Jump to content

An Chatalóinis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaAn Chatalóinis
català agus valencià

Cineálteanga agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais4,873,396 (2021)
Dúchasach doan Chatalóin, Comhphobal Valencia, na hOileáin Bhailéaracha, Andóra, La Franja (en) Aistrigh, Carche (en) Aistrigh, Northern Catalonia (en) Aistrigh, Alghero, An Aragóin, Murcia agus Pyrénées-Orientales
Stáitan Spáinn, an Fhrainc, Andóra agus an Iodáil
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Iodáilice
teangacha Rómánsacha
teangacha Rómánsacha Iartharacha
teangacha Gall-Ibéaracha
teangacha Gall-Rómánsacha
teangacha Ocsatánach-Rómánsacha
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir Laidineach
Institiúid caighdeánaitheInstitut d'Estudis Catalans (en) Aistrigh agus Acadèmia Valenciana de la Llengua (en) Aistrigh
Staidéar agCatalan philology (en) Aistrigh
Stairhistory of Catalan (en) Aistrigh
Cóid
ISO 639-1ca
ISO 639-2cat
ISO 639-3cat
ISO 639-6iren
Glottologstan1289
Linguasphere51-AAA-e
Ethnologuecat
ASCL2301
Linguist Listcat
IETFca

Is teanga Rómánsach iartharach í an Chatalóinis (català sa Chatalóinis, valencià i gComhphobal València)[1] a bhfuil stádas oifigiúil aici sa Chatalóin, sna hOileáin Bhailéaracha, in Andóra agus i gComhphobal València (mar a dtugtar "an Vaileinsis" uirthi). Is teanga chosanta í mar theanga mhionlaigh sa mbaile Alghero i Sairdín na hIodáile.[2] Mar an gcéanna, tá stádas aici mar theanga réigiúnach i dTuaisceart na Catalóine (sa bhFrainc), ach is í an Fhraincis teanga oifigiúil na háite. Tá pobal labhartha stairiúil aici san Aragóin agus i réigiún Murcia chomh maith. Tugtar "na Tíortha Catalónacha" ar na háiteanna seo ina bhfuil an Chatalóinis á labhairt go stairiúil.

Mar theanga Rómánsach, tháinig sí ó Laidin choiteann na gcoilíneach Rómhánach, i gceantar na bPiréiní thoir. Tá gaol gairid aici leis an Ocsatáinis,[3] agus cuirtear san aon ghrúpa teangan iad mar theangaí OcsatánRómánsacha. Agus cainteoirí a bhfuil an Chatalóinis acu mar dhara teanga á gcur san áireamh, tá níos mó ná 10 milliún cainteoirí ag an teanga. Dá bharr sin, cé gur teanga mhionlaigh í, meastar go bhfuil níos mó cainteoirí ag an gCatalóinis ná atá ag a lán teangacha Eorpacha eile a bhfuil stádas lán-oifigiúil acu ina dtír féin agus san Aontas Eorpach, amhail an Danmhairgis, an tSualainnis agus an Fhionlainnis.

Foghareolaíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé go bhfuil roinnt canúintí le fáil sa Chatalóinis, baineann na tréithe foghareolaíochta seo a leanas léi go ginearálta:[4]

  • Codarsnacht idir /ɛ, e/ agus /ɔ, o/, rud a bhaineann le formhór na dteangaí Rómánsacha iartharacha, ach nach bhfuil le fáil sa Spáinnis ná i gcanúintí teangaí eile ar nós na Fraincise agus na hIodáilise.
  • Gan défhoghair a dhéanamh de na gutaí gearra ĕ, ŏ, a bhí sa Laidin, amhail an Ghailísis agus an Phortaingéilis, ach difriúil leis an bhFraincis, leis an Spáinnis agus leis an Iodáilis.
  • Roinnt défhoghair a bhfuil /w/ iontu, amhail an Ghailísis agus an Phortaingéilis. Mar shampla, peu (cos) [pɛw], rei (rí) [rej], taula (tábla, bord) ['tawlə], bou (dámh) [bɔw].

I gcomparáid le teangaí Rómánsacha eile, tá cuid mhaith focal aonsiollach ann sa Chatalóinis. Is féidir a lán consan a chur ag deireadh focail, agus is féidir focal a chríochnú le carn consan ina theannta sin. Lena chois sin, déantar bac-chonsain neamhghlórach ag deireadh focail sa Chatalóinis.

Tá seacht nguta aiceanta sa Chatalóinis, /a, ɛ, e, i, ɔ, o, u/, chomh maith leis an svea /ə/. Is féidir svea aiceanta a fháil i gCatalóinis na nOileán Bailéarach, agus bíonn easaontas canúnach ann mar gheall ar lagú gutaí agus láimhseáil na ngutaí /ɛ, e/.[5]

  1. Acadèmia Valenciana de la Llengua (9/2/2005). "Acord de l'Acadèmia Valenciana de la Llengua (AVL), adoptat en la reunió plenària del 9 de febrer del 2005, pel qual s'aprova el dictamen sobre els principis i criteris per a la defensa de la denominació i l'entitat del valencià" (Catalóinis) 52. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2015-09-23. Dáta rochtana: 11/01/2025.
  2. "Catalan language | History, Grammar & Dialects | Britannica" (Béarla). www.britannica.com (2024-12-20). Dáta rochtana: 10/01/2025.
  3. Xavier Lamuela. "La llengua occitana: caracterització i situació actual" (Catalóinis) 31. Dáta rochtana: 10/1/2025.
  4. Ferrater; et al. (1977). "Gran enciclopèdia catalana. 4: Buix - cept" (as Catalóinis) 4 (1977): 628–639. Barcelona: Edicions 62. 
  5. Max Wheeler (2005). "The phonology of Catalan" (as Béarla): 37-38. Oxford ; New York: Oxford University Press. 
An Chatalóinis
Vicipéid le fáil as An Chatalóinis freisin