Deoise

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Cosúil le deoisí eile, tá ardeaglais ag Deoise na Róimhe, suíomh oifigiúil Easpag na Róimhe

I rialachas eaglaise, is í an deoiseoifig an easpaig an ceantar eaglasta faoi dhlínse easpaig . [1]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Deoisí na hImpireachta Rómhánaí, AD 400

Níos déanaí, tháinig athrú suntasach ar eagrú Impireacht na Róimhe. Rinneadh na cúigí a fhoroinnt agus ansin tháinig siad chun bheith bainteach in aonaid níos mó, an deoise (Laidin: dioecesis, ón téarma Gréigise διοίκησις, a chiallaíonn "riarachán").[2] Tugadh stádas dlíthiúil don Chríostaíocht i 313 le Forógra Milano (Laidin: Edictum Mediolanense). Thosaigh eaglaisí á n-eagrú féin ina ndeoisí bunaithe ar na ndeoisí sibhialta,[3] ní ar na ceantair impiriúla réigiúnacha is mó. Ba mhinic na deoisí seo a bheith níos lú ná na cúigí. Sa bhliain 380 A.D., d'fhógair Teodaisias I an iad Chríostaíocht ina reiligiún oifigiúil san Impireacht. Thug Constaintín I i 318 an ceart do dhlíthithe cásanna cúirte a aistriú ó na uathucúirteanna sibhialta chuig na heaspaig. [4] Caithfidh gur ar éigean a tháinig an scéal seo slán le linn aimsir Flavius Claudius Iulianus, 361–363. Ní chloistear faoi chúirteanna Easpaig arís san Oirthear go dtí 398 agus san Iarthar i 408. Bhí cáilíocht na gcúirteanna seo íseal, agus ní raibh siad saor ó amhras mar fuair Easpag Alecsandria Troas amach go raibh an chléir ag déanamh brabús truaillithe uathu. Mar sin féin, bhí an-tóir ar na cúirteanna seo mar go bhféadfadh daoine lucht ceartas tapa a fháil gan táillí a bheith ghearradh orthu. [5] Ní raibh aon pháirt ag Easpaig sa riarachán sibhialta go dtí gur chaill na comhairlí baile, ag dul in olcas, mórán údaráis do ghrúpa de ‘dhaoine suntasacha’ comhdhéanta de na comhairleoirí is saibhre, daoine cumhachtacha agus saibhre a bhí díolmhaithe go dlíthiúil ó bheith ag gníomhú ar na comhairlí, lucht an airm a bhí scortha, agus na easpaig, iar-AD 450. De réir mar a thit Impireacht an Iarthair sa 5ú haois, ghlac easpaig in Iarthar na hEorpa páirt níos mó den ról a bhí ag na n-iar-ghobharnóirí Rómhánacha. Tharla forbairt chomhchosúil, cé nach raibh an oiread céanna, san Oirthear, áit ar choinnigh an Impireacht Bhiosántach an fearas riaracháin Rómhánach den chuid is mó. Sa lá atá inniu ann, tá go leor deoise, cé gur foroinnt níos déanaí iad, tar éis teorainneacha rannán riaracháin na Róimhe a chaomhnú le fada an lá. Maidir leis an Gall, tá sé tugtha faoi deara ag Bruce Eagles "go raibh sé coitianta go leor sa bhFrainc le fada an lá gurb iad na deoisí meánaoiseacha, agus a gcomhphagi, comharbaí díreacha críochach na civitates Rómhánacha ."

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Webster's Encyclopedic Unabridged Dictionary of the English Language, 1989
  2. Doyle, Dennis M. (2016). "What is Christianity?". Paulist Press. 
  3. Bright, William (1860). "A History of the Church, from the Edict of Milan, A.D. 313, to the Council of Chalcedon, A.D. 451": 4. J.H. and Jas. Parker. 
  4. Bateman (January 17, 2018). "The Supreme 'Courts' of the Roman Empire: Constantine's Judicial Role for the Bishops". SSRN. doi:10.2139/ssrn.2938800. 
  5. A. H. M. Jones, Later Roman Empire, 1964, p. 480-481 ISBN 0-8018-3285-3