Edna O'Brien
(2016) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 15 Nollaig 1930 Tuaim Gréine, Éire |
Bás | 27 Iúil 2024 93 bliana d'aois Londain, England |
Booker Prize judge (en) | |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Filíocht, gearrscéal, scríbhneoireacht scannán, scríbhneoireacht teilifíse agus gníomhaíocht liteartha |
Gairm | file, úrscéalaí, scríbhneoir, scríbhneoir scripte, gearrscéalaí, beathaisnéisí, drámadóir |
Fostóir | An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath |
Ball de | |
Teangacha | Béarla |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Suíomh a chartlainne | |
Teaghlach | |
Céile | Ernest Gébler (1954–1964), colscaradh |
Páiste | Carlo Gébler |
Gradam a fuarthas | |
|
Úrscéalaí agus scríbhneoir ba ea Edna O'Brien (15 Nollaig 1930 - 27 Iúil 2024). Scríobh Enright gurbh í O’Brien an chéad bhean Éireannach riamh a raibh gnéas aici – roimhe sin, ní raibh ag mná na hÉireann ach páistí. Inniu is doiligh linn a chreidbheáil gur chuir leabhair O'Brien alltacht ar an tír sna 1960idí luatha.[1]
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí O'Brien ina ceimicí sular thosaigh sí ag scríobh.
Phós sí Ernest Gébler in 1954,[2] úrscéalaí cumannach as Baile Átha Cliath, de bhunadh na Seicslóvaice (a phós bean as Meiriceá agus a bhfuair colscaradh in 1951). Bhí tuismitheoirí O'Brien go dubh in éadan an phósta ón tús, a máthair ach go háirithe Bhí beirt pháiste ag O'Brien le Gébler. Scaradh an cúpla in 1964, agus thóg O'Brien an bheirt ghasúr léi féin.[1]
Foilsíodh a chéad úrscéal, The Country Girls, sa bhliain 1960,[3] agus í 30 bliain d’aois ag an am (scríobh sí an leabhar taobh istigh de thrí seachtainí, a dúirt sí). Bean í a máthair, a dúirt sí, a raibh an dúfhuath aici ar an fhocal scríofa agus a bhí náirithe ag ceird a hiníne, go háirithe nuair a thosaigh tuatach agus cléir ag maslú a chéad leabhair. Leoga, dódh moll mór The Country Girls ag teach an phobail ina sráidbhaile dúchais.[1][4] Tír a bhí faoi smacht na hEaglaise Caitlicí, tír an-choimeádach, tír arbh fhearr léi an rún ná an oscailteacht, an bhréag in áit na fírinne a bhí ann agus seo an timpeallacht inar fhás Edna O’Brien aníos i dTuaim Gréine in oirthear an Chláir.
Foilsíodh The Lonely Girl (nó Girl with Green Eyes mar a tugadh níos maille air) in 1962 agus Girls in Their Married Bliss in 1964. Tháinig úrscéal an Bhrianaigh August Is a Wicked Month amach sa bhliain 1965,[5] Bhí bac i ndán do na leabhair seo in Éirinn agus i dtíortha eile nárbh í siocair cur síos a bheith ann ar chaidreamh collaí. Measann O'Brien féin nach raibh mórán gnéis ina cuid leabhar ar chor ar bith ; ní raibh an gnéas a bhí i leabhair O’Brien ach ionracas.[6]
D'fhan O'Brien i Londain go dtí deireadh a saoil, agus bhí an caidreamh aici lena tír dhúchais casta. Shilfeá go mbeadh an dearg-ghráin aici ar a bhfuil ar an oileán iathghlas seo ach dalta duine a tógadh san fhasach, tugann siad a luach don uisce. Nó mar a dúirt sí féin: “Tá mé iontach sásta gur tháinig mé as áit measartha Dia-thréigthe – b’fhéidir gur Tidy Town na bliana atá anois ann – ach tá mé sásta nach raibh mé millte ag saol ar dhóigh ar bith cultúrtha nó liteartha."[1]
Scríobh O’Brien In The Forest sa bhliain 2002,[7] úrscéal bunaithe ar dhúnmharaithe Imelda Riney, a mac trí bliana d’aois, Liam, agus an sagart an tAthair Joseph Walsh, a bhfuarthas a gcoirp sa choill in aice leis an áit inar tógadh O’Brien. Fuarthas Brendan O’Donnell ciontach as na dúnmharaithe ach chuir sé lámh lena bhás féin agus é ag caitheamh príosúnacht saoil i gcarchair. Chuir an leabhar isteach go mór ar dhaoine a chreid nár ceart an t-uafás a athchruthú in úrscéal.
Clann
[cuir in eagar | athraigh foinse]Scríobh mac O'Brien, Carlo Gébler, cuntas pearsanta mothúchánach, Father & I faoina chaidreamh lena athair, Ernest Gébler, agus lena mháthair, ina shárshaothar sa chineál sin litríochta.[8][9]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Kate O'Brien (úrscéalaí), Máire Mhac an tSaoi
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Clár TG4 in 2020 Cosc, sraith trí chlár, ar shaothar ar cuireadh cosc orthu nó a ndearnadh cinsireacht orthu in Éirinn.[3]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 1.3 Robert McMillen (2010). "Agallamh le Edna O’Brien". www.robertmcmillen.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-04-21. Dáta rochtana: 2024-07-29.
- ↑ "Ernest Gébler" (as en) (2024-07-28). Wikipedia.
- ↑ 3.0 3.1 Méabh Ní Thuathaláin (27 Lúnasa 2020). "Cad é a bheas le feiceáil i nGaeilge ar RTÉ an fómhar seo?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-07-29.
- ↑ “Dóú deasghnách a bhí acu – deir siad anois nar tharla sé ach tharla – ar thailte theach an phobail,” arsa Edna. “Dúirt mo mháthair liom cad a tharla agus rith gach mothúchán fríd mo chorp – eagla, náire, iontas ina measc.
- ↑ "August Is a Wicked Month" (en). Goodreads. Dáta rochtana: 2024-07-29.
- ↑ Mártan Ó Ciardha (19 Meitheamh 2022). "Mí Iúil ‘Mí na Mailíse’ anois…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-07-29.
- ↑ "In the Forest" (as en) (2023-07-02). Wikipedia.
- ↑ "Clár an ardáin liteartha ag Electric Picnic á fhógairt ag an gComhairle Ealaíon" (Irish). www.artscouncil.ie (2014-08-27). Dáta rochtana: 2024-07-29.
- ↑ Carlo Gebler (2013-05-02). "Father And I: A Memoir" (as en). Little, Brown Book Group.