Gnéas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is é an toradh a bhíonn ar ghnéas atáirgthe rathúla in ainmhithe ná comhtháthú na speirme agus na h-ubhchille

Sa bhitheolaíocht, is próiseas é gnéas a chomhcheanglaíonn agus a mheascann tréithe géiniteacha.

Go minic bíonn speisialú na n-orgánach mar thoradh ar seo ina gcruthaítear fireann nó baineann (ar a dtugtar an gnéas). Baineann atáirgeadh gnéasach leis an bpróiseas ina ceanglaítear gaiméití le chéile chun sliocht a chruthú, ina mbíonn tréithe oidhreachtúla, ó thaobh na beirt tuismitheoirí acu.

Is féidir le gaiméití a bheith comhionann i bhfoirm agus i bhfeidhm (ar a dtugtar iseaghaiméití), ach i go leor cásanna fabhraítear neamhshiméadracht den sórt sin go mbíonn dhá ghaiméit gnéasoiriúnaithe (heitreagaiméití) ann: gaiméití-fireann a bhíonn beag, gluaisteach, agus barrfheabhsaithe chun a gcuid faisnéise géiniteach a iompair thar achar mór, cé go mbíonn na gaiméití-baineann, neamh-ghluaisteach agus bíonn dóthanach cothaitheach acu chun luath-fhorbairt an orgánaigh óig.

Gnéasacht an duine[athraigh | athraigh vicithéacs]

XXY siondróm M

Sa ghnáthchill dhaonna bíonn 46 crómasóm, 22 péire uathsóm (crómasóim nearnhghnéasacha), agus péire gnéaschrómasóm comhoiriúnaithe X-chrómasóm sa bhaineannach, nó péire gnéaschrómasóm neamhchornhoiriúnaithe, X chromasóm is Y -chrómasóm, sa bhfireannach[1].

Féach freisin[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)