An Ghuaráinis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaAn Ghuaráinis
Avañe'ẽ
Cineálteanga, macraitheanga agus teanga bheo
Úsáid
Dúchasach doGuaránaigh
StáitParagua, an Bholaiv, an Airgintín, Peiriú agus an Bhrasaíl
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teanga bhundúchasach
teangacha bundúchasacha de chuid Chríocha Mheiriceá
teangacha Túpacha
teangacha Túpacha-Guaránacha
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir Laidineach
Institiúid caighdeánaitheAcadamh na Guaráinise
Cóid
ISO 639-1gn
ISO 639-2grn
ISO 639-3grn
Glottologtupi1282
Ethnologuegrn
IETFgn

Is teanga í an Ghuaráinis (Guaraní a thugtar uirthi as Spáinnis, ach is é avañe'ẽ an téarma a úsáidtear sa Ghuaráinis féin), a labhraítear i Meiriceá Theas. Ceann de na teangacha Tupi í, agus aicmítear san fhoghrúpa Tupi-Ghuaraní í. Tá stádas oifigiúil aici i bParagua, agus í ó dhúchas ag formhór mhuintir na tíre sin. Labhraítear sna tíortha eile timpeall ar Pharagua í fosta, agus aitheantas oifigiúil aici mar dhara teanga oifigiúil i gcúigí Corrientes agus Misiones san Airgintín. Ceann de theangacha oifigiúla Chómhargadh na Coirceoige Theas í freisin. Is é Cómhargadh na Coirceoige Theas, nó MERCOSUR, an cómhargadh eacnamaíochta a bhunaigh an Bhrasaíl, Paragua, Uragua, agus an Airgintín sa bhliain 1991. Ñemby Ñemuha an t-ainm Guaráinise ar an eagraíocht idirnáisiúnta seo.

Is í an Ghuaráinis an t-aon teanga bhundúchasach amháin i Meiriceá Theas a chuaigh in úsáid go forleathan i measc na neamh-bhundúchasach. An chuid is mó de na teangacha bundúchasacha tá siad ag géilleadh do na teangacha móra a tháinig ón Eoraip, is é sin, an Spáinnis agus an Phortaingéilis. Ba iad na hÍosánaigh a choinnigh an teanga beo thar na céadta bliain, nó bhí siad breá sásta a gcuid seanmóireachta a dhéanamh i nGuaráinis. Ba é an tÍosánach Antonio Ruiz de Montoya (1585-1652) a chuir tús le taighde teangeolaíoch na teanga lena leabhar Tesoro de la lengua guaraní ("Stórchiste na Guaráinise"), agus tuiscint íogair aige do dheacrachtaí na teanga. Bhí an-ghrá ag an Athair Antonio don teanga, agus dúirt sé go raibh an Ghuaráinis "chomh flúirseach, chomh hálainn, agus go raibh sí inchomórtais le rogha teangacha an domhain".

De ghnáth, glactar leis gurb ionann an Ghuaráinis agus teanga oifigiúil Pharagua. Tá canúintí eile ann, agus is féidir a rá go bhfuil contanóid nó slabhra canúintí ann. Na canúintí a labhraíonn dreamanna beaga bundúchasacha, ar nós chanúintí Aché agus Mbya, bíonn siad difriúil go maith le caint na sráide sna cathracha Paraguacha, ach ar ndóigh tá Guaráinis na gcathracha breac le focail iasachta ón Spáinnis a bhíonn de dhíth le cur síos a thabhairt ar an saol nua-aimseartha. Ón taobh eile de, is follas gur choinnigh na canúintí bundúchasacha a lán seantéarmaí a bhaineann leis an saol traidisiúnta.

Ar dtús bhunaigh na hÍosánaigh cineál tearmainn nó reducciones mar a thugtar orthu as Spáinnis le haghaidh na mbundúchasach. Dialathas Caitliceach a bhí i réim sna tearmainn seo, agus an Chríostaíocht á craobhscaoileadh trí mheán na Guaráinise. Bhí na hÍosánaigh dian ag iarraidh na bundúchasaigh a iompú chun Caitliceachais, ach san am sin bhí siad ionraic ag iarraidh a gcuid paróisteánach a chosaint ar an muintir a tháinig isteach ón Eoraip agus nach raibh meas an mhadra acu ar bhunadh an Oileáin Úir. Nuair a bunaíodh Paragua mar stát neamhspleách, baineadh a sean-sainchearta de na hÍosánaigh, ach mar sin féin, mhair an teanga beo, nó bhí deachtóirí Pharagua dírithe ar an tír a choinneáil chomh scoite ón saol mór agus ab fhéidir, rud a chuidigh leis an teanga teacht slán.

An córas scríbhneoireachta a úsáidtear, freagraíonn sé go maith d'fhuaimeanna na Guaráinise, ach bíonn sé deacair na litreacha speisialta a chlóscríobh. Bíonn an tilde (~) le feiceáil go minic sa Ghuaráinis scríofa. Nuair a chuirtear os cionn an "n" é, is ionann é agus an litir chéanna sa Spáinnis, is é sin, an n caol: Ñ/ñ. (Fuaimnítear an litir seo cosúil leis an "nn" san fhocal Gaeilge "Spáinnis".) Má chuirtear os cionn na litreach guta é, is é is ciall leis ná gur guta srónach faoi bhéim atá ann (ã, ẽ, ĩ, õ, ũ, ỹ). (An guta a scríobhtar leis an y, tá sé cosúil le "ao" na Gaeilge san fhocal "saol"; is é an leagan srónach den ghuta seo an fhuaim is neamhghnáiche sa teanga.) Má chuirtear an tilde os cionn an g, gheofar an litir a fhuaimnítear cosúil le "ng" an Bhéarla agus na Gaeilge: G̃/g̃. Litir é seo nach bhfuil in úsáid in aon teanga eile, agus ní ceann de na litreacha réamhchumtha é sa chóras úd Unicode féin.

Ní mharcáiltear ach na gutaí srónacha faoi bhéim. Is é sin, is é an guta faoin tilde a bheidh faoi bhéim. Na gutaí neamhshrónacha atá faoi bhéim, cuirtear an agúid (síneadh fada na Gaeilge, nó accent aigu na Fraincise) os a gcionn. Mura bhfuil aon ghuta san fhocal marcáilte, is é an guta deireanach a bheidh faoi bhéim.

Imríonn na gutaí srónacha tionchar ar na consain a thugann rompu. Mar sin, is minic a chuirtear srónaíl éigin leis an gconsan sin, ionas go ndéantar "mb" nó "m" den "b", mar shampla.

Fuaimnítear an litir "j" cosúil leis an mBéarla, nó cosúil le "d" caol na Gaeilge (bíonn an fuaimniú éagsúil ag na cainteoirí difriúla, agus é ag brath ar an gcanúint freisin).

Tá an teanga saibhir i míreanna gramadúla, ionas gur féidir a rá gur teanga iltáite nó teanga pholaisintéiseach í, cosúil lena lán teangacha san Oileán Úr. Níl inscne ghramadúil sa ghlan-Ghuaráinis, ach is minic a chluinfeá hailt dheimhneacha na Spáinnise - "la" agus "le" - sa ghnáthchaint, de thoradh shíortheagmháil an dá theanga i saol Pharagua.

Focail a tháinig ón nGuaráinis iad piorána (an t-iasc ar chuala an domhan iomrá ar a fhiacla géara) agus iaguar (cat mór Mheiriceá Theas).

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]