Iaguar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoIaguar
Panthera onca Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Taifead
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Tréimhse iompair99 laethanta Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse saoil is faide28 bliain Cuir in eagar ar Wikidata
Mais800 g (meáchan breithe) Cuir in eagar ar Wikidata
Meánlíon in ál2 Cuir in eagar ar Wikidata
Stádas caomhnaithe
Speiceas beagnach faoi bhagairt
UICN15953 Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamChordata
AicmeMammalia
OrdCarnivora
FineFelidae
GéineasPanthera
SpeiceasPanthera onca Cuir in eagar ar Wikidata
(Linnaeus, 1758)
Ainmníocht
An chéad ainm Laidine a bhí airFelis onca Cuir in eagar ar Wikidata
Léarscáil de raon an tacsóin

Cuir in eagar ar Wikidata

Cat mór é an t-iaguar[1] (Panthera onca) agus é coitianta i Meiriceá Theas i gcónaí, cé go bhfuil líon na n-iaguar ag dul i laghad inniu. Níl ach dornán acu fágtha sna Stáit Aontaithe, taobh soir ó dheas de Tucson, Arizona, ach sroicheann raon na n-iaguar sa chuid eile de Mheiriceá ó Mheicsiceo go tuaisceart na hAirgintíne. Is é an t-iaguar an féilíneach is mó san Oileán Úr, agus ar an tríú cineál is mó de na féilínigh ar fud an domhain, nó is iad an tíogar agus an leon an dá speiceas is mó.

Breathnaíonn an t-iaguar cosúil leis an liopard, ach is é an tíogar is cosúla leis ó thaobh na hiompraíochta agus na ngnáthóg de. Foraoiseanna dlútha báistí is mó a thaitníonn leis, ach is féidir leis maireachtáil i bhforaoisí de chineál eile agus i dtír-raon oscailte féin. Snámhaí maith é agus é ag tarraingt ar an áit a bhfuil an t-uisce. Tá gialla láidre aige - níos láidre ná ag na cait mhóra eile - agus é in ann cloigeann an ainmhí creiche a bhascadh trí ghreim a bhaint as.

Bhí páirt thábhachtach ag an iaguar i miotaseolaíocht na sibhialtachtaí bundúchasacha i Meiriceá Theas. Chreid na Máigigh go raibh iaguar neamhshaolta ag cosaint an rítheaghlaigh ar na naimhde, agus shíl siad freisin go raibh baint ag an iaguar leis an saol eile, le saol na marbh. Na Máigigh agus na hAstacaigh araon, d'aithin siad siombail an agus an churaidh san iaguar, agus bhí scothaicme farairí nó saighdiúirí ag na hAstacaigh a thugadh "na hiaguar-laochra" orthu féin.

Ba é an t-iaguar tótam-ainmhí an dé úd Tezcatlipoca i reiligiún na nAstacach freisin, is é sin, bhí baint neamhshaolta nó comhchosúlacht éigin ag an ainmhí leis an dia seo. Bhí cultas an iaguair tábhachtach i measc na dtreibheanna sna hAindéis freisin, áit a bhfuil Peiriú inniu.

Tháinig ainm an iaguair ón nGuaráinis nó ó theanga eile de chuid na fine Tupi-Guaraní. Is minic a thugtar el tigre - tíogar - ar an iaguar i dtíortha Mheiriceá Theas.

Bíonn an t-iaguar idir 56 agus 96 chileagram ar meáchan, de ghnách, cé go bhfuil iaguar fireann ar taifead a bhí 160 kg ar meáchan, agus is féidir teacht ar iaguair bhaineanna is lú ná seo. Bíonn an baineannach 10-20 % níos lú ná an fireannach. Bíonn an t-iaguar ag dul i méid ó dheas, agus na hiaguair choille níos mó ná na hiaguair mhachaire.

Bíonn fionnadh an iaguair buí, flannbhui nó dearg, agus é lán spotaí dubha ar dhéanamh fáinne. Bíonn spotaí beaga taobh istigh de na fáinní seo, agus is ar na spotaí sin is fusa an t-iaguar a aithint thar an liopard. Bíonn iaguair dhubha ann freisin, ach an té ar féidir leis súil cheart a chaitheamh ar fhionnadh an iaguair dhuibh aithneoidh sé go mbíonn fáinní agus spotaí ar an gcineál sin iaguair freisin. Iaguair dhubha iad sé faoin gcéad de na hiaguair go léir, nó iaguar amháin as gach seacht gceann déag.

Nuair a shroichfidh an t-iaguar baineannach aois an dá bhliain, beidh sí in ann ál a bhreith. Tógann sé ceithre bliana ar na cinn fhireanna teacht in inmhe coimpeartha. Síltear go mbíonn na hiaguair ag cúpláil fud fad na bliana, agus nach bhfuil séasúr cúplála ar leith acu.

Is iad na hiaguair bhaineanna a thógann an t-ál, agus má thagann an fireannach in aon neasacht do na coileáin, cuirfidh an baineannach ruaigeadh air, nó is iomaí iaguar fireann a d'ith an t-ál nuair a bhí an seans aige. Ní bhíonn caidreamh ar bith ag an bhfireannach leis an mbaineannach i ndiaidh na coimpeartha - go bunúsach ní theastaíonn an fireannach ón mbaineannach ach amháin lena chuid síl a scaoileadh. Bíonn an t-iaguar baineann ag iompar clainne ar feadh 93-105 lá, is é sin, trí mhí, nó trí mhí go leith.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “Panthera onca” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.