Aos Sí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

I Miotaseolaíocht na nGael (idir Éirinn agus Albain), cine osnádúrtha ab ea an t-Aos Sí (Sean-Ghaeilge: Áes Síde[1]).

Riders of the Sidhe (1911), pictiúr le John Duncan

Deirtear go mbíonn cónaí ar an Aos Sí bíodh faoi thalamh, nó trasna na mara thiar, nó i ndomhan dofheicthe a chómhaireann le domhan an chine dhaonna, mar a insítear i Leabhar Gabhála na hÉireann. As Nua-Ghaeilge, glaotar daoine na síthe orthu.[2] Deirtear anseo is ansiúd gur sinsir, spioraid an nádúir, nó déithe iad.[3]

Feictear i roinnt foinsí tánaisteacha agus treasacha Béarla, údair cáiliúla agus tábhachtacha amhail W. B. Yeats san áireamh, go luaitear an t-aos sí go simplí mar "the sídhe".[4]

Béaloideas agus Creideamh Sí[cuir in eagar | athraigh foinse]

I roinnt scéalta de chuid na nGael, is ainm liteartha na dTuath Dé Danann é an Aos Sí, sinsir dhiagaithe na nGael. Mar chuid de choinníollacha a ngéillte do Chlann Mhíle, thoiligh Tuatha Dé cúlú faoi thalamh. I leaganacha níos déanaí, bhí a sí féin do gach treabh na dTuath Dé. Deirtear gur sár-álainn atá siad, cé go bhféadann siad bheith gránna agus míofar.

Tá nasc idir an aos sí agus amanna áirithe na bliana. Sa chaoi go gcreidtear go mbíonn Tír na nÓg níos giorra don domhan daonna le titim na hoíche agus éirí na gréine, is níos éascaí é dá réir buaileadh leis an aos sí. Tá roinnt féilte ann gaolta leo Samhain, Bealtaine agus Féile Eoin (Lár an tSamhraidh) san áireamh.

Sceach gheal, a shíltear sa bhéaloideas agus miotaseolaíocht na nGael araon gur tiomanta don Aos Sí iad

Cleachtar an Creideamh Sí ag iad a bhfuil fonn orthu dea-chaidreamh a choinneáil leis an aos sí agus gan iad a mhaslú.[3] Trí ré na Críostaíochta go dtí an lá inniu, caomhnaítear in Éirinn, Albain agus i measc an diaspóra, nós táirgthe bainne agus bia traidisiúnta — amhail is bia bruithe, úil nó sméara — don aos.[3]

Creidtear go gcosnaíonn an t-Aos sí go fíochmhar a n-áitribh — cé acu sí, fáinne sí, crann ar leith (go minic sceach gheal), nó loch nó coill áirithe. Dá saorófaí a mbailte, chuirfidís an ruaig ar na daoine nó rudaí úd. Déantar dá bharr iarrachtaí áiteanna beannaithe an aosa a chosaint ó thoghail déanta bóithre nó tithe.[3][5] Tá scéalta den saghas sin mar bhunús de mhiotas na n-iarlaisí i mbéaloideas iarthar na hEorpa, .i. go ndéanann an t-Aos Sí fuadach ar leanbh le fonn díoltais.

De ghnáth, ní ainmnítear go díreach iad go fiú, ach glaoitear "na Daoine Maithe" orthu mar shofhriotal. Go deimhin, deirtí orthaí cosantacha scaití nuair a bhíodh daoine ag comhrá faoi na Daoine Maithe, ar eagla go dtiocfadh corraí orthu. Seo a leannas ceann a cloiseadh dé Máirt éigin fadó i mBéal Átha Chomhraic:

"Iniuf Dé Máirt. Is maith a' chórsa dhúinn iad! Is maith a chórsa dhófa sinn.
Glacamuid le n-a gar agus le n-a gcoimirc. Nár théighidh éinne a bhaineas dúinn achoíche ar an imirc!"[6]

Na síthe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is ionann na síthe agus na tuamanna a fheictear fós ar fud fad na tíre, ina mbíodh, de réir sna seantéacsanna, "na rí-thithe, cúirteanna, árais" de neacha an alltair a bhíodh ina gcónaí ann.[7] I roinnt téacsanna níos deireanaí as Béarla, ámh, úsáidtear go míchruinn an focal sídhe le haghaidh na ndaoine agus na tuamanna araon.

Ós rud é go bhfuarthas reiligí i mórán dó na síthe, creidtear gur lonnaitheoirí réamhCheilteacha na hÉireann iad an t-aos sí. De réir eile, tá tionchar chultúr na Gréige le fáil ann, go háirithe dar leo Oibreacha agus Laethe le Hesiod (a léirítear bunús moráltachta agus modhanna talmhaíochta na Gréige, agus a dhéanann cur síos ar na cine daonna cruthaithe ag na déithe). Moltar ámh gur neamhdhóchúil iad na smaointe seo, agus gur féidir an tionchar úd a thuiscint de bharr bhunús coiteann [[Prótai-Ind-Eorpach| an dá chultúir.

Cineáil[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Is ionann bean sí anois agus bean ar bith osnádúrtha na hÉireann, agus a caoineadh ag tuar báis.
  • Feictear an bean ní le baill fhuilteach éadaigh nó cathéide an té atá ar tí bád d'fháil.
  • Feictear anois is arís an sluagh sí sa spéir ag eitilt, b'fhéidir na mairbh mallaithe, olca, corracha. B'fhéidir gur cineál dá leithéid iad na siabhra, tugtha d'olc agus rógaireacht.[8][9] Tá amhrán tíre na nUltach ann áfach ina bhfaightear "sheevra" le brí ach "sióg".[10]

Faightear cineáil eile mar a leanas:

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Príomhfhoinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fofhoinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Briggs, Katharine (1978). The Vanishing People: Fairy Lore and Legends. New York: Pantheon.
  • Briody, Mícheál (2008, 2016) The Irish Folklore Commission 1935-1970: History, Ideology, Methodology Helsinki Finnish Literature Society ISBN 978-951-746-947-0 and Studia Fennica Foloristica 17 urn:ISSN:1235-1946 Retrieved on 10 April 2018
  • Colum, Padraic (1967) A Treasury of Irish Folklore: The Stories, Traditions, Legends, Humor, Wisdom, Ballads, and Songs of the Irish People. New York Crown Publishers ISBN 0517420465 Retrieved from Opensource via Archive.org 10 April 2018
  • De Jubainville, M. H. D'Arbois and Richard Irvine Best (1903). The Irish Mythological Cycle and Celtic Mythology. Dublin Hodges, Figgis, and Company. Retrieved from Indiana University Library via Archive.org 12 October 2017
  • Evans-Wentz, W. Y. (1911). The Fairy-Faith in Celtic Countries. London: Oxford University Press. Retrieved from University of California Library via Archive.org 12 October 2017
  • Gantz, Jeffrey (1981) Early Irish Myths and Sagas London, Penguin ISBN 0140443975; ISBN 9780140443974
  • Keating, Geoffrey ( 1866) Foras Feasa ar Éirinn: The History of Ireland O'Mahony John (Trans) New York. James B. Kirker Retrieved from Boston College Libraries via Archive.org 12 October 2017 also republished as Keating, Geoffrey ( 1902–14) Foras Feasa ar Éirinn: The History of Ireland Comyn, David and Dinneen, Patrick S. (eds.) 4 vols. London David Nutt for the Irish Texts Society. Retrieved from University of Toronto Library via Archive.org 12 October 2017
  • Keightley, Thomas. (1892) Fairy Mythology. London: George Bell & Sons, Retrieved from Project Gutenberg 15 October 2017
  • Koch, John T. (2005). Celtic Culture: A Historical Encyclopedia Vol. 1 A-Celti. Oxford. ABC-Clio. ISBN 9781851094400 Retrieved on 14 March 2018
  • MacKillop, James (1986). Fionn Mac Cumhail: Celtic Myth in English Literature New York Syracuse University Press ISBN 0-8156-2344-5 Retrieved on 14 March 2018
  • MacKillop, James (1998). Dictionary of Celtic Mythology. London: Oxford. ISBN 0-19-860967-1.
  • MacKillop, James (2005). Myths and Legends of the Celts. London. Penguin Books ISBN 9780141017945.Retrieved on 14 March 2018
  • McAnally, David Russell (1888).Irish Wonders: The Ghosts, Giants, Pookas, Demons, Leprechawns, Banshees, Fairies, Witches, Widows, Old Maids, and Other Marvels of the Emerald Isle Boston: Houghton, Mifflin, & Company Retrieved from United States Library of Congress via Archive.org 20 November 2017
  • Monaghan, Patricia (2004)The Encyclopedia of Celtic Mythology and Folklore New York Facts on File ISBN 0-8160-4524-0 Retrieved on 10 April 2018
  • Ó Danachair, Caoimhín (1978). A Bibliography of Irish Ethnology and Folk Tradition. Dublin Mercier Press ISBN 085342490X
  • Ó Súilleabháin, Seán (1942) A Handbook of Irish Folklore Dublin Educational Company of Ireland Limited ISBN 9780810335615
  • Ó Súilleabháin, Seán & Christiansen, Reidar Th.(1963). The Types of the Irish Folktale. Folklore Fellows' Communications No. 188. Helsinki 1963.
  • Rolleston, T.W. (1911). Myths and Legends of the Celtic Race. London. George Harrap and Company. Retrieved from Public Library of India via Archive.org 14 March 2018
  • Zipes, Jack (2015) The Oxford Companion to Fairy Tales 2nd Ed. Oxford University Press ISBN 978-0 -19-968982-8 Retrieved 10 April 2018
  • White, Carolyn (2005) [1st pub.1976], A History of Irish Fairies New York. Avalon Publishing Group. ISBN 0786715391
  • Irish folklore archive inscribed into UNESCO register Rte News 6 December 2017 Retrieved 10 April 2018

Foinsí Treasacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. síd, síth II ar eDIL
  2. James MacKillop, A Dictionary of Celtic Mythology (Oxford: Oxford University Press, 1998), s.v. daoine sídhe.
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 Evans Wentz, W. Y. (1966, 1990) The Fairy-Faith in Celtic Countries. Gerrards Cross, Colin Smythe Humanities Press ISBN 0-901072-51-6
  4. Yeats, William Butler (1908). "The Collected Works in Verse and Prose of William Butler Yeats". Shakespeare Head. 
  5. Lenihan, Eddie (2004). "Meeting the Other Crowd; The Fairy Stories of Hidden Ireland". New York: Jeremy P. Tarcher/Penguin. 
  6. Bean Pháraic Uí Neachtain (1947). "Ortha Ó Iorras". Béaloideas 17 (1/2): 112. An Cumann Le Béaloideas Éireann. 
  7. O'Curry, E., Lectures on Manuscript Materials, Baile Átha Cliath 1861, lch. 504, luaite ag Evans-Wentz 1966, lch. 291
  8. MacKillop, James (2004) Dictionary of Celtic Mythology
  9. Joyce, P.W. A Social History of Ancient Ireland, Iml. 1, lch. 271
  10. "The Gartan Mother's Lullaby" foilsithe 1904 i The Songs of Uladh, liricí le Seosamh Mac Cathmhaoil