Atáirgeadh gnéasach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Déanann ainmhithe sliocht a phórú trí atáirgeadh gnéasach de ghnáth, ach uaireanta déanann siad é trí atáirgeadh éighnéasach. Is é an gníomh bunúsach a bhíonn i gceist in atáirgeadh gnéasach go dtagann dhá núicléas (na gaiméití) le chéile agus go dtáthaínn siad lena chéile chun cill amháin, an ubh thoirchithe (nó siogót), a dhéanamh. Is iad an dá núicléas a tháthaíonn le chéile ná núicléas speirmchille agus núiucléas ubhchille. Ó chorp an fhireannaigh a thagann an speirmchill; ó chorp an bhaineannaig don ubhchill.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]