Paragua

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
República del Paraguay
Tetä Paraguáype
Bratach Paragua Armas Paragua
Bratach Armas
Mana: (Spáinnis) Paz y justicia
Amhrán náisiúnta: Paraguayos, República o Muerte
Suíomh Paragua
Príomhchathair Asunción
25°16′ Theas 57°40′ Thiar
An chathair is mó Asunción
Teangacha oifigiúla Spáinnis, Guaráinis[1]
Rialtas Poblacht
Horacio Cartes
Juan Atara
Neamhspleáchas
1811
Achar
 • San iomlán
 • Uisce (%)
 
406,750 km² (59ú)
2.3%
Daonra
 • Meas. ó 2005
 • Daonáireamh -
 • Dlús
 
6,158,000 (101ú)
-
15/km² (161ú)
OTI (PCC)
 • San iomlán
 • An duine
Meas. ó 2005
$30.9 billiún (94ú)
$4,900 (137ú)
Airgeadra Guaraní (PYG)
Crios ama
 • Samhradh (CSL)
(UTC-4)
(UTC-4)
Fearann Idirlín .py
Glaochód +595

Is tír i Meiriceá Theas í Paragua, nó Poblacht Pharagua (Spáinnis: República del Paraguay, Guaráinis: Tetä Paraguáype). Tá sí ag críochantaíocht leis an mBolaiv, leis an mBrasaíl agus leis an Airgintín. Is í Asunción an phríomhchathair. Tá 6 mhilliún duine ina gcónaí ann. Dála na Bolaive, níl aon chósta aici.

Tír dhátheangach atá ann, nó siúd is gurb í an Spáinnis an chéad teanga oifigiúil, is í an Ghuaráinis, teanga na mbundúchasach, is mó a labhraítear. Is í an Ghuaráinis caint na sráide sa phríomhchathair féin, agus í go líofa fiú ag sliocht na n-inimirceoirí ón Eoraip. Scéal eile, áfach, nach ndearnadh mórán saothrú ar an nGuaráinis riamh mar theanga liteartha, agus mar sin, is í an Spáinnis teanga na meán, na litríochta is an chultúir.

Stair[athraigh | edit source]

Is í Paragua an chéad tír i Meiriceá Theas a d'fhógair neamhspleáchas ar an Spáinn. Tháinig maithe agus móruaisle na tíre le chéile in Asunción ar an 14 Bealtaine 1811 le rialtas a cheapadh do Pharagua, agus ba é Fulgencio Yegros an chéad Uachtarán. Ar dtús, bhí ceannairí Pharagua báúil le gluaiseacht neamhspleáchais na hAirgintíne, ach, in imeacht ama, d'fhuaraigh an caidreamh idir an dá thír, ó nach raibh mórán muiníne acu as a chéile.

Ré an Dochtúra Francia[athraigh | edit source]

José Gaspar Rodríguez de Francia

Fágadh Paragua scartha scoite mar thír, agus deachtóirí anlathacha á rialú. Ba é José Gaspar Rodríguez Francia, nó "an Dochtúir Francia", an chéad deachtóir acu go léir. D'éirigh leis áitiú ar chomhthionól na bliana 1813 glacadh le bunreacht nua a tháinig óna pheann féin den chuid ba mhó. Agus an bunreacht seo i bhfeidhm, bhailigh sé iomlán na cumhachta chuige féin go sciobtha, agus sa bhliain 1816, bhí sé ábalta deachtóir a ghairm de féin go hoscailte is go hoifigiúil.

Mhair Francia i gceannas ar an tír go dtí an bhliain 1840. Choinnigh sé Paragua faoi dhiansmacht, agus níor cheadaigh sé freasúra ná easaontas d'aon chineál. Sa bhliain 1820, tháinig sé chun solais go raibh cuid mhór de scothaicme pholaitiúil na tíre sáite i gcomhcheilg leis an deachtóir a fheallmharú. D'imir Francia díoltas fuilteach ar lucht na comhcheilge, agus chuaigh an t-ollsmacht chun déine ina dhiaidh sin.

Chuir Francia srianta cúnga le gach caidreamh leis an saol mór lasmuigh de Pharagua. Ní raibh cead isteach ag na strainséirí, ná cead amach ag na Paraguaigh. Bhí na teorainneacha dúnta, agus an trádáil leis na tíortha coimhthíocha coiscthe go hiomlán, cé is moite de chupla áit a bhí ceaptha go speisialta chuige sin. Ní raibh, fiú, aon phósadh i bhfeidhm de réir an dlí, murar cuireadh an cleamhnas i gcead an deachtóra.

Ón taobh eile de, bhí Francia go tréan in aghaidh truailliú morálta agus breabaireacht de gach cineál. D'fhéach sé chuige go pearsanta go ndearnadh feabhas agus forbairt ar mhodhanna oibre na talmhaíochta. Bhí sé go hionraic ag iarraidh stát cumasach a dhéanamh de Pharagua. San am céanna, bhí an chuid ba mhó de na tíortha i Meiriceá Theas á streachailt as a chéile ag trioblóidí inmheánacha. Bhí cuid nár bheag de bhunadh Pharagua breá sásta leis an tsíocháin a choimeád an deachtóir sa tír.

Ré López[athraigh | edit source]

Sa bhliain 1840, cailleadh Francia, agus 74 bliana d'aois slánaithe aige. Ar feadh tamaill, bhí an tír ina cíor thuathail, ach ansin, d'éirigh le Carlos Antonio López agus Mariano Roque Alonso dul i gceannas ar Pharagua mar "chonsail". D'athbheoigh na ceannairí nua caidreamh na tíre leis an saol mór, agus shínigh siad conradh trádála leis an Airgintín.

Sa bhliain 1844, rinneadh Uachtarán de López. Bhí sé ag iarraidh caidreamh cairdiúil a chur ar bun leis na comharsana agus leis na mórchumhachtaí féin, nó shínigh sé conarthaí leis an mBreatain Mhór agus leis na Stáit Aontaithe. Bhunaigh sé iris oifigiúil don tír leis na cúrsaí riaracháin a dhéanamh ní b'oscailte, agus mhol sé do na mic léinn seal staidéir a chaitheamh thar lear.

Chabhraigh López le hUragua agus leis an mBrasaíl deireadh a chur le deachtóireacht Juan Manuel de Rosas san Airgintín. I ndiaidh an chogaidh, fuair Paragua aitheantas a neamhspleáchais ó cheannairí nua na hAirgintíne, aitheantas nár tháinig roimhe sin.

Cogadh na Trípháirtíochta[athraigh | edit source]

Mar sin féin, bhí cogadh millteanach i ndán do Pharagua leis na comharsana. Nuair a fuair López bás, tháinig a mhac, Francisco Solano López, i gcomharbas air. Ní raibh an cumas céanna taidhleoireachta ag an mac agus a bhí ag a athair, agus nuair a bhí an Bhrasaíl ag cur ladair i gcúrsaí inmheánacha Uragua, d'fhógair López óg nach raibh a leithéid ag teacht le sainleas Pharagua. Thosaigh sé ag cur treallchogaidh ar an mBrasaíl. Ansin, áfach, tharraing sé an Airgintín féin anuas air, toisc nach bhfuair sé cead fórsa sluaíochta a chur ag ionsaí na Brasaíle trasna thailte na hAirgintíne.

Tháinig drochdheireadh le pastaireacht López, nó chuaigh an Airgintín, an Bhrasaíl agus Uragua le chéile in Earrach na bliana 1865 le cogadh a chur ar Pharagua. Mhair an cogadh seo - Cogadh na Trípháirtíochta, nó La Guerra de la Triple Alianza - go dtí an bhliain 1870. Cé nach raibh seans ar bith ag na Paraguaigh, chuir siad ar a son go héadóchasach, agus chuaigh léirscrios uafásach ar an tír dá réir. In Eanáir na bliana 1869, shealbhaigh trúpaí na Trípháirtíochta an phríomhchathair, ach níor críochnaíodh an cogadh ach sa bhliain a bhí chugainn, nuair a bhásaigh López óg i machaire an áir i dtuaisceart na tíre.

An Tréimhse Iarchogaidh[athraigh | edit source]

I ndiaidh an chogaidh, d'fhan na Brasaíligh i seilbh na tíre ar feadh leathdhosaen de bhlianta, agus thit cuid mhór d'eacnamaíocht na tíre le lucht gnó iasachta. hOsclaíodh geataí na tíre d'inimirceoirí ón gcoigríoch, agus tháinig na mílte Iodálach isteach, mar a tháinig siad chun na hAirgintíne freisin.

Bhí síocháin inmheánach na tíre imithe i ndiaidh Chogadh na Trípháirtíochta, agus na deachtóirí ag teacht i gceannas ar an tír duine i ndiaidh a chéile. D'fhorbair dhá pháirtí polaitíochta, is é sin, na Liobrálaigh, ar a dtugtaí "na Gorma" (los Azules), agus na Coimeádaigh, is é sin, "na Dearga" (los Colorados). Ní raibh mórán úimléide ag baint leis an deighilt seo i ndáiríre, nó bhí tréithe pearsanta na gceannairí polaitiúla i bhfad ní ba tábhachtaí ná an idé-eolaíocht.

Ba iad na coimeádaigh a mhair ag rialú na tíre a raibh fágtha den naoú haois déag. Ní raibh siad in ann síocháin a chur ar bun sa tsochaí i bhfianaise an easaontais pholaitiúil a tharraingíodh trioblóidí agus foréigean anuas ar Pharagua.

Ba é Bernardo Caballero an chéad Uachtarán i ndiaidh Chogadh na Trípháirtíochta. Coimeádach a bhí ann, agus é ag díol tailte de chuid na tíre le hinfheisteoirí iasachta, beag beann ar na scológa bochta a raibh cónaí orthu ansin cheana. Chuir an polasaí seo go mór isteach ar na Liobrálaigh, agus sa bhliain 1890, d'éirigh siad amach in aghaidh Caballero. An ginearál a chloígh an cheannairc seo, Juan Baptista Egusquiza, thuig sé go raibh comhréiteach polaitiúil éigin ag teastáil leis na Liobrálaigh a thabhairt chun síochána. Nuair a bhain Egusquiza féin amach an Uachtaránacht, d'fhéach sé le maolú ar an deighilt pholaitiúil idir an dá pháirtí, agus shínigh sé Conradh Náisiúnta le cuid de na ceannairí Liobrálacha. Tríd is tríd, áfach, níor éirigh le mo dhuine an scoilt a leigheas. A mhalairt ar fad, chuir sé tús le deighilt eile idir iad siúd a bhí báúil leis an gconradh náisiúnta agus iad siúd a bhí ina aghaidh.

Sa bhliain 1904, tháinig na Liobrálaigh chun cumhachta faoi dheireadh. B'é Manuel Gondra an chéad Uachtarán Liobrálach. Bhí sé meáite ar an daonlathas a fhorbairt sa tír, agus chuir sé deireadh leis an dóigh a rabhthas ag díol tailte Pharagua le mórúinéirí coimhthíocha, go háirithe Airgintíneacha. Na huachtaráin a tháinig i gcomharbas ar Gondra, áfach, ní raibh siad leath chomh fóinteach céanna.

Cogadh Chaco[athraigh | edit source]

Gran Chaco - Paragua

Sa bhliain 1932, phléasc cogadh nua amach. Ba í an Bholaiv an namhaid, nó bhí na Bolavaigh ag santú Gran Chaco, machaire ar bheagán áitribh idir an dá thír. Bhí sé ina scéal reatha go raibh artola in ithir Chaco, rud a chuir go mór mór le fonn cogaidh an dá thaobh. Mhair fórsaí armtha an dá thír ag marú a chéile go dtí an bhliain 1935, nuair a tháinig an sos cogaidh i bhfeidhm. Socraíodh an tsíocháin trí bliana ina dhiaidh sin, agus ba í Paragua a fuair an chuid ba mhó den limistéar a bhí ina chnámh spairne. Go dtí an lá atá inniu ann, áfach, níor baineadh oiread is braon amháin artola as Chaco.

I ndiaidh an Chogaidh[athraigh | edit source]

Chuir an cogadh deireadh le caithréim na nAzules Liobrálacha i bpolaitíocht Pharagua. Ba é an Coirnéal Rafael Franco, laoch de chuid Chogadh Chaco, a ruaig an tUachtarán Eusebio Ayala as oifig le dul i gceann na gcúrsaí é féin. Duine neamhpholaitiúil a bhí i bhFranco, agus dealraíonn sé go raibh sé go hionraic ag iarraidh an tír a fhorbairt is a fheabhsú. Thug sé aitheantas oifigiúil do na ceardchumainn, agus thosaigh sé ag roinnt tailte ar na scológa bochta.

Ní raibh fad saoil i ndán do rialtas Franco, áfach. Chaill seisean agus lucht a leanúna an chumhacht i ndiaidh bliain go leith, agus tháinig drong mhíleata eile ina n-áit. Sa bhliain 1939, áfach, cuireadh críoch leis an rialtas seo féin.

Ba é José Félix Estigarribia a chuaigh i gceannas ar an tír anois. Bhí seisean cosúil le Rafael Franco ina dhearcadh ar chúrsaí na tíre, agus é den bharúil gur chóir leanúint ar aghaidh leis na leasuithe sóisialta ar chuir Franco tús leo. Bliain amháin i ndiaidh a choup d'état féin, áfach, cailleadh Estigarribia i dtimpiste eitleáin, agus ba é a Aire Cogaidh, Higinio Morínigo, a tháinig i gcomharbas air.

Coimeádach a bhí i Morínigo, agus é ina dheachtóir den chineál is minicí a shamhlaítear le Meiriceá Theas. Chaith sé cuid mhaith easaontóirí i dtóin an phríosúin, agus an chuid eile ag éalú as an tír i mbéal na séibe. D'fhan Morínigo ina dheachtóir go ceann ocht mbliana, agus é ag iarraidh an dá thrá a fhreastal sa Dara Cogadh Domhanda. Ó thaobh amháin de, d'fhógair Morínigo cogadh ar an nGearmáin le hairgead agus cuidiú a mhealladh ó na Stáit Aontaithe. Ón taobh eile, bhí sé ag coinneáil dlúthchaidrimh leis an Airgintín, cé go raibh rialtas na tíre sin an-bháúil leis an nGearmáin. I ndiaidh an chogaidh, d'fháiltigh Morínigo roimh chuid mhaith iar-Naitsithe mar lucht inimirce.

Sa bhliain 1947, tháinig freasúra Pharagua le chéile agus d'éirigh siad amach in aghaidh Morínigo. Ní raibh rath ar an iarracht seo, ach sa bhliain dár gcionn, bhain a pháirtí féin - na Colorados choimeádacha - an chumhacht den deachtóir. Ansin, tháinig uachtarán i ndiaidh a chéile as measc na gColorados, ach ba é Federico Chaves an t-aon duine amháin acu a bhí in ann an chumhacht a choinneáil aige féin.

Deachtóir cosúil le Morínigo ab ea Chaves, ach nuair a chaill seisean an chumhacht sa bhliain 1954, ba é deachtóir na ndeachtóirí a tháinig ina áit - Alfredo Stroessner.

Ré fhada Stroessner[athraigh | edit source]

Mac le hinimirceoir ón nGearmáin a bhí in Alfredo Stroessner, agus é ina shaighdiúir ó bhí sé sé bliana déag d'aois. Bhí bliain agus dhá scór slánaithe aige, nuair a bhain sé an chumhacht de Chaves sa bhliain 1954. Chuir sé bun leis an dara deachtóireacht is fadsaolaí i stair Mheiriceá Theas, nó bhí sé ag rialú Pharagua go dtí an bhliain 1989.

Alfredo Stroessner ar stampa poist

Chuir Stroessner staid éigeandála i bhfeidhm ar an tír. Ba é an leagan oifigiúil den scéal go raibh an daonlathas ann i gcónaí, ach amháin go raibh na cearta sibhialta curtha ar fionraí. Chuirtí an éigeandáil ar ceal ar na laethanta toghchán le craiceann na hinchreidteachta a choinneáil ar an bhficsean seo. Thairis sin, bhí dhá pháirtí eile seachas na Colorados ar an bparlaimint, ach má bhí féin, bhí an bunreacht cóirithe lena chinntiú nach bhfaighfeadh ach na Colorados tromlach na suíochán. Bhí an dá pháirtí freasúra sásta comhoibriú leis na Colorados an chuid ba mhó den am, nó ní chuirfeadh Stroessner suas le haon fhíor-fhreasúra. Bhí géarleanúint chruálach á déanamh ar na heasaontóirí polaitiúla, agus d'imigh cuid mhór acu as an tír le teacht slán ó lámh thapaidh na bpóilíní rúnda.

Ó thaobh na heacnamaíochta de, bhí an saol ag éirí cuíosach maith le Paragua, buíochas leis an smuigléireacht a bhí ina slí bheatha ag an tír go léir. D'fhéadfá gach sórt a cheannach i bParagua saor ó cháin, ó chustam agus ó dhleacht, agus muintir na hAirgintíne ag tonnadh isteach, abair, le gléasra leictreonaice a cheannach ar sladmhargadh.

Lena cheart a thabhairt dó, ní raibh an deachtóir ag diomailt an státchíste, nó b'fhearr leis bóithre a ghearradh agus scéimeanna fónta tógála eile a chur i gcrích. Mar sin, bhí cuid mhór de mhuintir Pharagua báúil leis, i ndiaidh an iomláin.

Sna hochtóidí, tháinig meath ar an Aontas Sóivéadach agus ar an mbagairt Chumannach a bhí mar shiocair ag Stroessner leis an éigeandáil a choinneáil i bhfeidhm. Mar sin, tháinig fórsaí an fhreasúra le chéile, agus páirtí na gColorados féin ag dul chun cearmansaíochta ar an deachtóir. Ní raibh an rialtas in ann ach an freasúra a ionsaí agus a smachtú le lámh láidir, cleas nach raibh ag obair go rómhaith a thuilleadh. I Mí Feabhra, 1987, d'ionsaigh na póilíní cruinniú freasúra le deoirghás gan aird a thabhairt air go raibh ambasadóir na Stát Aontaithe i láthair. Tharraing an eachtra seo na seantithe anuas ar Stroessner, nó d'iompaigh rialtas na Stát Aontaithe ina choinne, agus bagraíodh baghcat ar an tír.

Filleadh an Daonlathais[athraigh | edit source]

Asunción

I ndiaidh an toghcháin dheireanaigh inar vótáladh Stroessner isteach, chinn na fórsaí armtha agus na Colorados an deachtóir a chur as oifig faoi dheoidh. Ar an tríú lá de Mhí Feabhra, 1989, chuir an Ginearál Andrés Rodríguez deireadh le tréimhse Stroessner le lámh láidir. Dhíbir sé an deachtóir go dtí an Bhrasaíl, agus chóirigh sé toghcháin nua Uachtaránachta faoi dheifir.

Ní raibh fórsaí an fhreasúra in ann aon iarrthóir amháin a chur chun tosaigh, agus ba é Rodríguez a ghnóthaigh an báire. Má ghnóthaigh, áfach, níor chuir sé deachtóireacht nua ar bun. Tháinig deireadh lena ré sa bhliain 1993, d'éirigh sé as mar ba chóir, agus d'fhág sé oifig an Uachtaráin go múinte béasach ag Juan Carlos Wasmosy a bhuaigh an chéad toghchán eile. Ón lá sin i leith, is féidir a rá go bhfuil an daonlathas ag oibriú i bParagua, cé go raibh géarchéimeanna ann ina dhiaidh sin féin, go háirithe sa bhliain 1996 agus i rith na mblianta 1998-1999.

Sa bhliain 1996, rinne an Ginearál Lino Oviedo iarracht an chumhacht a shealbhú le lámh láidir. Theip air tacaíocht na bhfórsaí armtha a fháil, áfach, agus sa deireadh, caitheadh i dtóin an phríosúin é. Bhí Oviedo ceaptha roimhe sin mar iarrthóir do na Colorados le haghaidh thoghchán Uachtaránachta na bliana 1998, ach anois, ba é a sheanchara Raúl Cubas Grau a tháinig ina áit. Vótáladh isteach é freisin, agus ina Uachtarán dó, scaoil sé Oviedo saor ón bpríosún. Ansin, áfach, d'fhógair an Ard-Chúirt nach raibh de chead aige a leithéid a dhéanamh, de réir an bhunreachta, agus d'éiligh ar an Rialtas Oviedo a chimiú arís. Dhiúltaigh Cubas an t-ordú seo a chomhlíonadh, agus ansin, dúnmharaíodh Luis María Argana, tánaiste an Uachtaráin, a bhí ag cur in aghaidh Oviedo. Chreid an chuid ba mhó de na Paraguaigh gurbh iad Cubas agus Oviedo a chóirigh an dúnmharú, agus chuir an pharlaimint an dlí ar an Uachtarán. Nuair a bhí an chuma ag teacht ar an scéal go dtáinseofaí é, d'éirigh Cubas as an Uachtaránacht as a stuaim féin i ndeireadh Mhí na Márta 1999 agus chuaigh ar deoraíocht go dtí an Bhrasaíl. Go dtí an Airgintín a d'éalaigh a chara, Oviedo. Ceapadh Ceann Comhairle an tSeanaid Luis González Macchi ina Uachtarán, agus le cuidiú comhrialtas nua, bhí sé in ann an tír a thabhairt chun suaimhnis arís.[2]

Cultúr Pharagua[athraigh | edit source]

Meascán cothrom dhá chultúr - cultúr na Spáinne agus cultúr na mbundúchasach - is ea cultúr Pharagua, cosúil leis an dóigh a bhfuil muintir Pharagua fáiscthe as dhá chine, agus an dá theanga, Spáinnis agus Guaráinis, á labhairt ag an gcuid is mó de na daoine. Is é an béarlagair úd Jopara (nó Yopará, de réir litriú na Spáinnise) caint na sráide: meascán Spáinnise agus Guaráinise atá ann.

Bíonn gnéithe den mheascán sin le haithint ar chultúr na tíre ar fad - idir bhróidnéireacht, cheol, agus chócaireacht. Bíonn an casabhach (mandioca, mar a thugtar air go háitiúil) an-choitianta i mbia Pharagua.

Maidir leis an gceol, is dócha gurb iad na hamhráin Ghuaráinise - purahéi - an seánra is tábhachtaí. Is gnách na hamhráin a rá as Guaráinis nó i meascán an dá theanga, agus is minic a phléitear cuimhní na gcogaí sna hamhráin. Is dócha gurbh é Emiliano R. Fernández, nó Emilianoré (1894-1949) an t-amhránaí purahéi ba mhó le rá dá raibh ann riamh. Chum sé idir amhráin chogaidh agus amhráin ghrá, agus iad i mbéal an phobail sa tír i gcónaí. Cé gurb í an Ghuaráinis an teanga, is gnách purahéi a sheinm ar ionstraim Spáinneach, - an giotár. Uirlis cheoil thábhachtach eile í an chláirseach, agus tháinig sí ón Eoraip chomh maith leis an ngiotár.

Níl an oiread scríbhneoirí maithe i bParagua agus i dtíortha eile i Meiriceá Theas, ach mar sin, áirítear Augusto Roa Bastos (1917-2005) ar scríbhneoirí móra na hilchríche go léir. B'é an leabhar ba tábhachtaí a tháinig óna pheann ná an t-úrscéal stairiúil Yo el Supremo - "Mise an tArdcheannasaí". Cur síos ficseanúil a bhí ann ar an Dochtúir Francia. Ba dóbair nár thuill an t-úrscéal seo duais Nobel don scríbhneoir.

Is í an fhadhb mhór a bhíonn ag luí ar na scríbhneoirí Paraguacha nach féidir leo scríobh sa teanga is fearr a labhraíonn siad - an Ghuaráinis. Ní dhearnadh mórán forbartha uirthi mar theanga scríofa ná chultúrtha riamh, agus caithfear a lán Spáinnise a mheascadh tríthi le trácht a dhéanamh ar na cúrsaí comhaimseartha. Teanga labhartha í thar aon rud eile. Ón taobh eile de, bíonn blas an pháipéir agus na gcaipéisí oifigiúla ar an Spáinnis i bParagua, nó is as Guaráinis a insítear na scéalta magaidh - is í an Ghuaráinis teanga an bhéaloidis ar fad.

Baineadh an chorrthriail as Guaráinis agus as Yopará mar theangacha scríofa, chomh maith. Mar sin féin, is minic nach mbíonn na Paraguaigh ábalta a dteanga dhúchais a léamh ná a bhreacadh síos. Is í an Spáinnis teanga na nuachtán, ach d'fheicfeá corrcholún Guaráinise anseo agus ansiúd.


Tagairtí[athraigh | edit source]


Tíortha Mheiriceá Theas
Airgintín, an | Bholaiv, an | Bhrasaíl, an | Cholóim, an | Eacuadór | Ghuáin, an | Paragua | Peiriú | tSile, an | Suranam | Uragua | Veiniséala