Leipreachán
| Cineál | mythical humanoid race (en) |
|---|---|
| Dáta | |
| Creideamh | miotaseolaíocht na nGael |
| Eile | |
| Cuid de | miotaseolaíocht na nGael agus Na Scéalta Miotaseolaíochta |
Gréasaí sí, a bhfuil cáil air as a chuid diabhlaíochta, is ea an leipreachán, nó an lúchorpán mar a dhéantar cur síos air i gcuid de na seanscéalta.[1] Is iomaí leagan malartach de ‘leipreachán’ a thugtar i bhFoclóir Uí Dhomhnaill: ‘lucharachán, lucharbán, luchargán, lucharpán, luchramán, luipreachán’ agus araile. Ach ‘leipreachán’ amháin atá i bhFoclóir Uí Mhianáin, agus sin atá in úsáid go coitianta anois.[2]

Tréithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an leipreachán ar méid páiste óig, cé go bhfuil na céadta blianta slánaithe aige ar nós na sióg eile. Bíonn dúil mhór ag an leipreachán in airgead, agus deirtear go bhfuil pota mór óir i bhfolach aige. Is féidir iallach a chur ar an leipreachán an pota óir a thabhairt don té a bheireann ar an leipreachán, cé go n-éalóidh an leipreachán múna gcoinneofar amharc air an t-am ar fad.
Taispeánann na leipreacháin meas an tseansochaí ar fhir cheirde, is dócha. I dtuairim na muintire tuaithe, bhí na ceardaithe (ar nós gréasaithe, gaibhne, srl.) glic, saibhir, seachantach ar a gcuid maoine a roinnt le daoine eile.
Siombail
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá siombail d'Éirinn ar fad déanta den leipreachán i Meiriceá Thuaidh. Tá an siombail ceangailte le stéiréitíopáilte eile Éireannacha, mar shampla cairdiúlacht, ólachán, agus Lá Fhéile Pádraig.
Béaloideas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ní cairdiúil ar chor ar bith a bhí na leipreacháin i bhfíorseanchas na hÉireann.
Ar Gaois.ie tá 53 shampla de ‘leipreachán’ in úsáid i dtéacsanna Gaeilge agus gan ach trí shampla den iomaitheoir is gaire dó, ‘lucharachán’.[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Is iad seo a leanas na príomhchineálacha sióige in Éirinn: Aos sí, síog, bean sí, púca, fear dearg, maighdean mhara, síofra, Fir Bholg, Tuatha Dé Danann agus boggart. Féach freisin alltar, ábartach, srl
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Bridget Bhreathnach (19 Márta 2026). "Kneecap faighte dáiríre, trapanna Leipreacháin á gcur" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-03-20.
- 1 2 Eoin Ó Cróinín (2021-07-27). "'Is rialacha bréagacha gan bhunús iad cuid de na rialacha gramadaí'" (ga-IE). Dáta rochtana: 2023-07-17.[nasc briste go buan]