Colscaradh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Colscaradh Napoleon Bonaparte agus Josephine, Palais des Tuileries, 30 Samhain 1809 le Bosselman

An próiseas chun pósadh nó aontas pósta a fhoirceannadh é colscaradh, ar a dtugtar freisin díscaoileadh an phósta. De ghnáth bíonn i gceist leis an colscaradh dualgais agus freagrachtaí dlíthiúla an phósta a chealú nó a atheagrú, agus ar an gcaoi sin bannaí an phósta idir lánúin phósta a dhíscaoileadh faoi riail dlí na tíre nó an stáit áirithe. Tá difríochtaí móra idir dlíthe colscartha ar fud an domhain,, ach i bhformhór na dtíortha éilíonn an colscaradh ceadú cúirte nó údaráis eile i bpróiseas dlí, a bhféadfadh saincheisteanna a bheith i gceist maidir le dáileadh maoine, cúram leanaí, ailiúnas ( taca chéile),cuairt / rochtain ar leanaí, am tuismitheoireachta, taca leanaí, agus roinnt an fhéich. I bhformhór na dtíortha, éilítear an monagamas de réir dlí, mar sin ligeann an colscaradh do gach iarpháirtnéir duine eile a phósadh.

Tháinig Marilyn Monroe agus a dlíodóir Jerry Giesler os comhair na cúirte nuair a bhfuair sí colscaradh le Joe DiMaggio, 1954

Nuair a chliseann orthu siúd atá i gcaidreamh faoin dlí coiteann, tugtar scaradh air, seachas colscaradh.[1]

Tá an colscaradh difriúil ón neamhniú, a dhearbhaíonn an pósadh a bheith ar neamhní go hiomlán, nó idirscaradh dlíthiúil nó scaradh de jure (próiseas dlí trína bhféadfaidh lánúin phósta scaradh de facto a fhoirmiú go foirmiúil agus iad fós pósta go dlíthiúil) nó le scaradh de facto (próiseas ina bhfuil stopann na céilí go neamhfhoirmiúil le chéile). Athraíonn fáthanna na gcolscarthaí, ó neamh-chomhoiriúnacht ghnéasach nó easpa neamhspleáchais do chéile amháin nó don bheirt chéile go dtí clonscairt phearsantachta .[2]

Is iad na hOileáin Fhilipíneacha, Cathair na Vatacáine agus Spleáchas Corónach na Breataine Sark na tíortha amháin nach gceadaíonn colscaradh. Sna hOileáin Fhilipíneacha, níl an colscaradh do Fhilipínigh neamh-Mhoslamacha dlíthiúil mura neachtrannach an fear céile nó an bhean chéile agus má shásaíonn sé/sí coinníollacha áirithe.[3]

iar-lánúin taobh amuigh den chúirt , 12 Feabhra 1968 san Isiltír

Is stát eaglasta í Cathair na Vatacáine, nach bhfuil aon nós imeachta ann maidir leis an cholscaradh. Is iad na tíortha a bhfuil an colscaradh dleathach acu le déanaí ná an Iodáil (1970), an Phortaingéil (1975, cé go raibh sé indéanta ó 1910 go 1940 don phósadh sibhialta agus reiligiúnach), an Bhrasaíl (1977), an Spáinn (1981), an Airgintín (1987), Paragua (1991),[4] an Cholóim (1991; ó 1976 ach amháin do dhaoine nach Caitlicigh iad), Andóra (1995), [5] Éire (1996), an tSile (2004) agus Málta ( 2011).

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Separation Agreement Ontario - ClearWay Law -844-466-6529
  2. The Covenant Divorce Recovery Leader's Handbook - Page 166, Wade Powers - 2008
  3. Gloria (2007). "Who needs divorce in the Philippines?". Mindanao Law Journal 1: 18–28. doi:10.3860/mlj.v1i1.315. 
  4. Sex and the State: Abortion, Divorce, and the Family Under Latin. American Dictatorships and Democracies, by Mala Htun, pp 102
  5. Le divorce en droit comparé: Europe by Bernard Dutoit, Raphaël Arn, Béatrice Sfondylia, Camilla Taminelli, pp.56