Bunachar Bhéaloideas na Féinne
Cuma
| URL | https://fionnfolklore.org/ |
|---|---|
| Cineál | bailiúchán béaloidis, bunachar sonraí agus suíomh gréasáin |
| Cur i seirbhís | 2023 |

Is bunachar sonraí é Bunachar Bhéaloideas na Féinne (BBF) nó an Fionn Folklore Database (fionnfolklore.org).[1][2] Seoladh an acmhainn sa bhliain 2023. Is le maoiniú ó Ollscoil Harvard agus ó Chlár Tacaíochta Eisimirceach Rialtas na hÉireann a cuireadh an tionscadal seo ar an bhfód.[3] Tá an acmhainn faoi stiúir an Dr Natasha Sumner ó Roinn na dTeangacha agus na Litríochtaí Ceilteacha in Ollscoil Harvard.[4]
Feidhmiúlacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Tá thart fá 3,500 scéal ar BBF agus tuilleadh scéalta á gcur air i gcónaí. Tá an Fhiannaíocht ar an mbailiúchán scéalaíochta is líonmhaire dá bhfuil ann sa traidisiún Gaelach.
- Tá scéalta i gceithre theanga ann – Gaeilge na hÉireann, Gaeilge na hAlban, Gaeilge Mhanann, agus Béarla – agus iad bailithe ar dhá thaobh an Atlantaigh. Bailíodh na scéalta is faide ar shiúl in Seattle sna Stáit Aontaithe.
- Tá léarscáil idirghníomhach acu agus is féidir ceantar ar bith a chuardach.
- Tá gluais de théarmaí úsáideacha le fáil, agus cur síos ar na carachtair is suntasaí i saol na Féinne.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 "Fionn Folklore Database". fionnfolklore.org. Dáta rochtana: 2023-12-13.
- ↑ Dubhán Ó Longáin (2023-12-12). "Cois Tine le Fionn Mac Cumhaill". NÓS. Dáta rochtana: 2023-12-13.
- ↑ Éanna Ó Caollaí (2023). "Fionn Mac Cumhaill sa ré dhigiteach". The Irish Times. Dáta rochtana: 2023-12-12.
- ↑ Robert McMillen (2023-07-18). "Scéalta agus amhráin na Fiannaíochta anois le fáil in aon bhunachar amháin". The Irish News. Dáta rochtana: 2023-12-13.