Frank Kitson
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 15 Nollaig 1926 Kensington, England |
Bás | 2 Eanáir 2024 97 bliana d'aois |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Scoil Stowe |
Gníomhaíocht | |
Gairm | saighdiúir, scríbhneoir |
Teangacha | Béarla |
Gairm mhíleata | |
Brainse míleata | Arm na Breataine |
Céim mhíleata | oifigeach coitianta |
Coinbhleacht | An Éigeandáil Mhalaech |
Teaghlach | |
Céile | Elizabeth Janet Spencer (1962–2024), bás an duine |
Athair | Henry Kitson |
Gradam a fuarthas
|
Ginearál in Arm na Breataine ba ea Sir Frank Kitson GBE,[1] CBE,[2] KCB, MC & Bar, DL (15 Nollaig 1926 – 2 Eanáir 2024). Is é an Ginearál Kitson an duine is mó a luaitear le straitéis mhíleata fhorneartach Arm na Breataine i mblianta tosaigh na coimhlinte i dTuaisceart Éireann.[3] Maíodh go minic go ndeachaigh saighdiúirí Kitson i bpáirt le dílseoirí.[4]
Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Oifigeach Sasanach ba ea Kitson, a bhí ag cur faoi chois ceannaircí sna coilíneachtaí i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, cosúil le hÉirí Amach Mau Mau sa Chéinia agus an Éigeandáil Mhalaech i Leithinis Mhalae - an Mhalaeisia, inniu. Saineolaí ab ea Kitson ar chúrsaí frithcheannairce – nó sceimhlitheoireacht stáit – ceird a chleacht sé i dtosach sa Mhalae, sa Chéinia, in Óman, in Áidin agus sa Chipir, agus bhronn Arm na Breataine dhá bhonn gaisce air as ucht a raibh déanta aige sna háiteanna sin. Is é Kitson a chum an polasaí cochaill a chur anuas ar chloigne daoine agus iad á gceistiú, agus is sa Chéinia a bhain sé feidhm i dtosach as an bpolasaí sin sular chuir sé barr feabhais air sa Tuaisceart.[4]
Scríobh Kitson lámhleabhar na frithcheannairce – go liteartha agus agus go meafarach – leabhar a foilsíodh sa bhliain 1971. Comhairlíonn sé sa leabhar buíonta sceimhlitheoirí stáit a bhunú, bolscaireacht a chraobhscaoileadh agus leas a bhaint as cleasa síceolaíochta leis an mbonn a bhaint de cheannaircigh dhúchasacha. Níos déanaí, chuaigh smaointí Kitson i bhfeidhm ar an dara heagrán den Leabhar Uaine de chuid an IRA.
Tuaisceart Éireann
[cuir in eagar | athraigh foinse]In 1970, d'éirigh le saighdiúirí Kitson seilbh a ghabháil ar cheantair i mBéal Feirste a bhí faoi smacht an IRA Oifigiúil agus an IRA Shealadaigh agus tugadh moladh céadach dó dá bhíthin sin.
Bhí Kitson, mar bhriogáidire, i gceannas ar an gcathlán paratrúipéirí a lámhach agus a mharaigh deichniúr i mBaile Uí Mhurchú in iarthar Bhéal Feirste i gcaitheamh trí lá idir 9-11 Lúnasa 1971.[4]
Bhí Kitson i gceannas ar an gcathlán paratrúipéirí a lámhach agus a mharaigh ceithre dhuine dhéag i gcathair Dhoire ar an 30 Eanáir 1972, Domhnach na Fola.
Bronnadh gradam CBE[2] ar Kitson ar 15 Feabhra 1972, coicís i ndiaidh Dhomhnach na Fola.
Bronnadh ridireacht ar Kitson i 1980.
Mar le Domhnach na Fola, thug an Ginearál Mike Jackson le fios in 2007 go ndúirt Kitson gur chóra don Choirnéal Derek Wilford – an t-oifigeach a bhí i gceannas na saighdiúirí an lá sin – gur chóra dó "an obair a chríochnú".[4]
In 2015, chuir teaghlach Patrick Eugene Heenan, fear Caitliceach ar mharaigh an UDA é in 1973, chuir siad an dlí ar Kitson agus ar Arm na Breataine go ginearálta as a mharú.[5]
Níos déanaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ceapadh Kitson mar ardcheannasaí-Ginearál ar Arm na Breataine ar 1 Iúil 1982.
Bhásaigh Kitson ar 2 Eanáir 2024 in aois a sheacht mbliana déag agus ceithre scór.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- An Leabhar Uaine de chuid an IRA
- Sléacht Bhaile Uí Mhurchú (1971)
- Domhnach na Fola (1972)
- Domhain-cheastóireacht
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Knight Grand Cross of the Order of the British Empire
- ↑ 2.0 2.1 Commander of the Order of the British Empire
- ↑ "Former British officer Frank Kitson left ‘terrible legacy’ in north" (en). The Irish News (2024-01-04). Dáta rochtana: 2024-01-11.
- ↑ 4.0 4.1 4.2 4.3 Nuacht RTÉ (2024-01-04). "An 'frithcheannairceach' an Ginearál Frank Kitson tar éis bháis" (as ga-IE).
- ↑ "Senior UK army officer to be sued over NI death" (as en) (2015-04-27).