2024
Sampla de | bliain féilire, bliain bhisigh ag tosú ar an Luan agus ag críochnú ar an Máirt agus current year (en) |
---|---|
Féilirí eile | |
féilire Ghréagóra | 2024 (mmxxiv) |
Ioslamach | 1446 – 1447 |
Síneach | 4720 – 4721 |
Eabhrach | 5784 – 5785 |
Hiondúch | 2079 – 2080 (Vikram Samvat) 1946 – 1947 (Shaka Samvat) 5125 – 5126 (Kali Yuga) |
Peirseach | 1402 – 1403 |
Airméanach | 1473 |
Rúnach | 2274 |
Ab urbe condita | 2777 |
Catagóirí | |
Básanna Teilifís Scannáin Spóirt | |
Aois | |
20ú haois - 21ú haois - 22ú haois | |
Deich mbliana | |
1990í 2000í 2010í - 2020í - 2030í 2040í 2050í | |
Bliain | |
2021 2022 2023 - 2024 - 2025 2026 2027
| |
Is bliain bhisigh í an bhliain 2024 (MMXXIV).
Cúrsaí reatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Aimsir na bliana 2024, an bhliain is teo a taifeadadh riamh
Nollaig
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa Fhrainc, thit an rialtas Barnier (ar dheis ón lár) as a chéile ar an 5 Nollag nuair a tháinig na hantoiscigh, an Rassemblement National agus an Front Populaire, i bpáirt le chéile chun tabhairt air éirí as. Ansin cheap Emmanuel Macron Francois Bayrou (ón lár) mar phríomhaire agus d'fhógair Bayrou rialtas nua ar an 23 Nollaig 2024.
Ciontaíodh 48 fear in éigniú Gisèle Pelicot ar an 19 Nollaig; an t-ádh ar 23 fear eile nach raibh na póilíní in ann teacht orthu.
Tharla feallmharú an Ghinearáil Kirillov ar an 17 Nollaig, Rúiseach a bhí freagrach as coireanna cogaidh le húsáid na n-armlón ceimiceach san Úcráin.
D'fhógair "Rialtas na hÉireann a dtacaíocht do chaingean dlí na hAfraice Theas in aghaidh Iosrael" sa Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta, ar an 12 Nollaig 2024.
Bhuail Cioclón Chido an Mhósaimbíc agus Mayotte go dona, ar an 7 Nollaig; crann ar bith fágtha ina sheasamh ar an oileán Mayotte.
Bhuail Stoirm Darragh Calafort Caergybi go dona, ar an 6/7 Nollaig.
Caitheadh Brian Thompson de chuid UnitedHealthcare ar an 4 Nollaig 2024 in Manhattan. Gabhadh Luigi Mangione.
Samhain
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ritheadh An Bille um Bás Cuidithe i dTeach na dTeachtaí (Westminster) ar an 29 Samhain.
Olltoghchán na hÉireann, 2024 ar an 29 Samhain chun an 34ú Dáil Éireann a thoghadh.
Tháinig sos comhraic idir Iosrael agus treallchogaithe Hezbollah i bhfeidhm ar an 27 Samhain.
COP29: tháinig na toscairí ar chomhaontú: 300 billiún dollar sa bhliain ón mbliain 2035 ar aghaidh ar an 23 Samhain.
Toghchán Uachtaránachta na Stát Aontaithe; bhuaigh Trump gan stró ar an 5 Samhain, agus Teach na hIonadaithe agus an Seanad aige.
COP16 nó Comhdháil na Náisiún Aontaithe um Bhithéagsúlacht 2024: comhaontú ar bith ar an 4 Samhain agus suim ar bith in Éirinn.
Bunaíodh an feachtas TINTEÁN ar an 1 Samhain chun dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht.
Deireadh Fómhair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Maraíodh 231 de bharr maidhmeanna tuile in oirthear na Spáinne ar an 29 Deireadh Fómhair.
Fiáin chun drugaí, léim an réalta Liam Payne thar bhalastráid na balcóine ar an tríú hurlár den óstán Casa Sur ar an 16 Deireadh Fómhair.
Maraíodh ceannaire Hamas, Yahya Sinwar, gortaithe, ina shuí ar chathaoir, i dteach scriosta ar an 16 Deireadh Fómhair.
Rinne Iosrael ionradh talún ar an Liobáin i dtús Dheireadh Fómhair. Cuireadh as seilbh 1,200,000 de bharr an chogaidh (daonra 5.4 mhilliún sa tír).
Meán Fómhair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Maraíodh ceannasaí de chuid Hezbollah, Hassan Nasrallah agus ceannairí eile ar an 27 Meán Fómhair.
Bhuail Hairicín Helene na Stáit Aontaithe. Fágadh muintir North Carolina in umar na haimléise.
Phléasc Iosrael na mílte glaoire agus siúlscéalaití sa Liobáin agus sa tSiria, ar an 17 agus 18 Meán Fómhair.
An dara iarracht Donald Trump a fheallmharú ar an 15 Meán Fómhair.
Dúirt Mary Robinson gur mór an náire "an neamhshuim atá á léiriú ag an bpobal idirnáisiúnta" sa tSúdáin ar an 9 Meán Fómhair.
Ionsaí diúracán de chuid na Rúise ar Poltava san Úcráin ar an 3 Meán Fómhair 2024.
Lúnasa
[cuir in eagar | athraigh foinse]Osclaíodh na Cluichí Parailimpeacha i bPáras ar an 28 Lúnasa.
Iúil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Feallmharaíodh ceannaire polaitíochta Hamas, Ismail Haniyeh, ar an 31 Iúil 2024 i dTehran.
Cuireadh tús le hagóidí agus círéibeacha frith-inimirce sa Ríocht Aontaithe, i mBéal Feirste chomh maith ar an 29 Iúil. Scaipeadh go leor frithfhaisnéise.
Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh i bPáras idir 26 Iúil - 6 Lúnasa 2024.
Eachtra Crowdstrike: Cur isteach domhanda ar theicneolaíocht faisnéise ar an 24 Iúil.
D'fhógair Joe Biden nach mbeadh sé ina iarrthóir d'ainmniúchán an Pháirtí Dhaonlathaigh ar an 21 Iúil.
Bhí Dé Domhnaigh 21 Iúil 2024 ar an lá ba theo riamh ar fud an domhain ó cuireadh tús leis na taifid.
An chéad iarracht Donald Trump a fheallmharú ar an 13 Iúil.
Olltoghchán na Fraince 2024 ar an 7 Iúil: timpeall 220+ suíochan don chomhghuaillíocht sa lár agus ar dheis, a bhain le Macron, an "Front Populaire" 192 suíochan & an Rassemblement National 142 suíochan.
Fuair Sinn Féin an sciar is mó den vóta riamh & rinneadh scrios ar an DUP in Olltoghchán na R-A i dTuaisceart Éireann ar an 4 Iúil.
Scriosadh na Tóraithe in Olltoghchán na Ríochta Aontaithe ar an 4 Iúil.
Meitheamh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tharla díospóireacht Biden-Trump ar an 24 Meitheamh 2024, díospóireacht a d’fhág na Daonlathaigh buartha faoi chumas an Biden díriú ar a ábhar. Ó shin i leith, bhí sé ina fhiabhras cainte agus díospóireachta sna meáin faoina aois, faoina shláinte agus faoi ghéire a intinne
Craobhchomórtais Lúthchleasaíochta na hEorpa 2024 i Rome.
Ag ócáid tiomsaithe airgid ar an 17 Meitheamh, d’fhan Joe Biden ina staic nuair a bhí sé in ainm dul ar stáitse. B’éigean do Barack Obama breith ar lámh air agus é a threorú. Dhiúltaigh Biden don éileamh go n-éireodh sé as.
Saoradh na ngiall i Nuseirat agus damáiste comhthaobhach ollmhór ar an 10 Meitheamh, le linn an Chogaidh Iosrael-Gaza.
Toghchán Pharlaimint na hEorpa; bhí Páirtí an Phobail Eorpaigh, de chuid FG & Ursula Von der Leyen, fós ar an ngrúpa is mó.
Toghcháin áitiúla na hÉireann ar an 7 Meitheamh; an chéad uair riamh a raibh deis ag daoine i gcathair Luimnigh Méara a thoghadh.
D'ionsaigh Iosrael scoil i gcampa dídeanaithe Nuseirat i lár stráice Gaza ar an 6 Meitheamh. Bhí an scoil faoi stiúir na Náisiún Aontaithe.
Bealtaine
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ciontaíodh i gcalaois Donald Trump ar an 30 Bealtaine.
Olltoghchán na hAfraice Theas ar an 29 Bealtaine 2024. Atoghadh Cyril Ramaphosa mar uachtarán don tríú uair ar an 16 Meitheamh.
Thug an CBI ordú d'Iosrael deireadh a chur láithreach bonn leis an mór-ionsaí ar chathair Rafah i ndeisceart Gaza, ar an 24 Bealtaine 2024.
Tháinig an scannán corpuafáis The Substance amach ar an 19 Bealtaine i gCannes; an spot-solas ar an mbrú a chuirtear ar mhná a bheith óg, álainn, tarraingteach agus 'foirfe' sa tsochaí ina mairimid
Tháinig an scannán Black Dog amach i gCannes, stiúrtha ag Hu Guan, ar an 18 Bealtaine.
Chinn bainistíocht Choláiste na Tríonóide dífheistiú a dhéanamh ó institiúidí de chuid Iosrael ar an 7 Bealtaine.
Tháinig Coimisiún Neamhspleách um Athmhuintearas agus Aimsiú Eolais i bhfeidhm sa Ríocht Aontaithe.
Aibreán
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhuail tuilte an Stát Rio Grande do Sul i bhfíordheisceart na Brasaíle idir 29 Aibreán - tús na Bealtaine.
Thug Parlaimint na hEorpa a beannacht don Chomhaontú Imirce agus Tearmainn an Aontais Eorpaigh ar an 10 Aibreán.
Ionsaí de chuid Iosrael ar World Central Kitchen i lár stráice Gaza ar an 1 Aibreán. Ionsaithe eile ar WCK i mí Iúil agus mí na Samhna.
Márta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thug an droichead Francis Scott Key i Maryland uaidh nuair a bhuail long choimeádán ceann de na piléir thaca.
Maraíodh 145+ in ionsaí sceimhlitheoireachta de chuid Stát Ioslamach sa Rúis ar an 22 Márta.
Bhí ollbhua ag Putin i dToghchán Uachtaránachta na Rúise 2024 ar an 17 Márta 2024, 88% den vóta, creid nó ná creid.
Rith Parlaimint na hEorpa dlíthe maidir le rialú na hintleachta saorga, an tAcht um Intleacht Shaorga, ar an 13 Márta.
Oibríocht Kenova agus Freddie Scappaticci aka ‘Stakeknife : foilsíodh an chéad tuarascáil eatramhach ar an 8 Márta.
Theip ar an 39ú Leasú ar Bhunreacht na hÉireann agus ar an 40ú Leasú ar Bhunreacht na hÉireann ar an 8 Márta.
Feabhra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sléacht Al-Rashid: Scaoil saighdiúirí Iosraelacha le slua mór bailithe timpeall leoraithe lán de lón cabhrach ar an 29 Feabhra.
Rialaigh an Ard-Chúirt i mBéal Feirste go sáraíonn cuid den Acht Oidhreachta na dTrioblóidí an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, ar an 28 Feabhra.[1][2][3]
Thug Parlaimint na hEorpa a beannacht don Dlí Athchóirithe Nádúir an Aontais Eorpaigh ar an 27 Feabhra.
Thuirling IM-1 gan tuisliú gar do mhol theas na gealaí, spásárthach de chuid Intuitive Machines, ar an 22 Feabhra.
Thosaigh Imscrúdú na Cúirte Bhreithiúnais Idirnáisiúnta maidir le forghabháil na hIosrael ar chríocha Palaistíneacha sa Háig ar 19 Feabhra.
Tháinig an tAcht um Sheirbhísí Digiteacha an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm in Éirinn ar an 16 Feabhra.
Fuair an gníomhaí Rúiseach Alexei Navalny bás ar an 16 Feabhra, sa champa géibhinn iargúlta ina raibh sé faoi choimeád san Artach.
Scannal íocaíochta RTÉ: tháinig sé chun solais ar an 14 Feabhra gur tugadh íocaíochtaí iomarcaíochta ollmhóra do dhaoine áirithe nuair a d'fhág siad RTÉ sna 2020idí.
Eanáir
[cuir in eagar | athraigh foinse]B'éigean Eitilt 1282 tuirlingt éigeandála a dhéanamh nuair a séideadh ceann de fhuinneoga agus taobhphainéal an eitleáin amach ar an 5 Eanáir.
Lean Géarchéim na Mara Rua ar aghaidh;
Bhuail Crith talún Noto cósta thiar na Seapáine ar Lá Caille 2024; agus fuair 504 bás (díreach & indíreach).
Básanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Básanna: an liosta iomlán anseo
- Na Gaeil a fuair bás in 2024: Pádraig Ó Baoighill, údar; Charlie Lennon, ileolaí srl; Mícheál Ó Muircheartaigh, CLG; Catrìona NicGumaraid, file; Gearóid Ó Cairealláin, Gael; agus Fionnbarra Ó Cuilleanáin, Athair
- agus Mary Banotti, FG; Charlie Bird, iriseoir; John Bruton, FG; Rose Dugdale, IRA; Gemma Hussey, FG; Nell McCafferty, bean; Edna O'Brien, údar; Tony O'Reilly, fiontraí; Mary O'Rourke, FF; agus Kathleen Watkins, cláirseoir
- agus, áit ar leith, an Ginearál Sir Michael David Jackson, GCB, CBE, DSO, DL agus an Ginearál Sir Frank Kitson GBE, CBE, KCB, MC & Bar, DL
- 2 Eanáir — Frank Kitson, ginearál in Arm na Breataine (r. 1926)
- 4 Eanáir — Glynis Johns, aisteoir Briotanach (r. 1923)
- 5 Eanáir — Catrìona NicGumaraid, file Gaelach (r. 1947)
- 7 Eanáir — Franz Beckenbauer, imreoir sacair Gearmánach (r. 1945)
- 21 Eanáir — Thomas Hussey, polaiteoir Éireannach (r. 1936)
- 22 Eanáir — Arno Allan Penzias, fisiceoir Meiriceánach
- 22 Eanáir — Luigi Riva, imreoir sacair Iodálach
- 5 Feabhra — Dries van Agt, Príomh-Aire na hÍsiltíre (r. 1931)
- 6 Feabhra — John Bruton, Taoiseach na hÉireann (r. 1947)
- 16 Feabhra — Alexei Navalny, dlíodóir agus gníomhaí polaitíochta Rúiseach
- 21 Feabhra — Roger Charles Louis Guillemin, dochtúir Francach
- 29 Feabhra — Brian Mulroney, Príomh-Aire ar Cheanada (r. 1939)
- 11 Márta — Charlie Bird, iriseoir agus craoltóir Éireannach (r. 1949)
- 17 Márta — Emmet Stagg, polaiteoir Éireannach (r. 1944)
- 18 Márta — Rose Dugdale, poblachtánach Éireannach
- 30 Márta — Dick Dowling, polaiteoir Éireannach
- 30 Márta — Guylaine Guy, ban-aisteoir Ceanadach
- 2 Aibreán — John Barth, scríbhneoir Meiriceánach
- 6 Aibreán — Joseph E. Brennan, polaiteoir Meiriceánach
- 7 Aibreán — Joe Kinnear, peileadóir sacair Éireannach (r 1946)
- 10 Aibreán — O. J. Simpson, aisteoir agus peileadóir Meiriceánach (r. 1947)
- 24 Aibreán — Nancy Dorian, teangeolaí Meiriceánach
- 10 Bealtaine — Mary Banotti, polaiteoir Éireannach
- 13 Bealtaine — Alice Munro, scríbhneoir Ceanadach
- 18 Bealtaine — Tony O'Reilly, fear gnó agus imreoir rugbaí Éireannach
- 19 Bealtaine — Ebrahim Raisi, 8ú Uachtarán ar an Iaráin (r. 1960)
- 20 Bealtaine — Fran Rooney, fear gnó Éireannach(r. 1956)
- 26 Bealtaine — Fionnbarra Ó Cuilleanáin, sagart agus scríbhneoir Éireannach
- 5 Meitheamh — Akira Endo, bithcheimiceoir agus micribhitheolaí Seapánach
- 8 Meitheamh — Charlie Lennon, ceoltóir Éireannach
- 18 Meitheamh — Anouk Aimée, ban-aisteoir Francach
- 20 Meitheamh — Donald Sutherland, aisteoir Ceanadach
- 21 Meitheamh — Pádraig Ó Baoighill, scríbhneoir Éireannach
- 22 Meitheamh — Bernard Ó hAilín, polaiteoir Éireannach de chuid Fine Gael
- 25 Meitheamh — Mícheál Ó Muircheartaigh, tráchtaire CLG
- 5 Iúil — Bengt Ingemar Samuelsson, bithcheimiceoir Sualannach
- 7 Iúil — Hugh Geoghegan, breitheamh Éireannach
- 9 Iúil — James Inhofe, polaiteoir Meiriceánach
- 13 Iúil — Richard Simmons, múinteoir corpacmhainne agus aisteoir Meiriceánach
- 19 Iúil — Ray Reardon, imreoir snúcair Breatnach
- 23 Iúil — Robin Warren, paiteolaí Astrálach
- 27 Iúil — Edna O'Brien, file, úrscéalaí, scríbhneoir, is beathaisnéisí Éireannach
- 14 Lúnasa — Gena Rowlands, ban-aisteoir Meiriceánach
- 18 Lúnasa — Alain Delon, aisteoir Francach
- 18 Lúnasa — Phil Donahue, craoltóir agus léiritheoir Gael-Mheiriceánach
- 21 Lúnasa — Nell McCafferty, scríbhneoir Éireannach
- 31 Lúnasa — Jack Hibberd, drámadóir Astrálach
- 9 Meán Fómhair — James Earl Jones, aisteoir Meiriceánach
- 27 Meán Fómhair — Maggie Smith, ban-aisteoir Sasanach
- 28 Meán Fómhair — Kris Kristofferson, amhránaí agus aisteoir Meiriceánach
- 30 Meán Fómhair — Ken Page, aisteoir Meiriceánach
- 3 Deireadh Fómhair — Máire Uí Ruairc, polaiteoir Éireannach
- 12 Deireadh Fómhair — Ailig Salmond, polaiteoir Albanach
- 15 Deireadh Fómhair — Mike Jackson, ginearál Sasanach
- 16 Deireadh Fómhair — Liam Payne, amhránaí Sasanach
- 17 Deireadh Fómhair — Andrew Victor Schally, bithcheimicí Liotuánach
- 22 Deireadh Fómhair — Gustavo Gutiérrez, diagaire Peiriúch
- 23 Deireadh Fómhair — Leon Neil Cooper, fisiceoir Meiriceánach
- 8 Samhain — Billy Lawless, polaiteoir Éireannach
- 15 Samhain — Jon Kenny, fuirseoir Éireannach
- 19 Samhain — Ken Reid, iriseoir Briotanach
- 24 Samhain — Breyten Breytenbach, scríbhneoir agus péintéir as an Afraic Theas
- 26 Samhain — Gemma Hussey, polaiteoir Éireannach
Básanna: an liosta iomlán anseo
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Reachtaíocht Rialtas na Breataine faoi eachtraí na dTrioblóidí ‘mídhleathach’" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-02-28). Dáta rochtana: 2024-02-28.
- ↑ reuters.com (23 Feabhra 2024). "UK's Northern Ireland amnesty law in breach of human rights, court rules". Dáta rochtana: 2024.
- ↑ "NI Troubles: Legacy Act immunity clause 'breaches' human rights" (en-GB) (2024-02-28). Dáta rochtana: 2024-02-29.