Cathair na Vatacáine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilCathair na Vatacáine
Civitas Vaticana (la) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnInno e Marcia Pontificale Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«luach ar iarraidh» Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósCnoc na Vatacáine Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 41°54′14″N 12°27′11″E / 41.904°N 12.453°E / 41.904; 12.453
Iamhchríoch laistigh deAn Róimh agus an Iodáil Cuir in eagar ar Wikidata

Príomhchathairluach ar iarraidh agus Cathair na Vatacáine Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán764 (2023) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús1,559.18 hab./km²
Teanga oifigiúilan Iodáilis
an Fhraincis
an Laidin Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla0.49 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeCnoc na Vatacáine (77 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is ísleSaint Peter's Square (en) Aistrigh (33 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síStáit an Phápa Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú11 Feabhra 1929
Saoire phoiblí
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaisdialathas, monarcacht thoghaí, monarcacht absalóideach agus absolute theocratic monarchy (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht feidhmiúcháinGovernorate of Vatican City State (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachPontifical Commission for the Vatican City State (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
• Pápa Cuir in eagar ar WikidataPápa Pius XI (1929–1939) Cuir in eagar ar Wikidata
• President of the Pontifical Commission for the Vatican City State (en) Aistrigh Cuir in eagar ar WikidataFernando Vérgez Alzaga Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
AirgeadraEuro Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist00120 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil.va Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód+39 agus +379 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir theileafóin éigeandála112 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód tíreVA Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinvaticanstate.va Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: pontifex Cuir in eagar ar Wikidata

Is í Cathair na Vatacáine, nó Stát Chathair na Vatacáine (Iodáilis: Stato della Città del Vaticano, Laidin: Status Civitatis Vaticanae) lárionad na hEaglaise Caitlicí sa domhan, agus í suite taobh istigh den Róimh, príomhchathair na hIodáile. Is féidir an Vatacáin a thabhairt uirthi as Gaeilge freisin.

Is í an Vatacáin an stát is lú sa Domhan de réir an daonra agus an achair. Tháinig an Vatacáin ar an bhfód mar atá sí inniu, nuair a shínigh Benito Mussolini agus an Pápa Pius XII Conradh na Lataráine sa bhliain 1929.

Is gá an Vatacáin féin a aithint thar an Suí Naofa, nó is follasach go raibh an Suí Naofa ann, mar choincheap, i bhfad sular bunaíodh Stát na Vatacáine. Foilsítear fógráin oifigiúla na Vatacáine féin as Iodáilis, ach is í an Laidin bunteanga na gcáipéisí a eisíonn an Suí. Thairis sin, ní hionann pasanna na Vatacáine agus pasanna an tSuí Naofa. Ní stát é an Suí Naofa féin, agus mar sin, ní féidir leis ach pasanna dioplómaitiúla agus pasanna seirbhíse a eisiúint, ach bíonn an Vatacáin féin ag eisiúint gnáthphasanna.

Roimh lá na Vatacáine, bhí a leithéid de rud ann agus Stáit an Phápa. Is éard a bhí i gceist le Stáit an Phápa ná an stát eaglasta a bhí ann sna blianta 756-1870, agus é ag cuimsiú lár na hIodáile go léir. Tháinig deireadh leis na Stáit seo de thoradh an Risorgimento, is é sin, leis na cogaí a cuireadh sa naoú haois déag leis an Iodáil go léir a aontú. Nuair a shínigh Pius agus Mussolini Conradh na Lataráine, shainigh siad nárbh é athbhunú Stáit an Phápa a bhí i gceist, ach stát nua ar fad.

Plás Pheadair - Cathair na Vatacáine

Monarcacht í an Vatacáin, agus is é an Pápa an monarc. Eaglaisigh Chaitliceacha iad na feidhmeannaigh is airde sa Stát. Tá limistéar an Stáit faoi fhorlámhas an tSuí Naofa, agus cónaí ar an bPápa ansin, sa Phálás Aspalda. Níl cónaí ar an bPápa ansin ach ón mbliain 1377 anuas. Roimhe sin, bhíodh na Pápaí ina gcónaí i bPálás na Lataráine ar Chnoc Caelius ar an taobh eile den chathair. I bPálás na Lataráine a síníodh Conradh na Lataráine freisin, agus sin é an fáth go bhfuil an t-ainm sin ar an gConradh.

Seanainm é ainm na Vatacáine, agus é ag dul siar go dtí na blianta réamh-Chríostaí: Mons Vaticanus an leagan Laidine, nó Cnoc na Vatacáine. Cuid de shean-Chnoc na Vatacáine iad críocha an Stáit, chomh maith leis na Machairí Vatacánacha in aice leis an gCnoc. B'ansin a tógadh Baisleac Pheadair, an Séipéal Sistíneach, an Pálás Aspalda agus na hiarsmalanna, chomh maith le foirgnimh áirithe eile. Go dtí an bhliain 1929, bhain na tailte seo le barda Borgo.

Tá cuid d'fhoirgnimh an tSuí Naofa suite taobh amuigh den Vatacáin, go háirithe Castel Gandolfo, áitreabh samhraidh an Phápa, chomh maith le baisleaca áirithe. Tá cearta eistíre ag údaráis na Vatacáine sna tailte seo, agus iad á bpóilíniú ag gníomhairí Vatacánacha.

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]


Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]