Béaloidis na hÉireann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaíodh an Coimisiún béaloidis na hÉireann sa bhliain 1927.Roimh sin ní raibh aon bailiúchán dár mbéaloideas agus ár dtraidisiúin dúchais. Creidtear go raibh traidisiún béaloidis in Éirinn ar cheann de na cinn is fearr in iarthar na hEorpa [6]. Laistigh dá aidhmeanna a bhí n-aidhmeanna mar bhéaloideas na hÉireann a bhailiú, a chaomhnú agus a fhoilsiú.

Deirtear gurb é an figiúr is tábhachtaí ina thaobh seo na Séamus Ó Duilearga. Bhí sé ina stiúrthóir ar an eagraíocht agus is é ráite gurb é ar cheann de phríomh-chruthaitheoirí na gcartlann béaloidis is mó agus is tábhachtaí sa domhain[7]. Is nuair a tháinig Séamus Ó Duilearga ar ais óna chuid taisteal ón an Eoraip ó thuaidh a fuair sé riachtanach chun na cuid cultúr na hÉireann a bhailiú agus a caomhnú[8].Ba é seasamh leochaileach na teanga Éireannach sa 20ú haois a spreag agus a chabhraigh le bunú an eagraíocht seo. Is fíor a rá go raibh an teanga i mbaol bás mar gheall ar na himeachtaí agus na Sasanigh ag ionradh ithreacha Éireannacha agus ag spreagadh a dteanga agus cultúr sa tír seo. Neartaigh stát na hÉireann a thaifead ar theanga na hÉireann trí chúnamh a thabhairt do choimisiún béaloidis na hÉireann. Mar gheall ar sin chabhraigh sé neartú na taifid dúchasach na hÉireann féin, agus ath-galldú na tíre[6].

Bailiúchán de thaifid - Iarracht charnach a bhí ann ó go leor daoine agus eagraíochtaí chun béaloideas na hÉireann a bhailiú.Ba le Conradh na Gaeilge ar cheann de na príomheagraíochtaí. Bhunaigh siad féile chultúrtha bhliantúil (An  tOireachtas) sa bhliain 1897. Reáchtáil siad comórtais agus duaiseanna don bhailiúchán is fearr de bhéaloideas. Cúpla bliain ina dhiadh sin nuair a bhunaigh an rialtas nua i 1922 rinne siad iarracht laidir chun cuidiú leis an mbailiúchán, cé go bhfuil airgead gann ag an am. Nuair a d’imigh na bheirt fhear leis an spéis is mó den bailiuchán  Eoin Mac Néill agus Richard Mulcahy, ní  aon rogha ach arís iarracht a dhéanamh tacaíocht phoiblí a fháil.

Bhunú an chumainn - Ní raibh sé gan iarracht go leor gur bhunaigh An Cumann le Béaloideas Éireann sa deireadh. Is ag an aonú la déag Éanair 1927, gur seoladh go foirmiúil é. Dubhghlas de hÍde a bhí ina chathaoirleach air, socraíodh ag an crinniú seo go bhfoilseofaí dialann dhá uair sa bhliain den na mball. Toghadh na baill ag an gcrinniú seo ina measc Pádraig Ó Siochfhradh mar uachtarán, Dubhghlas de hÍde mar cisteoir, Fionán Mac Coluim mar cisteoir cúnta agus ar ndóigh Seamus Ó Duilearga mar eagarthóir agus leabharlannaí[6]. Bhí an tsochaí ag brath ar mhaoiniú óna gcomhaltaí suibscríobhanna agus foilsíodh an dialann, Béaloideas, dhá uair sa bhliain [8]. É sin ráite, d’éirigh leis mar eagraíocht chumhachtach agus rathúil.

Timthriallta de mhiotaseolaíocht na hÉireann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dealbh den páistí ó Lir suite sa Gairdín Cuimhneacháin i gCearnóg Parnell i mBaile Átha Cliath

Timthriall Miotaseolaíoch[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is féidir béaloideas na hÉireann a roinnt ina cheithre phríomh-thimthriall, iad seo ag dul in ord ama. Timthriall Miotaseolaíoch an chéad cheann díobh seo, iad na scéalta de na Tuatha de Danann (sliocht na Ceiltigh)[9]. Ón am seo tá scéalta faoi dhéithe agus imeachtaí osnádúrtha, an t-am sular tháinig an Chríostaíocht go hÉirinn. Insíonn an timthriall spéisiúil seo scéal chúig ionradh imirceach na hÉireann. Tagann céann de na scéalta níos cáiliúila in Éireann na Oidheadh chloinne Lir ó thréimshe seo[10].

Múrmhaisiú Cú Chulainn, Bóthar Shankill, Béal Feirste

Timthriall Uladh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leanann an timthriall seo ón gceann deireanach, ag insint scéalta ón gcéad haois AD. Is tréimhse é seo de na finscéalta, laochra agus cogaíocht [11]. Sa timthriall seo tá scéalta faoin Rí Conchobar Mac Nessa agus a laochra 'Brainse Dearg'. Is é an finscéal cáiliúil Cú Chulainn an príomhcharachtar i go leor de na scéalta seo [12]. Ba iad na scéalta go minic ar an cathanna idir treibheanna éagsúla, cheann de na cinn is eol do mhórchuid na ndaoine Éireannacha na ‘Na Táin Bó Cuailgne’ idir  banríon ard na connacht agus rí de Uladh[13].


An t-iasc mór, Cé Dun na nGall os comhair Theach an Chustaim

Timthriall na bhFíníní[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ina dhiaidh sin tugtar sinn go dtí an 3ú haois AD. Na scéalta go háirithe as Mumhan agus Laighean. Leanann scéalta faoi laochra, comhdhéanta den chuid is mó de fhiach, iascaireacht agus troid. An duine is mó spéise ná  Fionn Mac Cumhail. Tá go leor scéalta ann agus an ceann is cáiliúla ná an ceann ar conas a fuair sé a chuid eolais go léir ón mbradán [14].

Timthriall Stairiúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Taispeánann an timthriall seo caite athrú i gcomparáid leis an chéad trí. Scríobhadh an timthriall seo idir 200 AD go 475 AD. San am seo bhí reiligiún na hÉireann ag bogadh ón bPágántacht go dtí an Chríostaíocht. Da bhrí sin ba imeachtaí stairiúla níos minice na scéalta. É sin ráite, tá an t-ábhar osnádúrtha in easnamh mar gheall ar sin. Chomh maith le a lán scéalta, tá an rud is mo na scéalta sa tréimhse seo  mórthimpeall ar Cormac mac Airt, Rí na hÉireann, agus a shinsir [15].




Eilimintí coitianta sa Bhéaloideas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is minic go raibh ról lárnach ag créatúir mhiotaseolaíochta sna scéalta bhéaloideas.

Aos sí

Aos Sí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iad na sióga nó Aos Sí ar cheann de na gnéithe is coitianta de bhéaloideas na hÉireann. Déantar cur síos ar na sióga mar ‘dhaoine maithe’, dá ngairtear spiorad na marbh go minic.  Deirtear gur tháinig bunús na sióga ó chuid de rúndiamhair an tsaoil, mar shampla galar, bás leanaí óga, tubaistí aimsire agus breith leanaí neamhghnácha nó faoi mhíchumas[16] Creidtear uair amháin gur cuid den saol iad na sióga. Deirtear go bhfuil teaghaisí faoi leith ag na sióga ar gnéithe suntasacha iad fós de thírdhreach na hÉireann inniu, cuid de na sampla de na ráthanna, dúnta, dolmainí agus crainn aonair [17]. Tá droch-ádh fós ann sa lá atá inniu ann na piseoga seo a athrú. Bhí eagla ag go leor den bpobal ar le haghaidh an dochar a d'fhéadfadh siad[18]. Is féidir a rá gur minic a léiríonn béaloideas tuairimí contrártha faoin gcine miotaseolaíoch[19]. Is í an fhéile a bheidh ann i mí na Bealtaine go ndeirtear go bhfuil na sióga beo. Ba chomhartha dea-ádh ó na sióga a bhí ina gcónaí sna bláthanna an sean-traidisiún de bhláthanna a fhágáil ar leac an dorais tithe an chéad oíche de Bealtaine[20].

Leipreachán

Leipreachán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is créatúir mhiotaseolaíochta é an leipreachán, feathal suntasach na tíre sa lá atá inniú ann. Mar is eol dóibh go traidisiúnta gur baill de theaghlach na sióg iad, deirtear go bhfuil siad cosúil le chéile mar gur créatúir bheaga iad, beagnach dhá nó trí throigh ar airde.Deirtear gur tháinig brí an fhocail “luchorpán,” rud a chiallaíonn corp beag[21]. Is sióga iad i bhfoirm seanfhir agus tá cónaí orthu in áiteanna iargúlta, i bhfad ar shiúl ó idirghníomhaíocht an duine[22]. Is ráite gur gréasaí iad de réir ceirde ag soláthar bróga damhsa do na sióga eile [23]. Is créatúir mhíthrócaireach iad, a chloistear go minic ag a nguth íseal ceoil agus cliceáil a gcuid casúr faoi fhálta sceach[24]. Ceann de na sean-tréithe atá ag an lep ná trí ádh mór, deirtear gur rogha eile é seo seachas a phota óir nuair atá sé faoi bhagairt. Go dtí an lá atá inniu ann tá sean-thraidisiún béaloidis ag daoine áirithe, deirtear gur feathal dea-ádh a bhí sa phota óir an ag deireadh an tuar ceatha. Is minic a dhéanann daoine mianta anois nuair a fheiceann siad tuar ceatha.




Bean sí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is bean í an bean sí, nó ben síde, ghlac sí páirt i gcultúr agus i mbéaloideas na hÉireann. Ní fios ag éinne cathain a tháinig an figiúr seo. Sna blianta fada ó shin bhí sé ina chultúr agus ba nós le fada an lá daoine a fhostú chun caoineadh ag sochraidí. Bhí siad in ann a bheith ag mairgneach don duine marbh. Is as sin deirtear go dtagann na Bean sí. Creidtear go raibh bean a bhí ina caoineadh gairmiúil ina saol ina bean sí sa bhás[25]. Is cinéal den scéal eile na gurb í spiorad linbh a fuair bás gan é a bhaisteadh[25] . Tá baint ag an banshee leis an mbás agus tá aithne air mar gheall ar a scread chráite. Is minic a fheictear an banshee ná mar a chloistear í. I rith na scéalta faoi, tá gach saghas cuma agus cur síos dí, an rud is an ceann is cotianta na cuma dorcha uirthi. Is san oíche amháin a fheictear agus is minic a chloistear an banshee, is léir go gcuirenn an scread chráite imni an domhain ar an duine.








  1. Stevenson, A. (ed.) (2010) ‘Oxford English Dictionary’, Oxford Dictionary of English. 3rd edn. Oxford University Press.
  2. Markey, A. (2006) ‘The Discovery of Irish Folklore’, New Hibernia Review / Iris Éireannach Nua, 10(4), pp. 21–43. Available at: http://www.jstor.org/stable/20558106 (Accessed: 25 January 2021).
  3. Markey, A. (2006) ‘The Discovery of Irish Folklore’, New Hibernia Review / Iris Éireannach Nua, 10(4), pp. 21–43. Available at: http://www.jstor.org/stable/20558106 (Accessed: 25 January 2021).
  4. Mag Fhloinn, B. (2008) ‘The Irish Folklore Commission 1935-1970: History, Ideology, Methodology’, Béaloideas. Edited by M. Briody, 76, pp. 283–287. Available at: http://www.jstor.org/stable/20520963 (Accessed: 25 January 2021).
  5. Claddagh Design. "A Quick Guide To Irish Mythology | Claddagh Design" (en-US). Dáta rochtana: 2021-01-28.
  6. 6.0 6.1 6.2 Briody, M. (2007) The Irish Folklore Commission 1935 - 1970: history, ideology, methodology. Helsinki: Finnish Literature Society (Studia Fennica Folkloristica, 17).
  7. "Ó DUILEARGA, Séamus (1899–1980)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2021-02-03.
  8. 8.0 8.1 Briody, M. (2007) The Irish Folklore Commission 1935 - 1970: history, ideology, methodology. Helsinki: Finnish Literature Society (Studia Fennica Folkloristica, 17).
  9. Claddagh Design. "A Quick Guide To Irish Mythology | Claddagh Design" (en-US). Dáta rochtana: 2021-01-29.
  10. The 4 Cycles of Irish Mythology | Irish Myths & Legends (2017) Carrolls Irish Gifts. Available at: https://blog.carrollsirishgifts.com/the-four-cycles-of-irish-mythology/ (Accessed: 29 January 2021).
  11. "The 4 Cycles of Irish Mythology | Irish Myths & Legends" (en-US). Carrolls Irish Gifts (2017-09-25). Dáta rochtana: 2021-02-01.
  12. Osborne, J. (2010) Sport, Games, Women and Warriors: An Historical and Philosophical Examination of the Early Irish Ulster Cycle. Victoria University. Available at: http://vuir.vu.edu.au/16108/1/Jaquelyn_Osborne_phd_thesis.pdf (Accessed: 1 February 2021).
  13. "Ulster cycle | Irish Gaelic literature" (en). Encyclopedia Britannica. Dáta rochtana: 2021-02-01.
  14. The 4 Cycles of Irish Mythology | Irish Myths & Legends (2017) Carrolls Irish Gifts. Available at: https://blog.carrollsirishgifts.com/the-four-cycles-of-irish-mythology/ (Accessed: 29 January 2021).
  15. The 4 Cycles of Irish Mythology | Irish Myths & Legends (2017) Carrolls Irish Gifts. Available at: https://blog.carrollsirishgifts.com/the-four-cycles-of-irish-mythology/ (Accessed: 29 January 2021).
  16. Eberly, S. S. (1988) ‘Fairies and the Folklore of Disability: Changelings, Hybrids and the Solitary Fairy’, Folklore, 99(1), pp. 58–77. doi: 10.1080/0015587X.1988.9716425.
  17. Irel, 's Folklore, Traditions (2018-12-22). "Fairies and Fairy lore: The reality of the Irish fairy" (en). Ireland's Folklore and Traditions. Dáta rochtana: 2021-01-27.
  18. Narvaez, P. (1997) The Good People: New Fairylore Essays. University Press of Kentucky.
  19. Christiansen, R. Th. (1971) ‘Some Notes on the Fairies and the Fairy Faith’, Béaloideas, 39/41, pp. 95–111. doi: 10.2307/20521348.
  20. Irel, 's Folklore, Traditions (2017-04-30). "The Folklore of May-Day/ Bealtaine" (en). Ireland's Folklore and Traditions. Dáta rochtana: 2021-01-27.
  21. "A Brief History of Leprechauns, Ireland's Trickster Fairies" (en-GB). Real Word (2020-03-09). Dáta rochtana: 2021-01-27.
  22. "Leprechaun | Irish folklore" (en). Encyclopedia Britannica. Dáta rochtana: 2021-01-27.
  23. Cooke, M. (2013) ‘Little People and Leprechauns: Creatures of Cultural Folklore - ProQuest’, 15(4), pp. 21–33.
  24. Winberry, J. J. (1976) ‘The Elusive Elf: Some Thoughts on the Nature and Origin of the Irish Leprechaun’, Folklore, 87(1), pp. 63–75. Available at: http://www.jstor.org/stable/1259500 (Accessed: 9 February 2021).
  25. 25.0 25.1 Lysaght, P. (1974) ‘Irish Banshee Traditions: A Preliminary Survey’, Béaloideas, 42/44, pp. 94–119. doi: 10.2307/20521375.