Paróiste

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is ceantar riaracháin é an paróiste (Gaeilge na hAlban: parraist). Baineann eaglaisí Chríostúla úsáid as mar ceantar eaglasta atá faoi chúram sagairt.

Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is as an Ghréigis παρоικια a tháinig an focal trí Laidin paroechia, Sean-Fhraincis paroisse, agus Angla-Fhraincis parosse (1075) agus paroche (1292). Cialaíonn sé ceantardeoise ó na focail Gréigise παρά = in aice le agus οικος = teach. Ba téarma Heilléanaíoch é a chialaíonn lonnú i dtír iasachta, nó comhphobal lonnaitheoirí i dtaca leis na Giúdaigh i dtír iasachta. Cuireadh an téarma i bhfeidhm ar na chéad Chríostaithe (mar deoise) sa 3ú haois agus mar paróiste sa 4ú haois

Paróistí Eaglasta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is ceantar talún de chuid dheoise é an paróiste san Eaglais Chaitliceach Rómhánach, Eaglais Cheartchreidmheach an Oirthirsa, Eaglais na Sualainne agus sa Comaoin Anglacánach. De ghnáth déanann sé tagairt do na daoine sa théann go dtí an eaglais. Sna heaglaisí tá an paróiste faoi chúram sagairt, nó aireministir an pharóiste.

Eaglais Chaitliceach Rómhánach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níl ach sagart paróiste amháin ag gach paróiste san Eaglais Chaitliceach (i Stáit Aontaithe Mheiriceá tréadaí is ainm don sagart) agus an paróiste fá chúram. Is féidir sagairt chúnta bheith ag sagart an pharóiste. Tá an deoise roinnte ina chuid pharóistí agus eaglais pharóiste amháin ag gach aon pharóiste. Bíonn dhá nó trí eaglais ag na paróistí is mó, nó tugtar an t-ainm séipéal orthu. San Eaglais Chaitliceach Rómhánach tá paróistí náisiúnaigh le fáil freisin. Is do ghrúpa daoine le teanga amháin atá an paróiste bunaithe, mar shampla de réir inimirce lucht daoine as tír eile.

Eaglais Shasana[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí na paróistí atá i Sasana bunaithe ar shean-eastáit na hAngla-Shacsanach agus na Normannach. Is cúige í de chuid Chomaoin Anglacánach an Eaglais Shasana. Is féidir le Corónach, Easpag, coláiste, carthanascomhlacht reiligiúnach sagart a roghnú chun bheith i gceannas ar pharóiste.

Eaglais na hAlban[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é an paróiste an ceantar riaracháin is bunúsach san eaglais.