Andóra

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAndóra
Andorra (ca) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnEl Gran Carlemany Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«Virtus Unita Fortior»
«El País dels Pirineus» Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 42°34′N 1°34′E / 42.56°N 1.56°E / 42.56; 1.56

PríomhchathairAndorra la Vella Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán85,101 (2023) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús181.84 hab./km²
Teanga oifigiúilan Chatalóinis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid dePaïsos Catalans Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla468 km² Cuir in eagar ar Wikidata
• Uisce0 % Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeComa Pedrosa (en) Aistrigh (2,942 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is ísleGran Valira (en) Aistrigh (840 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Cruthú1278
Saoire phoiblí
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaiscomhphrionsacht pharlaiminteach Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht feidhmiúcháinComhairle Feidhmiúcháin Andóra Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachArd-Chomhairle Andóra Cuir in eagar ar Wikidata
• Comh-Phrionsa na Fraince Cuir in eagar ar WikidataJoan Enric Vives Sicília (2003–) Cuir in eagar ar Wikidata
• Prime Minister of Andorra (en) Aistrigh Cuir in eagar ar WikidataXavier Espot Zamora (2019–) Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
OTI ainmniúil3,325,145,407 $ (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
AirgeadraEuro Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil.ad Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód+376 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir theileafóin éigeandála112, 110, 116 agus 118 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód tíreAD Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáingovern.ad Cuir in eagar ar Wikidata

Is prionsacht bheag thalamhiata í Prionsacht Andóra (Catalóinis: Principat d'Andorra, Fraincis: Principauté d'Andorre) atá suite in iardheisceart na hEorpa, in oirthear na bPiréiní idir an Fhrainc agus an Spáinn. Andorra la Vella an phríomhchathair(daonra: 70,787 i 2001).

Glactar leis gurbh é Séarlas Mór a bhunaigh Andóra. Bhí an phrionsacht á rialú ag cúnta Urgell go dtí an bhliain 988, nuair a aistríodh an t-údarás chuig easpag Caitliceach Urgell. An córas dhá phrionsa atá i bhfeidhm in Andóra inniu, tá sé bunaithe ar an gcairt ón mbliain 1278. De réir na cairte seo, is iad easpag Urgell sa Spáinn agus Uachtarán Phoblacht na Fraince atá i gceannas ar Andóra. Ar dtús ba é Cúnta Foix ón bhFrainc a bhí ag rialú na tíre in éineacht leis an easpag, ach chuaigh an t-údarás seo ó chúnta Foix go rí na Fraince nuair a shealbhaigh Annraoi a Ceathair an ríchathaoir, ó bhí sé ina chúnta ar Foix roimhe sin. Le teacht Mhuirthéacht na Fraince agus na Poblachta fuair Uachtarán na Fraince céimíocht seo an chomhphrionsa in Andóra.

Is í an Chatalóinis teanga oifigiúil na tíre, ach ós rud é gurb iad an Spáinn agus an Fhrainc a sholáthraíonn an scolaíocht, tá ceann den dá theanga seo ag cách in Andóra.

Tíreolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tír thalamhiata is ea Andóra. Is í Valira an phriomhabhainn. Tá Andóra deighilte ina seacht bparóiste.

Geilleagar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faigheann Andóra thart ar 80% den olltáirgeacht intíre ón turasóireacht - tugann thart ar 9,000,000 duine cuairt ar Andóra in aghaidh na bliana. Is tearmann cánach í agus tá seirbhísí baincéireachta tábhachtach freisin le hioncam a thabhairt do mhuintir na tíre. Ní ballstát de chuid an Aontais Eorpaigh é. Níl aon táille cánach ar earraí déantúsaíochta ach gearrtar cáin ar earraí talmhaíochta.

Daonra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is í an Chatalóinis teanga oifigiúil Andóra agus teanga dhúchais na nAndórach. Is iad an Fhrainc agus an Spáinn a sholáthraíonn an t-oideachas sa tír de réir a gcuraclaim féin, agus mar sin, bíonn Fraincis agus Spáinnis á labhairt go sármhaith ag na hAndóraigh. Thairis sin tharla an-inimirce ón bPortaingéil sna seachtóidí agus sna hochtóidí, rud a chiallaíonn go bhfuil Portaingéilis ó dhúchas ag trí déag faoin gcéad acu siúd a bhfuil cónaí orthu in Andóra inniu.


Glactar leis go bhfuil cónaí ar thuairim is 77,000 duine in Andóra. Níl saoránacht na tíre ach ag duine as an triúr. Iad siúd nach saoránaigh iad níl cead vótála acu sna toghcháin áitiúla, agus ní féidir Príomh-Aire a ghairm de dhuine acu. Thairis sin ní cheadaítear dóibh níos mó ná tríocha faoin gcéad de sciaranna aon ghnólachta phríobháidigh a bheith ag duine acu.

Teangacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  Máthairtheanga
Catalóinis 38.8%
Spáinnis 35.4%
Portaingéilis 15%
Fraincís 5.4%
Teanga eile 5.5%
Foinse: Observatori de l'Institut d'Estudis Andorrans Curtha i gcartlann 2013-08-22 ar an Wayback Machine

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Observatori de l'Institut d'Estudis Andorrans